We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is í Siobhán McSweeney an 'bean a'tí' i gCaisleán Shláine le linn The Traitors! RTÉ

Líofacht sa Ghaeilge ina "chosaint ón mbás" ag roinnt ar The Traitors

Bhí an Ghaeilge ina gné lárnach sa dara eagrán de ‘The Traitors’ ach dibríodh duine de bheirt a labhrann Gaeilge ag deireadh an chláir.

This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here

AN GHAEILGE AR ar ‘Traitor’ ná fealltóir nó is féidir úsáid a bhaint freisin as ‘tréatúir’.  Beidh ar na rannpháirtithe agus lucht leanúna Na Fealltóirí/The Traitors (RTÉ 1)  snás a chuir orthu seo agus pé focail eile Gaeilge atá acu, is léir, tar éis go raibh páirt chomh lárnach ag an teanga sa dara eagrán den tsraith atáimíd faoi gheasa a craoladh aréir agus atá go leor againn faoi gheasa aige. 

An tasc a thug a laithreoir, Siobhán McSweeney, aisteoir le ceangal laidir le Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí agus a thuill cáil mar gheall ar a ról mar Sister Michael i Derry Girls, dos na rannpháirtithe ná go mbeadh orthu dul ar thoraíocht taisce tríd an choill gar do Chaisleán Shláine, ceanncheathrú an chluiche, agus roinnt dioscaí adhmaid le siombail orthu a aimsiú.  

I lár na coille bhí roinnt galláin adhmaid le scríbhneoireacht orthu i scribhinn Ogham agus dá ndéanfaidís na dioscaí cearta leis na siombail cearta a leagadh ag bun na túir cearta, bhuafadh siad an duais, sa chás seo €5,000 chun cur leis an gciste a bheidh le buachan ag buaiteoir nó buaiteoirí an chluiche nuair a bheidh deireadh ráite. 

I measc iad san ațá páirteach sa chluiche tá Niall, bunmhúinteoir ó Chontae Thír Eoghain i dTuaisceart Éireann. Agus is sisean is Diane, craoltóir ráidió le Gaeilge ó dhúchas ó Oileáin Árainn, a chabhraigh lenár gcáirde na freagraí cearta a aimsiú taobh istigh den leath uair a chloig a thug Siobhán dóibh.  

Bhí an méid seo le rá ag Niall le linn an chláir oíche Dé Luain: 

Go tobann ba mise an duine ba mhó a bhí slán ón mbás. Samhlaigh go bhféadfainn sin a rá, go raibh cosaint agam ón mbás de bharr go raibh labhairt na Gaeilge agam.”

Ná dearúd Nina ach an oiread. Tá geansaí á chaitheamh aici le ‘Cúla Búla’ scríte air – sean nath cainte é sin a cheanglaim le daoine ó Bhaile Átha Cliath a d’fhreastail ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht roinnt blian ó shin.

Ach Diane bocht, cé go raibh Gaeilge aici, níorbh aon chosaint di siúd a líofacht sa chéad teanga oifigiúil. In ainneoin go raibh sí dílis – fuair sí bata agus bóthar mar gheall ar sheiftiúlacht na bhfealltóirí.

Bhí an chainteoir dúchais sásta, gan amhras, go raibh Gaeilge in úsáid ar an gclár.

In agallamh le na meáin, The Journal san áireamh, agus tar éis a díbeartha, dúirt Diane go raibh sé go h-iontach gur baineadh úsáid as go leor Gaeilge le linn an chláir agus gur chuala sí go leor canúintí á n-úsáid.Dúirt sí go raibh cumais éagsúla i labhairt na Gaeilge ag na h-imreoirí ach gur bhain gach éinne úsáid as an ‘cúpla focal’ a raibh acu. 

Bhí áthas an domhain orm go raibh alán Gaeilge le clos.  Tá Gaeilge ‘cool’ anois.

Ar ndóigh tá Siobhán í féin ag baint úsáide as an nGaeilge ó am go chéile le linn an chláir.  An chéad oíche chomhairligh sí dos na rannpháirtithe ‘bí curamach’ agus iad ag iarraidh na baraillí a thabhairt ar ais go dtí an Chaisleán.

Agus tá an fhoireann léirithe sásta leis an méid atá tarluithe go dtí seo. Dar le Mairéad Whelan, stiurthóir an chomhlacht léirithe Kite agus léiritheoir sráithe The Traitors Ireland, is fiú go mór nuair atá formaidí móra idirnáisiúnta á gcur in oiriúint don tír seo iad a bheith chomh Éireannach agus is féidir.   

Is féidir linn seo a dhéanamh tre ghrúpa an éagsúil Éireannaigh ó thimpeall na tíre agus ó gach gairm saoil a thabhairt le chéile.  Is maith linn téamaí freisin a bhaineann an chuid is mó ónár stair, oidhreacht agus ár ngreann. 

“Sa tasc inné, d’fhéadfadh aon imreoir le cúpla focal tabhairt faoi le fonn – ach ghlac na Gaeilgeoirí ceannas agus d’éirigh leo.”

Dúirt sí ná raibh aon dealramh a bheith buartha faoin gcontúirt go dtabharfaí báta agus bóthar do chainteoir Gaeilge go luath sa sraith.  “Is é an fhírinne ná go bhfuil ar na léiritheoirí dul i dtaithí ar an gcoincheap nach bhfuil aon smacht acu ar cad atá chun titim anois nó ag aon pointe eile sa chluiche,” dúirt sí.

Agus sa dara eagrán bhí sí ag iarraidh ar na rannpháirtithe ‘brostaigí, brostaigí’.  Tháinig an dachas muinteoireachta atá ag gaolta Shiobhán tríd sa mhéid sin nó d’fheadfá í a shamhlú i mbun ranga ar bhunscoil.

Béimíd ag faire go cúramach le h-aghaidh a thuilleadh Gaeilge ar ‘The Traitors’ sna h-eagráin atá le craoladh.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds