We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Sheol An Taoiseach, Mícheál Martin, an Tánaiste Simon Harris, agus an tAire Tithíochta, James Browne, an plean nua tithíochta inné. RollingNews

Fáilte an Údaráis don bplean tithíochta - ach éiginnteacht go fóill faoi threoirlínte pleanála

Deirtear go mbeidh an áisíneacht Gaeltachta ag comhoibriú le húdaráis áitiúla agus Uisce Éireann chun a ghréasán áiseanna fuíoll uisce a leathnú.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ FÁILTE CURTHA roimh an tagairt sonrach d’Údarás na Gaeltachta sa phlean tithíochta a fógraíodh inné ag príomhfheidhmeannach na h-aisínteachta forbartha, Tomás Ó Síocháin

Sa chaipéis a h-éisíodh Déardaoin, deineadh tagairt don saineolas atá ag an Údarás i soláthair ionaid coiréala uisce chun riar a dhéanamh ar na páirceanna gnó atá tógtha acu ar fud na gceantar Ghaeltachta. 

Moltar sa chaipéis go ndéanfaí scrúdú ar an bhféidireacht go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le Uisce Éireann agus na h-údaráis áitiúla le ceantair Gaeltachta.  Deirtear sa chaipéis go dtosnófar ar an obair seo sa dara leath de 2026.

Ag labhairt do le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Ó Síocháin go raibh an aisínteacht ag comhoibriú ar feadh tamall roimhe seo le na h-údaráis áitiúla agus go raibh dul chun cinn á dhéanamh ar roinnt ceisteanna. 

“Cuirimíd fáilte go sonrach roimh rud a bhí molta againn tamall siar  ó thaobh na deiseanna atá ann, áit ina bhfuil infristruchtúr fuíoll uisce agus coireála uisce é sin a úsáid agus an infrastruchtúr sin a leathnú amach agus sin é atá beartaithe anseo.

“Tabharfaidh sé sin deis dúinn treisiú go mór ar an obair atá ar bun againn le na h-údaráis áitiúla.”

Thug Ó Síocháin súntas freisin don méid a dúradh sa phlean go raibh sé “aitheanta gur cás ar leith í an Ghaeltacht agus cás ar leith í an Ghaeilge sa Ghaeltacht”.

“Tá sé sin rí-thabhachtach go bhfuil an t-aitheantas sin faighte agus gur féidir linn gníomhú dá réir anois.”

I raiteas a d’éisigh an tÚdarás, dúradh go raibh an aisínteacht tar éis deontas de €274,000 a cheadú chun tacú le forbairt tithíochta teanga bhunaithe i gCorca Dhuibhne, tithe a bheadh ar fáil do theaghlaigh an fhaid is go mbeadh siad sásta loistín a chuir ar fáil do dhaltaí a bheadh ag freastal ar chúrsaí Gaeilge sa cheantar. 

Tagraíodh freisin don dtacaíocht atá á thabhairt ag an Údarás do phost ‘Comhordaitheoir na dTithe Tréigthe’.  Tá duine ceaptha sa phost ag Comhairle Contae Mhaigh Eo ach tá freagracht ag an fostaí sin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dtithe tréigthe ar fud na ceantair Gaeltachta atá i seacht gcontae, Maigh Eo, Gaillimh, Tír Chonaill, An Mhí, Port Láirge, Corcaigh agus Ciarraí.

Dúirt urlabhraí an Údaráis an méid seo freisin sa ráiteas: 

“Fáiltímid roimh ráiteas an Aire Calleary (Aire na Gaeltachta) go bhfuil sé ag scrúdú cheist na tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh cinneadh á dhéanamh aige roimh dheireadh na bliana.”

Tá soiléiriú lorgtha ag The Journal ar an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta maidir le ceist a tháinig chun tosaigh nuair a foilsíodh an phlean tithíochta inné.

Tá treoirlínte pleanála Gaeltachta á lorg agus geallta ó 2022 agus é go geallta go minic sa tréimhse ó shin go mbeadh siad ar fáil go luath. 

Cuireadh mearbhall ar dhaoine nuair a fógraíodh sa phlean nua tithíochta go mbeadh ‘Ráiteas Náisiúnta Pleanála’ don Ghaeltacht á fhoilsiú i gcionn dhá bhliain, i 2027.   Arbh ionann seo agus na treoirlínte pleanála Gaeltachta, an cheist a seoladh chuig an dá Roinn, chun soiléiriú a lorg.

I bhfreagra ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, dúradh gur cheart an cheist sin a dhíriú ar an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta.  

Sa fhreagra a tháinig ón Roinn Tithíochta trathnóna Dé hAoine, dearbhaíodh gur ionann an Ráiteas Náisiúnta Pleanála agus na treoirlínte pleanála a gealladh roimhe seo.  Dúradh i ráiteas go raibh reachtaíocht nua tar éis teacht i bhfeidhm ag tús na míosa seo cáite agus gur de réir forálacha na reachtaíochta sin a raibh na ráitis pleanála náisiúnta le húsáid. 

Tugadh suntas freisin don gceist seo sa ráiteas a d’éisigh Conradh na Gaeilge ar fhoilseachán phlean tithíochta an Rialtais.  Tá ceist na tithíochta go mór chun tosaigh i dtosaíochtaí an Chonartha agus bhí beart ón Rialtas chun an ghéarchéim tithíochta a fhagann lanúin Gaeltachta gan lóistín buan chun a dteaghlaigh a thógáil sa Ghaeilge i measc na n-éileamh a raibh ag slua de bhreis is 25,000 a ghlac páirt san agóid CEARTA i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair. 

 Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, uachtarán an eagrais, go raibh sé tábhachtach go raibh an Stát “ag admháil go foirmiúil gur bunriachtanas é rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach chun go mbeidh an Ghaeltacht inbhuanaithe”.

Thug Mac Giolla Bhein “céim suntasach” ar an admháil sin nár deineadh roimhe.

“Mar sin féin, ní leor aitheantas amháin chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach,” dúirt sé.

“Mura féidir le teaghlaigh tithe a thógáil nó a cheannach ina gceantair féin, ní bheidh ann don Ghaeltacht. Agus muna mbeidh ann don Ghaeltacht ní bheidh ann don Ghaeilge mar theanga pobail.” 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds