We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Former Staff Sergeant Séamus Ó Fianghusa described the abrupt withdrawal of US Forces from Afghanistan in August 2021 as a disaster. Alamy Stock Photo

Iar shaighdiúir SAM, Séamus, go fóill ag troid, ach ar son na Gaeilge an uair seo

Chaith Seamus Ó Fianghusa na blianta fada ina shaighdiúir in Arm Mheirceá. Tá misean nua aige anois, troid ar son na Gaeilge.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ AITHNE FHORLEATHAN i measc pobal na Gaeilge ar Shéamus Ó Fianghusa, Meirceánach ó Bhrooklyn i Nua Eabhrac a d’fhoghlaim Gaeilge mar gheall ar a dhúil i gcultúr a shean mhuintir agus a throid ar son Stáit Aontaithe Mheirceá san Afganastáin.

Go deimhin tá an oiread san dúil aige i gcultúr na hÉireann go bhfuil sé tar éis páirt a ghlacadh i gcomórtas amhránaíochta ar an sean nós ag an Oireachtas agus bhí sé i láthair ag an bhféile i mBéal Feirste le gairid.

Creideann sé go laidir i gcúis na Gaeilge agus mar bharr ar an dteanga a fhoghlaim, is é cur chun cínn na teanga an rud is mó a thiomáineann é ina shaol.

Liostáil sé in Arm Mheirceá faoi dhó, ar dtús i 1995 agus lean sé ann go 2003 agus arís i 2007 agus lean sé sa reisimint, an 69ú (ar a dtugtar ‘The Fighting Irish’), go dtí 2018.  Níor fhag sé an Arm an uair sin ach bhog sé go Camp Smith agus níor chuaigh sé ar scor go dtí mí Lúnasa díreach caite.  

Le linn a dhara seal chaith sé seal in Afganastáin, áit ar gortaíodh go h-olc é agus is le linn an ama seo a fuair sé tuiscint ar íbirt phobal na tíre sin, iad san a chuidigh le na Meirceánaigh le h-aistriúcháin agus eile.  Chuir cinneadh an Uachtaráin Biden na trúpaí a aistarraingt deistean air agus dúirt sé gur cinneadh náireach abea é i leabhar a d’fhoilsigh sé féin, The Pullout Sellout.

95291d08-b656-47a9-8617-7cf1459b883a Seo é Séamus faoi agallamh ag a iar chomrádaí san Arm, Pete Hegseth, atá anois ina Rúnaí Cogaidh i rialtas Donald Trump. Fox News Fox News

Bhí a chomrádaithe an mholtach faoin leabhar. Ina measc tá Pete Hegseth, Rúnaí Cosanta/Cogaidh i rialtas Donald Trump. 

Fiú go bhfuil sé imithe ón shaighdiúireacht lán aimseartha, tá sé fós ceangailte lena reisimint, an 69ú, ar a dtugtar ‘the Fighting Irish’, nó is é staraí na reisiminte.   

Tá sé ana bhródúil as an reisimint agus an stair atá acu.  “Bunaíodh muid in 1849 ag Poblachtánaigh Éireannacha ón ngluaiseacht Éire Óg/Young Ireland,  a cuireadh amach as Éirinn i ndiaidh Éirí Amach 1848.

“Throid muid in chóir a bheith achan chogadh a raibh Meiriciceá páirteach ann ó shoin – an Cogadh Cathartha, an Cogadh leis an Spáin, an Chéad agus Dara Cogaidh Dhomhanda, Ioráic agus Afghanastáin. Tá an dúchas Gaelach láidir linn go fóill, agus Gaeilge le feiceáil ar na ballaí san Armlann.

“Bíonn an Reisimint ag ceann tosaigh an Mhórshiúil Pádraig gach bliain. “Caomh faoi mholadh, borb faoí mhaslú” – mana an 69ú “Riamh nár dhruid ó spairn lann” – ar bhratach na Reisiminte, rud a dúirt Óisín le Naomh Pádraig fá na Fianna.”

76815c5b-69bd-4bbc-b3a0-b8e5ef3ce95a Tá Gaeilge ar bhrat na Reisiminte. an 69ú.

Go deimhin bíonn sé go fóill ar dhualgas gach Lá Fhéile Phádraig nó bíonn sé ag léamh as Gaeilge ag an Aifreann ag Eaglais Naomh Phádraig ar Ascail a Cúig/Fifth Avenue ar an mhór fhéile d’Éireannaigh, go h-áirithe dóibh san atá i gcéin. 

Thosaigh a dhúil sa Ghaeilge agus é an óg.  

Tógadh mé le giotaí beaga Gaeilge, “cupla focal” mar a deir siad. Agus na chéad fhocla a bhí agam, bhí siad thar a bheith tábhachtach.

“D’fhéadtaí a rá gur leag siad an dúshraith síos, gur chuir siad an síol isteach i m’anam. D’fhoghlaim mé Comhartha na Croise i nGaeilge sular fhoghlaim mé i mBéarla é nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois.”

Agus é fas suas, bhíodh a athair ag rá leis go raibh sé ‘Irish’ – thosaigh sé ag léamh leabhair faoin oidhreacht agus thosnaigh sé ag teacht ar thuiscint gur ‘Gael’ abea é

“Rinne mé léar mór staidéir i mo chuid ama féin ar stair na nGael, chan amháin in Éirinn ach in Albain fosta, rinne mé staidéar ar stair na gCeilteach uile go léir.

“Agus bhí mé iontach bródúil as an dúchas seo. Ach bhí fhios agam san am chéanna go raibh sin uilig i gcontúirt a bháis, agus sin an fáth go raibh an méid seo spéise agam i nGaeilge.

De réir an taighde a rinne sé, fuair sé amach go raibh oidhreacht Thír Chonaill ag a mhuintir.  Ansan chas sé ar bhean ón gcontae atá ina cónaí i SAM a labhair leis i nGaeilge agus a spreag é chun a chuid iarrachtaí an teanga a fhoghlaim a dhúbailt agus, le cois sin, spreag sí é chun díriú ar chanúint Thír Chonaill, an chanúint is dóichí a labhair a mhuintir fadó.

Ba é sin an chiceáil sa tóin a bhí de dhíobháil orm le tús a chur ar fhoghlaim na Gaeilge.

“Agus fán am a tháinig mise go hÉirinn den chéad uair i mo shaoil sa bhliain 2008, bhí sí agam go líofa.

“Níor bhfada ina dhiaidh sin gur tugadh “Séamus na Gaeilge” orm i dTír Chonaill.  Ní mé a thug sin orm féin, ach muintir na Gaeltachta.”

Ghlac Séamus leis an leasainm sin mar fhianaise go raibh ag éirí leis an Ghaeilge a thabhairt leis. Bhí san iomaíocht i gcomórtais sean nóis ag an Oireachtas idir 2008 agus 2011 agus bhí ar ais ag an Oireachtas i mBéal Feirste i mí Dheireadh Fómhair agus níl sé ag cur as an áireamh go bhfillfeadh sé ar na comórtais amach anseo.

SAIGHDIUIRSEAMUS Chaith Séamus Ó Fianghusa na blianta ina shaighdiíúir in Arm Mheircea agus bhí sé ar dhualgas san Afganastáin i 2010, ag buaic na coimhlinte sa tír sin. Séamus Ó Fianghusa Séamus Ó Fianghusa

 Timpeall an ama sin agus é ag tabhairt faoin nGaeilge le diograis, liostáil sé arís san Arm. 

“Cha raibh sé i mo shásamh ar chor ar bith go raibh fir óga de m’aois féin ag dul anonn agus ag fáil bháis agus mise sa bhaile go breá compordach.”

Dúirt sé ná raibh an cinneadh seo ag brath ar cé a bhí i gceannas an rialtais.

“Ba chuma liom cé acu Bush nó Obama a bhí mar uachtarán, bhí fhios agam go raibh dualgas morálta orm a dhéanamh, agus sin an rud a rinne mé.”

Le linn 2010, an bliain is déine den choimhlint san Afganastáin, bhí sé ar an gcéad líne catha. 

“Bheadh sé amaideach gan eagla ar bith a bheith ort agus tú i gcontúirt do bháis ag troid i gcomhraic cogaidh,” dúirt sé.

“Mar sin de, bhí eagla orm ar ndóighe, ach bhí mé breá ábalta a rialú agus cloigeann soiléir a choinneáil orm. Sin an difear. “Calmacht,” sin an coincheap atá i gceist.”

Dúirt sé gur choinnigh sé ‘giota de chréafóg beannaithe’ de Cholmcille ina chrios an t-am ar fad agus é san Afganastáin.  

Is é Colm Cille éarlamh Chlann Fianghusa; bhí fhios agam go mbeadh sé ag amharc i mo dhiaidh agus go dtiocfainn abhaile i bpíosa amháin. 

 Mar sin féin, níor éalaigh sé gan ghortú ón am a chaith sé san Afganastáin. 

“Bhris mé meall no choise deise nuair a thuirling muid óna hingearáin ar mhisean iontach contúirteach agus thuit mé i bpoll nach bhfaca mé.

“Agus b’éigean domh siúl cupla míle go dtí an chéad COP (Combat Outpost) eile mar cha raibh dóigh taistil ar bith eile le fáil againn! Ach d’iompair mé mo chuid trealaimh i rith an bhealaigh, ní raibh mé ag dul a ligint do dhuine ar bith eile mo lód féin a iompar.”

É sin ráite, dúirt Séamus nach n-athródh sé tada. 

Dá mbeadh an deis agam dhul siar in am, dhéanfainn arís é le fonn. Is tábhachtaí m’onóir agus cosnadh daoiní soineanta ná mo shábháilteacht phearsanta féin.

 Is dona le Séamus mar a tharraing Uachtarán Stáit Aontaithe Mheirceá i 2021, Joe Biden, fórsaí na tíre amach as an Afganastáin amach as an tír i Lúnasa na bliana sin.  Dar leis, ba chinneadh tubaisteach abea é agus thagair sé do mar ‘sabaitéireacht’. 

“B’fhéidir nach mbeadh neart agam ar an chás, ach ba dtiocfadh liom rud ínteacht a rá go poiblí. Sin an fáth gur scríobh mé an leabhar The Pullout Sellout: The Betrayal of Afghanistan and America’s 9/11 Legacy, an chéad leabhar ar an domhan a tháinig amach fá dtaobh den tragóid sin.”

Tá Seamus anois ag obair ar charthanacht a bhunú chun tacú leo san ar fhág fórsaí SAM ina ndiaidh agus iad ag tarraingt amach as an Afganastáin. 

“Cuideoidh The Freedom Support Institute le tarrtháil a dhéanamh orthu siúd fágtha gan dóigh san Afganastáin, agus a bhéarfas comhairle saineolach ar chúrsaí míleata don Roinn Cogaidh agus don gComhdháil.”

Sa deireadh thiar, áfach, is Gael go smior é Séamus.   Dar leis is ceallra é an Gaelachas a chuireann brí agus fuinneamh le gach rud eile a dheineann sé ina shaol.  

“Mothaím go mór go bhfuil an dualgas orm mo dhícheall a dhéanamh lenár n-oidhreacht luachmhar a shábháil, a neartú, agus a tabhairt don na glúntaí atá le theacht inár ndiaidh. Agus tá achan uile rud a ghním i mo shaol ag obair don sprioc sin.”

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds