We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

'Maslú sin ar an rud is ealaín ann': frithtonn faoi chomórtas intleachta saorga an Údaráis

Chosain Údarás na Gaeltachta a gcinneadh an comórtas a chur ar siúl.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ ÚDARÁS NA Gaeltachta tar éis frithfhreagairt a tharraingt orthu féin mar gheall ar chomórtas a bhunaigh siad, a iarann ar rannpháirtithe uirlisí intleachta saorga (IS) a úsáid chun físeáin ‘chruthaitheacha’ a dhéanamh.

D’fhógair an gníomhaireacht rialtais an comórtas ar na meáin shóisialta agus chruthaigh siad físeán le IS.

Thaispeántar cúpla radharc éagsúla sa físeán cosúil le hiasc atá ag canadh isteach i micreafón – a athraíonn níos deireanaí sa radharc ó bhonn ina duine daonna – agus banna ceoil iomlán K-pop eile ag ceol agus ag damhsa ar thrá éigin in Éirinn.

Dúirt Údarás na Gaeltachta gur theanga bheo í an Ghaeilge agus go bhfuil an intleacht shaorga ag oscailt doirse nua don Ghaeilge sa scannánaíocht.

Iarrtar ar rannpháirtithe cur isteach ar an gcomórtas roimh 16 Eanáir agus tá duais  €6000 euro ar fáil don té a bhuafaidh an comórtas. 

The Journal / YouTube

 “Ní dóigh liom gurb é seo an áit ba cheart go mbeadh cistí a leitadháileadh. Ní thiocfaidh aon rud as ach slata tionscadal faoi bhunchaighdeán a thagann ó raiméis leanúnach ar éagsúlachtaí de thaispeántais scríofa go dtí go bhfaigheann tú rud inúsáidte, le meascán de phíosaí agus gan aon chomhthionól nó cruthaitheacht íosta,” a dúirt úsáideoir amháin.

“Tá sé seo chomh maslach iarraidh ar dhaoine IS a úsáid nuair is náisiún chomh cruthaitheach agus ealaíonta muid. Tá mé ar buile le Rialtas na hÉireann faoi seo. Íoc le healaíontóirí Éireannacha,” a dúirt duine eile.

Dúirt duine éigin eile: “Na daoine a bhfuil cúram dáiríre acu agus a bhfuil tuiscint acu faoi na féidearthachtaí atá ann le scannánaíocht, ní bhainfidh siad úsáid as IS. Níl eagla orthu roimh obair chrua agus tabharfaidh siad a gcuid oibre go háit eile a léiríonn meas ar a gcuid ama, scileanna agus iarracht mar ealaíontóirí. Tá sé seo fíor-thromchúiseach ón Údarás.”

Deir an scríbhneoir agus aistritheoir Eoin McEvoy, a oibríonn trí mheán na Gaeilge, nach bhfuil sé ag iarraidh caitheamh rómhór ar Údarás na Gaeltachta, ach síleann sé nach ndéanann an físeán é féin ciall agus go bhfuil sé “áiféiseach”. 

“An radharc sin leis an iasc i mbun amhránaíochta – is masla é sin ar an rud is ealaín ann agus léiríonn sé a laghad sin tuisceanta faoi phróiseas cruthaitheach na n-ealaíontóirí faoi cad is fiú d’ealaín a bheith ann.”

Tá 80 ealaíontóir mar bhall den chomharghrúpa Aerach Aiteach Gaelach agus i ráiteas a foilsíodh ar líne, mhol coiste an ghrúpa d’ealaíontóirí gan chur isteach ar an gcomórtas.

Dar leis an ngrúpa, tá “pobal na n-ealaíon trí chéile corraithe mar gheall ar an tionchar diúltach atá an intleacht shaorga a imirt ar a gceird”.

Tá impleachtaí móra, diúltacha ag baint leis an intleacht shaorga faoi mar a bhaineann sí le cumas an duine smaoineamh go neamhspleách agus le cruthaitheacht an duine.

Dar leo, is ábhar mór buartha freisin é an brú a chuireann úsáid na hintleachta saorga ar an timpeallacht. Bíonn IS ag cur na milte tonna dé-ocsaíd charbóin isteach san atmaisféar gach bliain.

D’inis Údarás do The Journal go bhfuil cúram orthu mar eagraíocht thar ceann an Rialtais forbairt a dhéanamh ar an ngné Intleacht Shaorga de Phlean Digiteach na Gaeilge 2023-2027.

‘Ba cheart go bhfreastalóidh an t-airgead ar phobal na Gaeltachta’

Ag labhairt dó i gcáil phearsanta le The Journal, dúirt McEvoy, atá mar bhall den choiste AAG, go bhfuil amhras air go ginearálta “go bhfuil an intleacht shaorga chun aon rud a fheabhsú sa Ghaeltacht”.

“Tá fadhbanna sa Ghaeltacht ann le hinfreastruchtúr agus le fostaíocht, agus má tá an t-airgead ag dul isteach in Údarás na Gaeltachta, dar liom gur cheart go mbeadh sé ag freastal ar phobal na Gaeltachta thar aon rud eile,” a dúirt sé. 

“Agus ní fheictear dom cén chaoi a chabhróidh comórtas mar seo nó aon rud a bhaineann leis an intleacht saorga leis na fadhbanna sin.”

Deir McEvoy go bhfuil ealaíne na Gaeilge faoi bhláth agus go bhfuil pobal láidir d’ealaíontóirí a chruthaíonn táirge trí mheán Ghaeilge in Éirinn. 

Ní rud é go bhfuil bearna ann, a deir sé, ach má tá, is dóigh leis gur fhearr an rud é airgead a chur isteach sna healaíne agus tallann a fhorbairt seachas acmhainní a dhíriú ar an intleacht saorga. 

“Bhaineann sé seo leis an scannánaíocht in Éirinn. Cinnte, tá pobal ealaíne na Gaeilge níos lú ná mar a bheadh pobal an bhéarla atá ag obair in ealaín in Éirinn, ach tá na haisteoirí agus na stiúrthóirí ann,” a dúirt sé.

“Má fheictear go bhfuil bearna ann ó thaobh stiúrthóirí nó aistritheoirí na Gaeilge, cuir an t-airgead isteach sa traenáil.

“Faigh aisteoirí le Béarla isteach agus múineadh Gaeilge dóibh nó faigh feidhmíocht na Gaeilge isteach agus múin dóibh conas aistriúchán a dhéanamh.

“Tá go leor bealaí ann le dul i ngleic le bearnaí ansin seachas díreach fáil réidh le daoine ar fad agus iarraidh ar mheaisín seasamh isteach ina n-ionad. Is í an ealaín agus na healaíontóirí, an ceangal daonna sin a mheallfaidh daoine isteach don Ghaeilge, ní meaisíní,” a dúirt sé. 

Freagra an Údaráis

Ag freagairt dóibh ar fhiosrú ó The Journal, dúirt Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag iarraidh an ról agus an tiomantas mar “chrann taca don earnáil chlos-amharc sa Ghaeltacht a dheimhniú” a chur in iúl.

“Chuige sin, chuir muid in áit an togra Scéalaí mar dheis tús a chur le plé maidir leis an ngné seo den Intleacht Shaorga, chomh maith le na huirlisí, na deiseanna agus na dúshláin a chur os comhair pobal na Gaeltachta agus an pobal labhartha Gaeilge.”

Luann siad gur fhógair siad tacaíocht €600,000 don earnáil chruthaitheach i bhfoirm comhpháirtíocht le TG4 luach €1.2 milliún ar an 3ú Nollaig, ag daingniú fostaíocht don earnáil chruthaitheach do na blianta amach romhainn.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil athruithe suntasacha i ndán go hidirnáisiúnta trasna mórán réimsí uilig na heacnamaíochta de bharr na hIntleachta Shaorga, agus go bhfuil cúram orthu a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht lárnach sna hathruithe sin.

“Aithníonn muid go bhfuil imní ag baint leis an mhíchinnteacht a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, ach tá muid rí-shoiléir gurb é an ról s’againne ná fostaíocht a chosaint sa Ghaeltacht, na bagairtí chuige sin a aithint agus céimeanna cuí a thógáil más ann dóibh.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds