We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bíonn dearcadh dearfach ag páistí i leith na Gaeilge Alamy Stock Photo

De réir taighde nua, tá fonn ar pháistí an Ghaeilge a fhoghlaim ach tá siad teoranta

Rinneadh suirbhé ar bhreis is 200 mic léinn bunscoile agus iarbhunscoile faoina gcuid tuairimí mar gheall ar fhoghlaim na Gaeilge.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ DEARCADH DEARFACH ag páistí i leith foghlaim na Gaeilge agus tá siad ag iarraidh feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga – ach tá neamhaird á dhéanamh ar a gcuid riachtanais oideachais. 

Is é sin de réir comhairliúcháin atá déanta ag Sealbhú, an t-ionad taighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Óige.

Ullmhaíodh an taighde mar chuid den Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla, a foilsíodh i mí na Samhna.  

Tá dhá thuarascáil foilsithe ag Dr Aisling Ní Dhiorbháin and Dr Patrick Burke ón OCBÁC le moltaí don rialtas. 

Rinneadh suirbhé ar bhreis is 200 mac léinn i bhfócasgrúpaí ag leibhéal na bunscoile, iar-bhunscoile sóisearaigh agus iar-bhunscoile sinsearaigh. 

Cuireadh ceisteanna orthu faoina gcuid tuairimí mar gheall ar fhoghlaim agus curaclam na Gaeilge, cosúil lena tuairimí faoin méid ama teagmhála atá acu leis an teanga agus na rudaí a chuireann fonn orthu a bheith ag foghlaim na teanga.

Léirítear sna tuarascálacha go bhfuil fonn ar dhaoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt ach níl an córas oideachais ag déanamh cúraim ar a gcuid riachtanais. 

Ag labhairt di le The Journal faoin taighde, dúirt Dr Aisling Ní Dhiorbháin gur “chéim chun tosaigh” é an polasaí oideachais nua. 

“Tuigeann leanaí agus páistí na buntáistí cultúrtha, féiniúlachta, cognaíocha agus fostaíochta a bhaineann leis an nGaeilge, ach tá frustrachas orthu leis an méid ama a fhaigheann siad chun Gaeilge a labhairt ar scoil agus lasmuigh den scoil,” a dúirt sí. 

“Is dócha gurbh iad na dúshláin is mó atá ann ná an easpa teagmhála leis an teanga taobh istigh den scoil agus taobh amuigh den scoil agus le teanga ar bith a thalmhú.”

Sealbhaíonn tú teanga nuair atá go leor deiseanna agat cumarsáid a dhéanamh trí mheán na teanga sin, a dúirt sí, ach níl sé sin an chaoi ina múintear an Ghaeilge faoi láthair sna scoileanna. 

Tá an iomarca béime curtha ar litríocht na Gaeilge agus bíonn an córas oideachais atá ann faoi láthair ag brath ar théacsleabhair agus scrúduithe go minic, gan béim a chur ar an nGaeilge labhartha. 

Bíonn ar dhaltaí an iomarca nótaí a thógáil agus rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair sa mheánscoil agus iad ag ullmhú do na scrúduithe stáit ó ranganna sóisearach ar aghaidh.

Dar leis na daoine óga a ghlac páirt sa suirbhé, is teorainn é seo ar a gcuid oideachais Ghaeilge.

Tacaíonn litríocht na Gaeilge le foghlaim na teanga

Ach mar a deir Ní Dhiorbháin, tacaíonn scríbhneoireacht agus léitheoireacht i nGaeilge le teanga a shealbhú, agus dhéanfadh sé dochar dá gheofaí réidh le litríocht na Gaeilge ar an gcóras oideachais. 

“Is dócha go gcaithfimid smaoineamh ar an réimse téacsanna atá ann agus ar an mbealach go bhfuil muid ag dul i ngleic leis na téacsanna sin,” a dúirt Ní Dhiorbháin.

“Tacaíonn an léamh agus an scríobh le neartú na teanga, ach tá sé tábhachtach go mbeadh idirdhealú ann agus go mbeadh difreáil sa teagasc agus san fhoghlaim, chun cinnte a dhéanamh go bhfuilimid ag freagairt do riachtanais na bhfoghlaimeoirí ar fad,” a dúirt sí. 

“Na moltaí a tháinig ó na geallsealbhóirí ná gur chóir go mbeadh polasaí eile ann don Ghaeilge atá ceangailte leis an bhfráma tagartha comónta na hEorpa um theangacha chun cabhrú le leanúnachas foghlamtha.

“Tá sé scríofa sa phlean gnímh go mbeidh grúpa oibre ag dul i mbun oibre air sin agus is dearfach an rud é sin.”

Thug breis is 100 tuismitheoir, múinteoir agus príomhoide a gcuid tuairimí mar chuid den taighde OCBÁC, agus ba mar a chéile a gcuid frustrachas leis an gcóras oideachais Ghaeilge agus na gearáin a bhí ag na mic léinn. 

“Is foghlaimeoirí mionteanga iad mórchuid de na múinteoirí ar bhealach cosúil leis na daoine óga, agus níl go leor deiseanna acu an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil,” a dúirt Ní Dhiorbháin.

Tá sé molta ag na tuarascálacha níos mó tacaíochta a chur ar fáil do mhúinteoirí, agus mar a dheir Ní Dhiorbháin, bheadh sé go hiontach dá mbeadh an deis ag múinteoirí seal a chaitheamh sa Ghaeltacht chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú. 

“Chonaic muid sa taighde ag leibhéal na bunscoile go minic go mbíonn easpa muiníne ar mhúinteoirí,” a dúirt Ní Dhiorbháin.  

“I dtír na mBascach agus sa Bhreatain Bheag, bíonn deiseanna ag múinteoirí bliain a chaitheamh ag foghlaim na Bascaise agus na Breatnaise chun cineál uasghrádú a dhéanamh. 

“Is dócha an rud is mó ná níos mó deiseanna a chur ar fáil do mhúinteoirí in Éirinn agus iad a spreagadh chun glacadh leis na deiseanna sin.”

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds