Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
IS FÉIDIR LE pobal na Gaeilge bheith ag fánacht ar pholasaí don oideachas Ghaeilge ar feadh na mblianta ach go tobann, ar an lá céanna, foilsítear dhá pholasaí i dteannta a chéile.
Sheol an tAire Oideachais is Óige, Helen McEntee, Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla ag ócáid ar leith d’ionadaithe ó eagrais oideachais is Gaeilge a reáchtáladh ag ócáid ar champas comhroinnte Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe agus Scoil Náisiúnta Sord Educate Together ar maidin.
Is é an príomh aidhm den pholasaí don oideachas lán Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht go mbeadh “oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suímh oideachais atá cuimsitheach agus ilchultúrtha”.
Tá coimitmint freisin sa pholasaí seo go gcuirfear “uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní, agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí” ar fáil chun tacú le fíorú na haidhme seo,
Sa phlean ghnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla agus is iad na bun chlocha sa pholasaí sin ná “meonta dearfacha a chothú i leith na Gaeilge, úsáid na teanga a mhéadú, tacú le rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge is tacaíochtaí don Ghaeilge a chomhtháthú”.
Ceann de na gníomhaíochtaí lárnacha san fhógra a deineadh ar maidin ná fógra go raibh tascfhórsa ar mhúnlaí soláthair don oideachas lán-Ghaeilge.
Agus í ag seoladh na cáipéisí, ghabh an Aire McEntee buíochas leo san a ghlac páirt sa phróiseas chomhairliúcháin, “go háirithe lenár leanaí agus ár ndaoine óga a raibh a nguth lárnach i múnlú an pholasaí seo”.
“Bhí comhoibriú ríthábhachtach chun an polasaí seo a fhorbairt agus beidh sé ríthábhachtach chun é a chur i bhfeidhm go rathúil.”
Chuir Gaeloideachas, an scáth eagraíocht do Ghaelscoileanna is Meánscoileanna lán Ghaeilge na tíre fáilte roimh na tacaíochtaí agus spriocanna na gcáipéisí ach léirigh siad imní freisin faoi easpa uaillmhéin dár leo.
“Seo é an chéad pholasaí riamh don oideachas lán Ghaeilge taobh amuigh don Ghaeltacht,” dúirt Bláthnaid Ni Ghreacháin, Ard Stiúrthóir Gaeloideachas agus í ar a bealach go dtí an seoladh.
“Táimid ag tréimhse chinniúnach don Ghaeilge agus don oideachas lán Ghaeilge – caithfimid dóchas a bheith againn agus a choinneáil.”
Dúirt Clíona Ní MaolChiaráin, Uachtarán Gaeloideachas, agus í ag labhairt ar Nuacht a hAon ar RTÉ RnaG inniu go raibh “deis caillte” sa pholasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
“Feictear dúinn ar láimh amháin gur foilsíodh é seo le fís uaillmhianach ach ar an láimh eile níl an obair choincréiteach nó na sonraí coincréiteacha ag teacht leis.”
Bhí An Fóras Pátrúnachta, eagras atá freagracht acu as go leor gaelscoileanna is meánscoileanna Gaeilge toisc go bhfuil siad ag feidhmiú mar phatrúin, ag teacht le Gaeloideachas is eagrais eile don chuid is mó ina bhfreagra ar an eisiúint.
Dar leis an bhForas, ba “dheis caillte” é an polasaí nua mar ná raibh sé ag cur deireadh le “bac ar bhunú scoileanna lán Ghaeilge”
Cháin an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, cathaoirleach an eagrais, an cinneadh an tascfhórsa a bhunú mar, dar leis, go raibh freagra tugtha cheana féin ar an gceist a bheadh á chíoradh ag an dtascfhorsa.
Is cosúil go bhfuil gach uile rud á dhéanamh seachas cinneadh a ghlacadh cur leis an soláthar lán-Ghaeilge.
“Níl aon cheannaireacht ná fís léirithe ag an Aire maidir le spriocanna sa pholasaí,” arsa Ó Duibhir.
“Tá an tascfhórsa nua ag obair i bhfolús gan sprioc.
“Féach ar an mBreatain Bheag mar léiriú ar cad a d’fhéadfadh a bheith fógartha ag an Aire inniu. Tá siad tiomanta do sprioc 40% de dhaltaí ag fáil oideachas trí Bhreatnais faoi 2050. Cén fáth nach bhfuil sprioc á leagan síos ag an Aire?”
Tá 23% de dhaltaí scoile na Breataine Bige ag fáil oideachas trí na Breatnaise agus, in Éirinn, faigheann 6% de dhaltaí a gcuid oideachais trí Ghaeilge.
Dúirt Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian De Spáinn, go raibh an t-eagras ag cur fáilte roimh na geallúintí agus na tacaíochtaí atá sa dá cháipéis don Ghaeloideachas agus oideachas Ghaeilge ach léirigh sé imní faoin easpa uaillmhéin chomh fada is ná raibh sprioc intomhaiste don líon daltaí atá á múineadh trí mheán na Gaeilge.
“Sílimid go raibh na mórcheisteanna fágtha ar lár go háirithe maidir leis an bplean gnímh dhá bhliain do na scoileanna mheán Béarla – níl aon mór sprioc chun dul i ngleic leis na diolúintí ná an curaclam.
“Is féidir go leor feabhais a chuir ar mheon daltaí i leith na Gaeilge ach má tá siad ag déanamh curaclam lochtach, ní chabhróidh sin leis an scéal.”
Níos túisce i mbliana tugadh chun solais go raibh breis is 60,000 dalta meán scoile tar éis díolúine a fháil ó scrúduithe Gaeilge le linn 2024 agus de réir eolais a nochtadh an tseachtain seo tá breis is 73,000 dalta meán scoile agus bunscoile ag fáil díolúine ón nGaeilge.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say