We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhíodh Halla na Cathrach i mBéal Feirste ina teach fuar don Ghaeilge - ach tá polasaí nua i réim anois. Alamy

An solas glas tugtha do pholasaí teanga Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste

This decision means that the Council will be including Irish on signage, in stationery and marketing material, including press releases.

(This article is by our new Gaeltacht team.  You can read an English version here. )

AG A GCRUINNIÚ míosúil aréir thug comhairleoirí cathrach i mBéal Feirste a dtacaíocht do pholasaí teanga nua a chiallaíonn go mbeidh i bhfad níos mó comharthaíocht dhá theangach, Béarla agus Gaeilge, le feiceáil timpeall na cathrach sna míonna romhainn.

Vótáil comhairleoirí Shinn Féin, an SDLP, Alliance, Pobal Roimh Brabús agus an Comhaontas Glas ar son an dréacht pholasaí a dhaingniú agus vótáil an DUP, an UUP agus TUV in aghaidh.

Tháinig seo sna sála ar vóta an mí seo cháite ar son an dréacht pholasaí. Ciallaíonn an vóta is déanaí go mbeidh an Chomhairle ag feidhmiú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid sa na seirbhísí éagsúla a chuireann an t-údarás áitiúil do shaoránaigh phríomh chathair Thuaisceart Éireann.

De réir ráitis a d’eisigh an Chomhairle tar éis an vóta oíche Dé Chéadaoin, san áireamh sa pholasaí nua beidh “ateangaireacht agus aistriúchán, croícháipéisí agus croífhoilseacháin, comharthaí i saoráidí dá cuid, ar shuíomh gréasáin na comhairle  agus mar chuid d’fhéiniúlacht chorparáideach na comhairle, lena n-áirítear an lógó s’aici”.

Bhí an polasaí seo á phlé le míonna anois ag an Comhairleoir Natasha Brennan(SF), cathaoirleach ag an gCoiste Straitéiseach Polasaí agus Acmhainní a raibh i mbun an phlé agus idirbheartaíocht faoin bpolasaí agus bhí an méid seo le rá aici faoi.

Is cloch mhíle stairiúil é an polasaí seo don phobal Gaeilge i mBéal Feirste, agus don Chomhairle s’againn.

“Tá £1.9 milliún geallta againn sa dá bhliain amach romhainn leis an pholasaí a chur i bhfeidhm, agus beidh nuashonruithe rialta á gcur faoi bhráid comhairleoirí, le go dtig linn súil a choinneáil ar an dul chun cinn atá muid a dhéanamh agus an méadú a thagann ar an rochtain ar ár gcuid seirbhísí agus saoráidí, trí mheán na Gaeilge, a fheiceáil de réir a chéile.”

Tá comhairleoirí aontachtacha tar éis a rá go mbeidh siad ag troid go fíochmhar in éadan an pholasaí nua agus iad ag maíomh go bhfuil an polasaí a ligeann don chomhairle comharthaíocht dhá theangach a chrochadh ar fud na cathrach “scoilteach”.

Dúirt an Comhairleoir Ruth Brooks ón DUP go raibh easpa trí dhearcachta agus oscailteachta faoin bpolasaí, an tionchar a bheadh aige agus an costas a bhainfeadh lena chur i bhfeidhm.

“Rinneamar iarracht plé a dhéanamh faoi seo ag an gCoiste Straitéiseach, cad a chiallódh sé do lógónna ar éidí na mball foirne agus an fráma ama maidir leis an gcur i bhfeidhm,” dúirt sí, ag tagairt freisin don ngá go mbeadh briseadh síos ar an £1.9m a bheadh le caitheamh ar an bpolasaí a fheidhmiú.

Dúirt an Comhairleoir Ron McDowell, atá ina bhall de pháirtí Jim Allister, an TUV, go mbeifí ag troid go fiochmhar i gcoinne an pholasaí.

Ar an gclár Stephen Nolan Live ar BBC Thuaisceart Éireann aréir mhol an gniomhaí Aontachtach Jamie Bryson go ngéarófaí ar an bhfeachtas in éadan na Gaeilge ag rá do gur cheart na céadta bratacha Briotanacha a chrochadh mar fhreagra ar iarrachtaí an pholasaí seo a chur i bhfeidhm.

 ”Tá deireadh leis an lá go mbeidh aontachtaithe ag luí siar ag glacadh le náisiúnaithe ag fáil a slí féin,” dúirt sé. Thug sé le fios go ndéanfaí iarracht an pholasaí a stopadh agus dúirt sé go gcuirfí tús le próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh air.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an pholasaí nua ag rá go raibh siad ag obair ar i gcomhar le páirtithe leasmhara eile le beagnach leath scór bliain, ag tagairt don rath ar an nGaeilge sa chathair, fás na Gaelscolaíochta agus eile san áireamh. Bhí an méid seo le rá ag Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Le blianta beaga anuas tá pobal na Gaeilge ag troid lá i ndiaidh lae chun cearta teanga a bhrú chun cinn inár n-institiúidí agus spásanna poiblí.

“Chuidigh muid le dearadh an pholasaí de réir bhunphrionsabail an chomhionannais atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta a threoraíonn ár n-údaráis chun ‘gníomh diongbháilte’ a dhéanamh ar son na Gaeilge.

“Chuir muid san áireamh treoir ó na Náisiúin Aontaithe, ó Chomhairle na hEorpa, ón Choimisiún Comhionannais, ó Choimisiún um Chearta an Duine agus ó Fhoras na Gaeilge.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds