We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta faoi bhrú mar go raibh moill ar fhoilseachán ráiteas náisiúnta pleanála i leith tithíocht sa Ghaeltacht - anois tá sé faoi bhrú mar gheall ar na moltaí ann. Leah Farrell

"Níor thógamar na figiúirí sin ós na scamaill" - Aire na Gaeltachta faoi chlasáil teanga

Tá Aire na Gaeltachta Dara Calleary sásta go bhfuil bun chaighdeán le h-aghaidh an líon tithe a chuirfear ar fáil do chainteoirí Ghaeilge i bhforbairti Gaeltachta in áit anois mar gheall ar na moltai sa dhréacht ráiteas náisiúnta pleanála a foilsíodh le déanaí.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ COSAINT TRÉAN déanta ar an Ráiteas Náisiúnta Pleanála i leith Tithíochta sa Ghaeltacht ag an Aire Gaeltachta Dara Calleary tar éis gur cháin gníomhaithe agus eagrais teanga is pobail na forálacha a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Moladh sa cháipéis go mbeadh coinníoll teanga ag baint le gach forbairt tithíochta sa Ghaeltacht amach anseo. Moladh, áfach, go gcuirfí sciar tithíochta ar leathaobh do chainteoirí Gaeilge, cainteoirí a bhainfeadh amach caighdeán B2 i scrúdú béil Theastas Eorpach na Gaeilge, a bheadh ar chomhchéim leis an gcéatadán den bpobal sa cheantar sin a dúirt gur cainteoirí laethúla Gaeilge iad sa daonáireamh deireanach, móide 10%.

Tá moltaí eile ann freisin chun buntáiste a thabhairt d’áitritheoirí áitiúla tithe a thógáil laistigh de 3 ciliméadar ón áit a bhfuil cónaí orthu anois — beartas atá dírithe ar bhuntáiste a thabhairt do dhaoine áitiúla seachas tógálaithe tithe saoire.

Bhí Conradh na Gaeilge agus grúpaí Gaeltachta, leithéidí Bánú agus Tinteán, tar éis cáineadh a dhéanamh ar an mhír seo agus tá cruinnithe loirgthe acu leis an Aire Calleary chun a gcuid imni a phlé.  

Dar leo bhí an mhír seo ag lagú an chosaint a raibh ann do labhairt na Gaeilge fé mar a bhí sé leagtha síos i bpleananna forbartha do chontaethe le ceantair Gaeltachta.

Bhí cáineadh déanta roimhe seo ar an aire, ós rud é go raibh dréacht treoirlínte pleanála don nGaeltacht geallta ag a réamhchomharbaithe i Roinn na Gaeltachta ó 2021 agus gan iad foilsithe agus, nuair a tugadh le fios i mí na Samhna anuraidh nach bhfoilseofaí an leagan nua de na treoirlínte – an ráiteas náisiúnta pleanála – go dtí 2027, ghéaraigh sin an cháineadh ar an Aire.

Sa mhéid is go bhfuil siad foilsithe anois faoi dheireadh – ach roimh an sprioc-am a leagadh síos i bplean tithíochta an Rialtais, Ag Tógáil Tithe, Ag Tógáil Pobail – is údar faoisimh é sin don Aire, cé go bhfuil a fhios aige go bhfuil fócas ar na míreanna atá sa cháipéis foilsithe anois.

Tá sé ráite ag an Aire Calleary go raibh gá go mbeadh comhéa ann idir dhaoine le Gaeilge agus áitritheoirí sa Ghaeltacht nach raibh an cumas acu caighdeán sásúil a bhaint amach i scrúdú teanga ach go raibh siad ag iarraidh cead pleanála chun tithe a thógáil.

Agus é ag labhairt le The Journal, dúirt sé gur aithin sé go raibh céatadán ard leagtha síos i gceantair éagsúla ar fud Ghaeltachtaí na tíre ach nach raibh aon chéatadán leagtha síos i gceantair eile.

“Táimid ag cur caighdeán bunúsach le haghaidh na tíre ar fad anois agus tá an caighdeán sin atá leagtha amach sa ráiteas bunaithe ar na daoine atá ag úsáid Gaeilge go laethúil sna ceantair sin agus, ar bharr leis sin, deich faoin gcéad.

“Níor thógamar na figiúirí sin as na scamaill – tá siad bunaithe ar an daonáireamh a bhí déanta againn cúpla bliain ó shin.”

Dúirt sé go raibh sé oscailte chun na caighdeáin sin a phlé. “Ach is é an chéad uair go bhfuil caighdeán náisiúnta ann anois le haghaidh forbairtí tithíochta, go mbeidh an caighdeán náisiúnta istigh chun go mbeidh tithe nua oscailte do Ghaeilgeoirí.

“An chéad uair – b’fhéidir go bhfuil sé sin caillte sa cháineadh seo – is é an chéad uair go bhfuil caighdeán náisiúnta le haghaidh na Gaeilge, an Ghaeltacht a chosaint.”

Nuair a meabhraíodh don Aire go raibh ceantair Ghaeltachta ina raibh coinníollacha teanga ag cur 66% ar fáil do chainteoirí Gaeilge nó 85%, d’fhreagair sé:

Agus tá áiteanna ann nach bhfuil aon faoin gcéad – tá an pointe sin tábhachtach agus tá sé caillte sa cháineadh go bhfuil áiteanna nach bhfuil aon chosaint ann.

“Tá siad ag iarraidh go léimfimid ó gan aon chosaint go dtí ardchosaint cosúil le 80%.

“Táimid ag iarraidh comhéa a fháil agus sin an dúshlán a bhí a fhios againn.

“Tá daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht le haghaidh na mblianta, le haghaidh na nglúinte nach bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu.

“Caithfimid comhéa a fháil idir na daoine sin nach bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu, go gcaithfidh siad fós bheith in ann tithe nua a thógáil sa gceantar dúchais.

“Cé nach bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu, tá siad as an áit freisin.”

Dúirt sé gur thuig sé “an cháineadh atá ann idir na caighdeáin atá i gcúpla áit agus an caighdeán nua”.

Anuas ar sin dúirt sé go raibh sé oscailte “ag obair leis an Aire Browne (Aire Tithíochta) faoi athrú ar na caighdeáin sin.”

Agus é ag freagairt ceiste faoin 10% breise a roghnaíodh a chur leis an gcéatadán de chainteoirí laethúla Gaeilge a raibh tuairiscthe sa daonáireamh, dúirt sé go raibh sé ag filleadh ar cheist an chomhéa.

“Is é an figiúir is tábhachtaí ná na daoine atá ag úsáid na Gaeilge – úsáidimid 10% chun go mbeadh cosaint bhreise ann ach chun go mbeadh sé praiticiúil freisin.”

river-1 Bhí Conradh na Gaeilge agus eagrais Gaeltachta ar nós Bánú ag cur brú ar an Aire go bhfoilseofar an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht - anois tá siad ag léiriu míshásáimh faoi threo agus ábhar an ráitis. Concubhar Ó LIatháin Concubhar Ó LIatháin

Bhí sé luaite ag an Aire nuair a labhair sé in agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár mhí na Bealtaine faoin gcur agus cúiteamh idir é féin agus an Aire Tithíochta faoin Ráiteas Náisiúnta Pleanála don nGaeltacht nach raibh aontas idir an dá roinn ar gach ceist.

B’fhéidir nach aon chúis iontais é sin mar nach gá go mbeadh saineolas ar cheisteanna teanga ag oifigigh sa Roinn Tithíochta, an oiread is nach bhfuil saineolas i gcúrsaí pleanála tuaithe ina shainriachtanas le haghaidh bheith ag obair le Roinn na Gaeltachta.

Anuas ar sin, ós rud é go bhfuil an bhéim ag an Rialtas ar an líon is mó tithe a thógáil agus in am chomh gairid agus is féidir, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil an phráinn seo i gceist maidir leis an méid atá molta sa ráiteas náisiúnta pleanála.

Nuair atá clasáil teanga le cur le plean forbartha chontae ina bhfuil ceantar Gaeltachta, bíonn ar an údarás áitiúil na leasuithe atá molta a chur faoi bhráid an phobail uair amháin ar a laghad i bpróiseas comhairliúcháin. Iarradh ar an Aire an mbeadh a leithéid de phróiseas comhairliúcháin i gceist leis an dréacht Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht.

Níl cinnteacht ann go mbeidh próiseas comhairliúcháin phoiblí faoin dréachtcháipéis a foilsíodh an tseachtain seo caite, cé go bhfuil sé ráite ag an Aire Calleary go mbeidh sé féin agus a chomhleacaí Rialtais oscailte le haghaidh ‘aischothú’ faoi na beartais atá ann.

“An rud atá ar siúl faoi láthair ná próiseas scagtha timpeallachta,” dúirt sé.

Thug sé le fios go bhféadfaí dul i gcomhairle le grúpaí a bheadh ag tógáil ceisteanna ar leith mar chuid den bpróiseas sin, cé go bhfuil sé ag súil go bhfaighidh sé sonraí faoin bpróiseas sin lón Roinn Tithíochta roimh dheireadh na míosa seo.

“Nuair a bheidh na sonraí sin againn, foilseoimid iad.”

Ceann de na húdair atá tugtha faoi sa cháipéis ná ceist na dtithe saoire agus é ráite go dtabharfar éisteacht níos báiúla do dhaoine atá ag cónaí laistigh de 3 ciliméadar ón suíomh ar a bhfuil siad ag iarraidh teach a thógáil. Ciallaíonn sin go mbeidh tús áite ag iarrthóirí pleanála áitiúla seachas daoine atá ag iarraidh teach saoire a thógáil sa Ghaeltacht.

Tá Sinn Féin ag reachtáil cruinniú poiblí maidir leis an gcáipéis an tseachtain seo chugainn i gCois Farraige ionas go mbeidh siad ábalta aischothú ón bpobal a fhreastaíonn ar an gcruinniú sin a chur os comhair an Rialtais.  Dúirt Máiréad Farrell, TD Ghaillimh Thiar, go raibh sí ag súil aischothú ón gcruinniú sin a chur ós comhair na Dála an tseachtain seo chugainn, sara bhfaigheann sí agus a comhleacaithe Oireachtais saoire an tSamhraidh. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds