We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ar cuairt go RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara agus crann nua curtha aici. Sa ghrianghraf léi tá Gearóid Mac Donncha agus a fear céile Brian McEnery

Níl sé éasca an Ghaeilge bheith ina teanga oibre san Áras - ach tá an aisfhreagra 'dearfach'

Thug Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a céad agallamh suntasach ó insealbhaíodh í do RTÉ Ráidió na Gaeltachta.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here) 

“NÍL SÉ ÉASCA.” Ba sin a d’admhaigh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly agus í ag tagairt dá ngeallúint feachtais go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre in Áras an Uachtaráin le linn a téarma le linn agallaimh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.

Ag labhairt di ar Adhmhaidin agus í ar a céad chuairt oifigiúil go Conamara ó toghadh í, thagair an tUachtarán Connolly don ngeallúint a rinne sí le linn a feachtais go mbeadh an Ghaeilge mar aon le hábhair eile ar nós a ról mar cheannasaí Óglaigh na hÉireann(na fórsaí cosanta) agus cá mbeadh sí ag caitheamh a céad Nollaig mar Uachtarán.

“Tá sé deacair, níl sé éasca ach níl aon rud éasca don saol seo agus sin iad na dúshláin atá os ár gcomhair agus dul i ngleic le na dúshláin sin i mbealach dearfach agus le hacmhainn ghrinn más féidir agus tá acmhainn grinn ag teastáil go géar ó thaobh na Gaeilge de,” dúirt sí.

Thug an tUachtarán Connolly le fios go raibh dul chun cinn á dhéanamh ar an gceist agus go raibh “aisfhreagra dearfach” á fháil aici.

“Tá tús curtha agam leis an turas sin agus ní mór dom a rá go bhfuil an t-aisfhreagra atá faighte agam dearfach, an t-aisfhreagra atá faighte agam go hoifigiúil ó thaobh na Gaeilge de ag gach ócáid agus ag gach óráid.

“Tá mo dhícheall déanta agam agus ag an fhoireann an Ghaeilge a úsáid, ní mar chúpla focal, ní mar aistriúchán ach chun na teachtaireachtaí is láidre agus na teachtaireachtaí tábhachtach a chur in iúl.”

Dúirt sí freisin go raibh duine beagnach fostaithe aici maidir le comhairle a chuir uirthi maidir leis an nGaeilge agus an tréith ba mhó a bhí suim aici ann ná go mbeadh meon dearfach ag daoine i leith na Gaeilge.

Dúirt sí freisin gur thar n-ais cois Cladaigh sa Ghaillimh a bheith sí féin agus a teaghlach ag caitheamh na Nollag de bharr go bhfuil obair athchóirithe ar bun ag Áras an Uachtaráin.

“Ba mhaith liom dul ar ais agus b’fhéidir snámh a dhéanamh san fharraige agus mo chos a chur ar an talamh agus machnamh a dhéanamh,” dúirt sí.

Ag freagairt ceiste faoina ról mar cheannaire ar na bhfórsaí cosanta agus an ghá a bheadh le breis acmhainní, dúirt an tUachtarán Connolly go raibh ról aici mar cheannaire ach gur bhain ceisteanna maidir le polasaí agus acmhainní leis an Rialtas.

Dúirt sí, áfach, go raibh geallúint tugtha aici le linn a feachtais go n-úsáidfeadh sí a glór ‘ar son na síochána’ agus leag sí béim gur ‘fórsaí cosanta, ní arm’ atá i gceist.

“Is dóigh nach bhfuil an dara rogha agamsa nó ag cosmhuintir na tíre ach na guthanna a úsáid níl aon rud le canúint agat leis an mbóthar sin agus tá de dhualgas ormsa agus oraibhse é a dhéanamh freisin.”

Dúirt sí go raibh dualgas bunreachtúil ann tadhlóireacht a úsáid chun coimhlintí a réiteach. “Tá sé leagtha amach sa Bhunreacht go rachaimíd ar bhóthar na síochána chun cogaí a réiteach,” dúirt sí.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds