We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá An Dream Dearg i mbun feachtais le blianta fada ar son cearta teanga ó thuaidh. Alamy Stock Photo

Béal Feirste ar tí 'céad míle fáilte' a fhearadh don Ghaeilge tar éis bheith ina teach fuar

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag iompú ó bheith ina teach fuar don Ghaeilge go teach na fáilte.

This article was brought to you by our brand-new Gaeltacht team. For an English version, please click here

NÍL SÉ RÓ fhada ó shin gur teach fuar don Ghaeilge abea Halla na Cathrach i mBéal Feirste ach tógadh céim súntasach an tseachtain seo le cinntiú go mbeadh an comhairle cathrach sa chathair cois cuain ar cheann des na h-údaráis áitiúla is fáiltiúla, b’fhéidir, roimh an Ghaeilge ar an oileán. 

Ag cruinniú den gComhairle oíche Dé Luain, vótail móramh na gcomhairleoirí ar son buiséad de £1.9m a chuir ar chúl an dréacht pholasaí Gaeilge a chuir i bhfeidhm. Tabharfaidh an comhairle a bheannú dheiridh don bpolasaí chun é a chur i bhfeidhm ag cruinniú de chuid an choiste pholasaí straitéiseach agus acmhainní i gceann coicíse.

Polasaí cuimsitheach atá sa chaipéis atá tagtha chomh fada le seo – ní gan freasúra nó bhí ionadaithe tofa ón DUP (An Pháirtí Aondachtach Daonláthach) ag léiriú a ndoicheall i leith an pholasaí ag cruinniú an Luan.  Ach tá móramh ag páirtithe nach bhfuil aondachtach ar an gComhairle agus mar sin níor éirigh leo an moladh a stop.

Ag cruinniú an Luain, bhí aighneas idir chomhairleoir de chuid Sinn Féin agus ionadaí tofa an DUP.   Dar leis an gComhairleoir Ciarán Beattie, bíonn an DUP de shíor ag cur i gcoinne beartais ar son na Gaeilge agus d’áitigh sé go raibh an freasúra seo tar eis costas na gcéadta míle púnt a chur ar na íocóirí rátaí ó thaobh táillí dlí.   Dúirt sé go raibh daoine ann a thabharfadh cur chuige ciníoch ar seo.

Ní ró shásta a raibh Dean McCullough, an comhairleoir de chuid an DUP, a d’iarr ar Beattie cé acu ar chreid sé an raibh an DUP ‘ciníoch’.

“Tá tú frith-Éireannach,” d’fhreagair Beattie. 

Lean an sall agus anonn agus bhí ar an Árd Mhéara, Tracy Kelly, idirghabhail a dhéanamh le rá leo beirt narbh é seo clós na scoile.   I dtéarmaí caismirtí faoin nGaeilge i Seomra na Comhairle i mBéal Feirste, níorbh aon Chath Chluain Tairbh é seo ach malartú bhunóga.

 

De réir an dréacht pholasaí, ba cheart go bhfaigheadh cathróir/custaiméir a iarrann seirbhís as Gaeilge seirbhís lán chomh maith is dá mbeadh sé iarrtha acu as Béarla ón gComhairle Cathrach.  Tá coimitmint á thabhairt ag an gComhairle freisin an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol phoiblí agus beartas dionghabháilte a gnlacadh chun an teanga a chraobhscaoileadh. 

Beidh staiseanóireacht agus comharthaíocht poiblí an chomhairle dhá theangach nuair a bheidh an polasaí tar éis a bheannú deiridh a fháil agus tá go leor beartais eile sa chaipéis a spreagfaidh éad, b’fhéidir, ag áitritheoirí i mbailte agus cathracha ó dheas den teorainn áit go bhfuil Gaeilge ina céad teanga oifiguil ach gan an polasaí cuí i roinnt áiteanna chun feoil a chuir ar chnámha an choimitmint sin sa Bhunreacht.

Chuir Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge fáilte roimh allúntas £1.9m an chomhairle d’fheidhmiú an pholasaí.

Ba cheart, anois go bhfuil an chéad sciar den airgead aontaithe, go bhfeicfidh muid an leagan deiridh den pholasaí féin rite ag an Chomhairle sna seachtainí beaga amach romhainn, agus plean gnímh curtha leis chun tosaíochtaí caiteachais don £1.9m sin a chinntiú. 

“Tiocfaidh athruithe suntasacha anois ar bhrandáil, ar íomhá chorparáideach, ar sheirbhísí, ar chomharthaíocht, ar lógó agus sheirbhísí digiteacha na Comhairle,” arsa Ó Muadaigh.

“Beidh níos mó Gaeilge le feiceáil ar fud na Cathrach mar thoradh ar an pholasaí nua, i gComhairle Cathrach a chuir an ruaig ar an teanga agus ar lucht a labhartha ag dul siar.

“Is cathair nua é Béal Feirste anois, agus pobal nua Gaeilge iomlán faoi bhláth, pobal atá glórach agus eagraithe agus tuisceanach ar chearta teanga.

“Beidh níos mó infheistíochta de dhíth chun cathair atá tógtha ar an Bhéarla amháin a dhéanamh inchurtha don soláthar dátheangach a bheas mar bhunchloch an pholasaí úir seo.”

Is cloch-mhíle eile an dul chun cínn seo ar bhóthar fhada atá gníomhaithe ar son cearta teanga ó thuaidh bheith sa tóir orthu agus le blianta beaga anuas mhéadaigh an bhrú ar na h-údaráis de bharr feachtais agus mór shiúil atá eagraithe ag eagrais ar nós Conradh na Gaeilge agus gluaiseachtaí cosúil leis An Dream Dearg. 

Beidh an chéad ocáid mhór eile ag An Dream Dearg i mBaile Átha Cliath ar 20 Meán Fómhair nuair a bheidh grúpaí Gaeilge ó gach cuid den oileán ag tabhairt a n-aghaidheanna ar an bpríomh chathair chun tithíocht sa Ghaeltacht, breis tacaíochta don Ghaeilge sa chóras oideachais, maoiniú mar is ceart don Ghaeilge is d’eagrais teanga agus eile a éileamh. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
9 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds