Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
This article is produced by our Gaeltacht team and an English version can be read here.
TUGADH BREIS IS 60,000 diolúintí do dhaltaí meánscoile ar fud na tíre don scoil bhliain 2024/25, an líon is mó riamh, tá sé tugtha chun solais i gclár faisnéise atá le craoladh anocht ar TG4.
De réir an eolais atá le craoladh ar Iniúchadh TG4 – As Láthair, tugadh diolúintí do 60,946 dalta meánscoile – cothrom le 14.3% den líon iomlán daltaí atá ag freastal ar mheánscoileanna na tíre.
Tá an líon daltaí atá anois ag fáil diolúin tar éis méadú beagnach 100% ó seacht mbliana ó shin agus tá sin ag cur le faitíos in earnáil na Gaeilge go bhfuil deireadh á chur le stadas éigeantach na teanga mar ábhar scoile ag an meán leibhéal.
Is ionann sin agus cead speisialta gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a bheith faighte ag duine as gach seachtar páiste meánscoile faoi láthair. Is amhlaidh go raibh méadú 5,286 dalta ar líon iomlán na bliana roimhe sin, ó 55,660 go 60,946 dalta, arb ionann é agus 13.4% den daonra iar-bhunscoile.
Faoi láthair, is féidir le príomhoide scoile cinneadh díolúine a thabhairt do dhalta má shásaíonn sé na critéir riachtanacha atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Óige. De ghnáth, baineann na coinníollacha le páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nó le páistí nua atá tagtha ó thar lear go hÉirinn.
Tá córas na ndíolúintí ag cur an iomarca brú ar phríomhoidí agus ar leas-phríomhoidí, dar leis an gcomhlachas gairmiúil a bhíonn ag déanamh ionadaíochta ar a son, an Chumann Náisiúnta do Phríomh-oidí agus Leas Phríomh Oidí.
De réir Paul Crone, stiurthóir an chumainn, tá an chóras seo ag cur an iomarca brú ar phríomh-oidí agus creideann sé gur cheart deireadh a chur leis an gcleachtas agus an fhreagracht a bhaint de phríomh-oidí láithreach.
“Is é an chúis atá leis seo ná nádúr teicniúil sonrach an chinnidh maidir leis an díolúine agus an choimhlint a chothaíonn sé idir an Príomhoide agus an tuismitheoir nuair nach gcomhlíontar na critéir.
“Creideann tuismitheoirí go bhfuil an rogha ag an bPríomhoide an díolúine a dheonú agus is minic a fhaigheann siad nóta leighis óna ndochtúir teaghlaigh chun tacú lena n-éileamh nuair nach gcomhlíontar na critéir le haghaidh díolúine, agus is minic a bhíonn idirghníomhaíochtaí míthaitneamhacha agus ionsaitheacha gan ghá mar thoradh air seo.”
Thug urlabhraí ón Roinn Oideachais agus Óige le fios ná raibh aon rún an cleachtas seo a athrú ag an pointe seo.
“Níl sé sin á bhreithniú faoi láthair,” dúirt urlabhraí.
De réir figiúirí na Roinne, áfach, bhí thart ar dhá thrian nó 20,264 dalta, a raibh an diolúine faighte acu de bharr riachtanais speisialta a bheith acu, ag déanamh staidéar ar theanga eile seachas Gaeilge i rith na bliana acadúla 2023/24.
Dar leis an saineolaí oideachais, Pádraig Ó Duibhir, Ollamh Emeritus san Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Átha Cliath, tá imní ag dul i dtreis go bhfuil stadas na Gaeilge á ísliú sna scoileanna agus go bhféadfadh go mbeadh an teanga ina ábhar roghnach amach anseo seachas a bheith ina h-ábhar riachtanach mar gheall ar an ardú eile seo atá tagtha ar líon na ndíolúintí atá ceadaithe ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
“Tá rudaí áirithe éigeantach sa scoil, caithfidh tú mata a fhoghlaim. Caithfidh tú Béarla a fhoghlaim. Caithfidh tú bunscileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhoghlaim agus mar sin de, agus mar Éireannach chuirfinn an Ghaeilge isteach i measc na rudaí sin.
“Níl a fhios agam an polasaí comhfhiosach atá ann ach is dóigh liom gurb é an toradh a bheidh ar an bpolasaí seo, mura ndéantar leasú air, ná go mbeidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach amach anseo, go b’in an toradh fadtréimhseach nó meántréimhseach a bheadh air.”
Thug urlabhraí na Roinne ná raibh sé i gceist baint de stadas riachtanach na Gaeilge.
Dúirt príomhoide amháin atá faoi agallamh ag Kevin Magee, iriseoir Iniúchadh TG4 atá go leor gradaim buaite aige, go raibh go leor de na daltaí a tháinig ó thar lear ag fáil diolúine go h-uathoibreach. Bhí an méid seo le rá ag Joy Uí Mhurchadha ó Choláiste Pobail Fóla in iarthar Bhaile Átha Cliath agus í ag cáineadh an cleachtas seo mar fhianaise de ‘dearcadh an-seanfhaiseanta’.
“Cinnte leis na daltaí a thugamar seans dóibh triail a bhaint as an nGaeilge, baineann siad taitneamh as.
“An chuid is mó den am, leanann siad leis an nGaeilge sa chás sin, agus is dócha ó thaobh na hionchuimsitheachta de go bhfuil daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, daltaí atá tar éis teacht ó thíortha eile, mothaíonn siad nach bhfuil siad mar chuid de phobal na scoile, agus má deir tú leo freisin nach bhfuil siad i dteideal an Ghaeilge a fhoghlaim, cuirfidh tú leis an mothú nach bhfuil siad mar chuid de phobal na scoile.
“Sílim go bhfuil tú ag rá leo ar bhealach eile chomh maith, go bhfuil siad difriúil ar an mbealach seo freisin – níl cead agat an Ghaeilge a fhoghlaim.”
Dúirt urlabhraí thar ceann na Roinne sa gclár nach mór líon na ndaltaí atá ag teacht ó thar lear le blianta beaga anuas a áireamh nuair atá líon na ndíolúintí á scrúdú. Tá os cionn 18,000 dalta ón Úcráin cláraithe le trí bliana anuas agus tá “méadú ag teacht ar líon na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu”.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say