We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

D'ainmníodh An Fia Sa Choill le Sadhbh Devlin ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana do Pháistí i nGradaim An Post Patrick Bolger

Earnáil na leabhar Gaeilge ag dul chun tosaigh agus cloch mhíle stairiúil bainte amach

Tá borradh faoi litríocht na Gaeilge faoi láthair – ach an bhfuil údair agus foilsitheoirí na leabhar ag fáil an t-aitheantas cuí?

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

“CÉIM STAIRIÚIL” SAN fhoilsitheoireacht Gaeilge atá á thabhairt ar an ainmniúchán atá faighte ag leabhar Ghaeilge ar an ngearrliosta do ghradam Leabhar na Bliana An Post i gcatargóir na bpaistí.

Tagann an t-ainmniúchán do An Fhia Sa Choill le Sadhbh Devlin agus máisithe ag Anastasia Melnykova tráth go bhfuil borradh mór ann do litríocht na Gaeilge faoi láthair.

Tá díoltóirí leabhair ag tabhairt le fios go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh leabhair Gaeilge, ag teacht go dtí na siopaí leabhair agus á gceannach nó á n-ordú ar líne, mheall an fhéile litríochta IMRAM na sluaite ag imeachtaí éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath agus Dún Laoghaire agus seoladh go leor leabhair nua ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.

Ag labhairt di le The Journal roimh bhronnadh Gradaim Leabhair na Bliana An Post ag ócáid mór i mBaile Átha Cliath, dúirt Sadhbh Devlin go raibh sé ar fheabhas go raibh aitheantas faighte ag leabhar Gaeilge ar ghearrliosta le leabhair eile. Thuig sí an tábhacht bhreise a raibh leis nuair a thug sí cuairt ar a gruagadóir agus í ag ullmhú d’oíche bronnta na ngradam.

“Dúirt mé léi go raibh ócáid mór agam agus céard is féidir leat déanamh? – agus dúirt sí go raibh a fhios aici mar go bhfaca sí an scéal sa nuachtán áitiúil agus go raibh sí tar éis vóta a thabhairt dom!”

Is é ‘An Fia Sa Choill’ an seachtú leabhar atá scríofa agus foilsithe ag Futa Fata ag Sadhbh ó 2017, tráth gur cuireadh deireadh leis an eagraíocht lena raibh sí ag obair, Comhluadar, eagras a d’eagraigh imeachtaí do thuismitheoirí agus a bpaistí óga, agus tá sí sásta a rá gur féidir léi í beatha a bhaint amach as a saol mar údar leabhair Ghaeilge ach go bhfuil go leor oibre i gceist.

Mhínigh sí gur ghlac sé go leor ama uirthi a cuid leabhair a thabhairt ón tuairim ina leabhar nótaí go dtí an saothar críochnaithe. D’fhéadfadh sé roinnt míonna a ghlacadh le go mbeadh an téacs réidh ach caithfidh sí obair láimh ar láimh leis an máisitheoir freisin agus bíonn go leor sall agus anall ann eatarthu.

“Tógann sé suas go sé mhí leis na maisiúcháin a dhéanamh agus ansin téann sé ag an dearthóir grafach leis na píosaí go léir a chur le chéile agus ansin an clódóir agus araile mar sin so ó thús deireadh agus é chun thart ar bliain.”

Dúirt sí go raibh na mílte cóipeana dá gcuid leabhair á ndíol ach, mar sin féin, nach bhféadfadh sí maireachtáil ar an ioncam ó dhíolachán na leabhar leis féin.

“Ach an rud ná is féidir saol a chruthú timpeall air sin so cuid mhór den obair a dhéanann mise ná imeachtaí, le cuairteanna ar scoileanna, cúirteanna ar leabharlanna, cúirteanna ar fhéiltí liteartha, cuairteanna le haghaidh Seachtain na Gaeilge, buailim le páistí beagnach chuile seachtain in aghaidh na bliana,” dúirt sí.

“Is gá duit ana chuid stuif éagsúil a dhéanamh chun an ioncam a dhéanamh ach táim tar éis ioncam a thógáil dom féin bunaithe go hiomlán ar mo leabhar agus ar mo chuid oibre mar scríbhneoir.”

Is ionann an scéal atá aici agus an scéal atá ag údair Bhéarla in Éirinn, dúirt sí, agus í a lua roinnt údair Bhéarla atá ar a haithne agus atá beo ar dhíolachán a gcuid leabhair agus na himeachtaí eile go léir ar a bhfreastalaíonn siad.

The Journal / YouTube

Duine de na húdair is aitheanta i saol na litríochta Gaeilge é Alan Titley, colúnaí leis an Irish Times agus údar go leor leabhair, idir úrscéalta, aistriúcháin, filíocht agus eile.  Anuas ar sin is Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh é.

Tá a shaothar,  Scéalta Nollag, cnuasach de ghearrscéalta le léargas ar leith ar an mór fhéile agus a stair, ar an ngearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana, urraithe ag Love Leabhar Gaeilge, feachtas ar líne chun próifíl na leabhar Gaeilge a thógáil.  Ar an ngearrliosta freisin d’ocáid ghradaim An Post, tá Fiche le Colm Ó Ceallacháin, Bódléar le Darach Ó Scolaí agus An Bhlaosc sa mBois le Mícheál Ó Conghaile.  Ag ócáid oíche Dhéardaoin, bronnadh an gradam ar shaothar Uí Scolaí.

 

Mhínigh Titley go raibh sé de nós aige agus é ag scríobh a cholún don Irish Times le breis is scór bliain scéal nó dhó a scríobh gach Nollaig ag déanamh ceangal éigin idir an Nollaig agus an saol comhaimseartha.

“Tá scéal amháin go raibh Íosa agus é ina leanbh, agus más fíor an scéal, Muire agus Iósaf agus iad ar a dteithe chun na hÉigipte ach níor ligeadh isteach iad mar teifigh abea iad agus chaithfí iad a chaitheamh amach arís.

“Bhíos ag iarraidh go bhfeicfeadh daoine an rud a tharla más fíor, don Teaghlach Naofa, go bhfuil a leithéid sin ar siúl sa lá atá inniu ann.

“Fuaireas amach mé féin tar éis fiche bliain éigean go raibh ábhar leabhair sa mhéid a bhí curtha le chéile agam.”

Tá Titley den tuairim go bhfuil beocht ar leith sa litríocht Ghaeilge faoi láthair. “Tá ana chuid leabhair ag teacht amach is tá ana chuid leabhair maithe,” dúirt sé. “I ndáiríre tá an iomad leabhair maithe ag teacht amach – táim críonna go léir chun cuimhneamh go bhféadfá gach aon leabhar Ghaeilge a tháinig amach a léamh.

Anois tá cúig nó sé chinn de chomhlachtaí foilsitheoireachta ann, iad go léir go maith, tá slácht iontach orthu, tá leabhair den scoth ag teacht amach agus is deacair coimead suas leo.

‘Tá an scéal ana shláintiúil is tá sé mar sin le roinnt mhaith de bhlianta.”

Tá dúshláin go leor ann do lucht scríte is lucht foilsitheoireachta na leabhar Gaeilge, dúirt sé. 

“Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an Ghaeilge agus na leabhair atá ag teacht amach nach bhfaigheann siad a ndothain poiblíochta – mar is eol dúinn díoltar leabhair de bharr na poiblíochta a fhaigheann siad,” dúirt sé agus é ag rá go raibh easpa mhór léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge sna mór mheáin. 

Thagair sé don leabhar ‘Lig Sinn i gCathú’ le Breandán Ó hEithir a fhoilsíodh ins na 1970í agus a raibh díolachán ollmhór air ag an am agus ó shin. 

Bhí sé ina ‘bhest-seller’ tóisc go raibh aithne ar Bhreandán Ó hEithir, tóisc go raibh an leabhar go maith agus toisc go bhfuair sé fuíollach poiblíochta – dá dtarlódh sé sin, bheadh ceannach na leabhair i bhfad níos mó ná mar atá faoi láthair.

Bhí Breandán Ó hEithir, ar nós Titley féin, ina cholúnaí nuachtáin agus, anuas ar sin, ba laithreoir ar chlár chúrsaí reatha RTÉ, Féach, abea é.   

In ainneoin go bhfuil Titley ag scríobh don Irish Times le breis is scór bliain, dúirt sé ná raibh an nuachtán tar éis léirmheas ar aon leabhar Ghaeilge a scrigh sé i rith an ama sin. Dúirt sé gur deineadh léirmheas, áfach, ar an aistriúchán go Béarla a rinne sé ar mhór shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille/Graveyard Clay. 

Luach €1m de leabhair Ghaeilge á dhíol gach bliain ó 2021

Tá bonneagar téigeartha ann anois chun tacú le h-údair agus le foilsitheoirí Gaeilge chun a saothar a scríobh agus a chuir ar fáil don mhargadh. In eolas a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do The Journal, dúradh go raibh “comharthaí soiléire ann freisin go bhfuil borradh faoi litríocht na Gaeilge i mbliana”.

“Ba leabhair Ghaeilge os cionn 6% de na hiarratais do chatagóirí leabhar don óige, méadú mór a léiríonn tiomantas na bhfoilsitheoirí Gaeilge don aos óg chomh maith lena n-iarrachtaí leabhair Ghaeilge do pháistí chur chun cinn ag na gradaim náisiúnta i measc na leabhar Béarla,” dúradh sa ráiteas, ag tagairt don ainmniúchán a fuair ‘An Fhia Sa Choill’ ar ghearrliosta na leabhar do pháistí.

Love Leabhar Gaeilge isea togra scéim chun tacú le h-údair agus foilsitheoirí. Tá suíomh idirlín acu ar a bhfuil léirmheasanna ar scór leabhair agus cur síos ar 87 leabhar Gaeilge ó 2023 faoi láthair.   Ón am a seoladh an suíomh idirlín nua i Meán Fómhair 2024, bhí breis is 21.5 míle cuairt air agus tá ardú suntasach freisin ar an líon leantóirí ar na meáin soisíalta. 

Tacaíonn an Fhoras leis an bhfoilsitheoireacht freisin trí Clár na Leabhar Gaeilge agus tá roinnt scéimeanna ag an gClár sin a thugann maoiniu d’ábhar údair obair le scríbhneoirí aitheanta chun tacú leo na leabhair a reiteach le go bhfoilseofaí iad, tá scéim ann freisin a thugann tacaíocht d’fhoilsitheoirí.

Is ar an gcomhlacht ÁIS, comhlacht atá faoi choimirce an Fhorais, is mó a thiteann cúram dháileacháin leabhair Ghaeilge ón tri fhoilsitheoir deag atá tar éis tacaíocht a fháil faoi Scéim na bhFoilsitheoirí mar aon le foilsitheoirí eile leabhair Ghaeilge a dháileadh ar fud na hÉireann agus go h-idirnaisiúnta.

De réir na bhfigiúirí a cuireadh ar fáil do The Journal, bhí díolachán isteach is amach le €1m ag Áis gach bliain ó 2021 agus, go dtí seo i 2025, tá luach €1.16m díolta.  Ní chuireann sin san áireamh an díolachán a bheidh ar leabhair Ghaeilge idir seo agus an Nollaig, an am is mó den bhliain a dhíoltar leabhair go traidisiúnta.

Sa liosta de na leabhair is mó díol atá á dháileadh ag Áis, is é an aistriúchán a rinne Eoghan Mac Giolla Bhríde, a bhunaigh an chomhlacht foilsitheoireachta, Éabhlóid, ar An Prionsa Beag/The Little Prince le Antoine de Saint-Exupér atá ar bharr an liosta le díolachán de 1385 cóip.  Sna sála ar an dteideal sin tá How To Teach Irish To Dogs agus How To Teach Irish To Cats, dhá theideal a dhíol níos mó ná 1,000 coip.

Ach ní h-é Áis an t-aon cluiche sa bhaile mór.  Tá leabhair á dhíol trína suíomhanna idirlín ag furmhór na bhfoilsitheoirí, Éabhlóid, Futa Fata, Cló Iar Chonnacht, An Snathaid Mhór, Leabhair COMHAR agus Foilseacháin Ábhair Spioradálta.   Anuas ar sin is féidir teacht ar leabhair Ghaeilge in áiteanna ar nós An Siopa Leabhar atá anois ar Shráid Camden i mBaile Átha Cliath agus An Ceathrú Póilí sa Chultúrlann i mBéal Feirste.  Tá teacht ar na leabhair ar líne freisin ag suíomhanna an dhá shiopa sin mar aon le suíomhanna ar nós Litríocht. 

Dealraíonn sé ná riamh am chomh maith bheith i do leitheoir Ghaeilge. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds