We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

D'fhógair Aire Gheilleagair Thuaisceart Éireann, Caoimhe Archibald, go raibh a Roinn chun teacht i gcabhair ar an Tionscadal Logainmneacha. Sam Boal

Idirghabháil déanta ag Aire SF chun tionscadal logainmneacha a thabhairt slán tar éis ciorrú

Bhí sé bainte ar shiúl ach anois tá an maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ar ais arís tar éis gur fhógair an tAire don Gheilleagar, Caoimhe Archibald, go raibh sí seasamh isteach sa bhearna.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

 I BPOSTÁIL A rinne sí ar a hardáin meáin shóisialta anocht, d’fhógair Aire Eacnamaíochta Thuaisceart Éireann, Caoimhe Archibald ó Shinn Féin, go raibh sí chun idirghabháil a dhéanamh chun tionscadal logainmneacha a raibh i lár aighnis faoi mhaoiniú a thabhairt slán.

Tháinig an fógra seo tar éis lá ina raibh briatharchath teasaí agus páirtithe náisiúnacha ag cur i leith an Aire Phobail, Gordon Lyons ón DUP, go raibh sé tar éis an maoiniú a bhaint ó Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann — £90,000 (€105,000) in aghaidh na bliana — de bharr go raibh ról lárnach ag an togra in iarrachtaí údarás áitiúla ar fud an Tuaiscirt chun comharthaíocht dhátheangach a chur in áit.

Sa phostáil, dúirt an tAire Archibald go raibh sí ag “seasamh isteach chun a chinntiú go leanfaidh an Tionscadal Logainmneacha ag déanamh a chuid oibre ríthábhachtaí, ag soláthar aistriúchán cruinn le haghaidh comharthaíocht sráide Gaeilge agus ag cosaint na hoidhreachta tábhachtaí sin.”

Caoimhe Archibald MLA / X (Formerly Twitter)

D’fháiltigh an Dream Dearg, grúpa feachtais ar son na Gaeilge ó thuaidh, roimh fhógra an Aire.

“Idirghabháil thábhachtach chun seirbhís agus tionscadal iontach a choinneáil,” a dúirt an grúpa ar na meáin shóisialta.

“Ní mór cur i gcoinne gach iarracht ag an DUP chun an Ghaeilge a ghlanadh as radharc agus cur ina coinne.”

Tháinig sé chun solais ag tús na seachtaine seo go raibh an maoiniú bainte den Tionscadal Logainmneacha agus chuir polaiteoirí náisiúnacha an locht ar an Aire ón DUP.

Chosain sé é féin ag rá go raibh an fhreagracht ar an Roinn Airgeadais as ucht an mhaoinithe don togra.

Agus é ag labhairt ar BBC Radio Ulster ar maidin, d’fhreagair Lyons ceist an láithreora ag fiafraí cén fáth gur chinn sé deireadh a chur le maoiniú don tionscadal.

“Sa chéad dul síos, níor ghlac mé cinneadh ar bith — ba tionscadal é seo a bhí á mhaoiniú le ceithre bliana anuas ag an Roinn Airgeadais — ní mise ná an Roinn Phobail ach an Roinn Airgeadais atá Sinn Féin i gceannas air,” d’fhreagair sé.

“Níl mise ag sábháil £90,000, níl mise ag dáileadh £90,000 in áit eile — is é an t-aon roinn atá ag athdháileadh £90,000 in áit éigean eile ná an Roinn Airgeadais atá faoi smacht ag Sinn Féin.

“Go deimhin tá ríomhphostanna agam os mo chomhair anseo idir oifigigh sa Roinn Phobail agus sa Roinn Airgeadais ó Mhárta agus Aibreán agus iad ag fiafraí den Roinn Airgeadais an raibh siad sásta leanúint le maoiniú an tionscadail seo agus b’é an freagra a tháinig ar ais níos mó ná uair amháin, nach raibh siad sásta é a mhaoiniú a thuilleadh.”

Tháinig sé chun solais, áfach, i bhfreagra ón Aire Lyons ar cheist Tionóil go raibh an Roinn Pobail ag maoiniú an tionscadail idir 2022 agus 2026 agus, sa bhfreagra ar an gceist ó Colm Gildernew ó Shinn Féin an mhí seo caite, go raibh oifigigh a Roinne ag féachaint ar roghanna maidir le maoiniú sa todhchaí ag an bpointe sin.

Tar éis gur fógraíodh an cinneadh tráthnóna anocht, phostáil ceannaire an DUP, Gavin Robinson, ar a ardáin shóisialta agus é ag spocadh as Sinn Féin agus ag maíomh gur dhein an pháirtí iarracht a ról féin, mar a mhaígh sé, san aighneas a cheilt chun an locht a chur ar Aontachtaithe.

Gavin Robinson / X (Formerly Twitter)

Is cinnte nach gcabhróidh an t-aighneas seo leis an atmaisféar idir an dá mhórpháirtí san Fheidhmeannas a fheabhsú agus toghcháin Tionóil ar na bacáin i 2027.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds