We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí dea scéalta go tiubh ag Údarás na Gaeltachta ina dtuairisc dheireadh bliana do 2025. Udarás na Gaeltachta

Aire na ndea-scéalta, ionad óige €10m agus díolachán €1.2billiún comhlachtaí Gaeltachta i 2025

Tá beagnach 10,000 fostaithe i gcomhlachtaí Gaeltachta agus díolachán sa bhreis ar €1.2billiún acu ar fud na cruinne.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

LÁ NA nDEASCÉALTA abea an lá inniu i gConamara.  Bhí Aire na Gaeltachta, Dara Calleary sa cheantar Gaeltachta chun céim suntasach chun tosaigh a fhógairt i dtogra chun ionad óige agus oideachais a thógaint sa cheantar agus bhí deascéal eile le fógairt mar gheall ar thorthaí dheireadh bliana Údarás na Gaeltachta do 2025.

Tá luach sa bhreis ar €1.2 billiún ar na h-earraí agus na seirbhísí atá díolta ag comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta don dara bliain as a chéile, thug tuairisc dheireadh bliana an Údaráis le fios. 

B’é seo ceann de na torthaí is suntasaí a raibh le sonrú i raiteas dheireadh bliana na h-aisínteachta do 2025, atá seolta inniu ag ócáid i gCois Fharraige ag a raibh an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, agus Gaeltachta, Dara Calleary, ag déanamh fógra faoi ionad óige a bheidh le forbairt sa cheantar. 

Bhí díolachán iomlán de €1,267m ag comhlachtaí Gaeltachta, €697m an luach a bhí ar easportáil ó na comhlachtaí agus bhí luach €570m ar an ndíolachán in Éirinn.

Dúirt an Aire Calleary gur ‘éacht suntasach beagnach 10,000 duine a bheith fostaithe i gcliantchomhlachtaí na heagraíochta agus díolacháin de €1 billiún a bhaint amach don dara bhliain as a chéile’

“Ní tharlódh sé seo gan obair straitéiseach a bheith déanta ag an eagraíocht thar thréimhse fada.”

Tithíocht sa Ghaeltacht

Nuair a céistíodh an Aire faoi chúrsaí tithíochta tar éis na seoltaí, d’admhaigh sé go raibh sé féin mí fhoighneach ach go raibh obair á dhéanamh ar an ábhar agus dúirt sé go raibh brú á choimeád aige ar an Aire Tithíochta, James Browne, le go bhfoilseofaí ráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta i mbliana.

Dúirt sé, áfach, gur obair mhall a bhí i gceist maidir le ceist na tithíochta sa Ghaeltachta. “Ní féidir tithe a thógáil thar oíche,” dúirt sé.

Tá ceantair Gaeltachta i seacht gcontae, Gaillimh, Maigh Eo, Tír Chonaill, Co na Mí, Port Láirge, Corcaigh agus Ciarraí, agus ní amháin go mbionn an tÚdarás ag spreagadh is ag tacú le fiontraíocht agus fostaíocht sna ceantair sin ach tugann an aisínteacht tacaíocht d’eagrais phobail agus beartais ealaíona freisin.   Is é an príomh misean atá ag an Údarás an Ghaeilge a choimeád mar theanga phobail sna ceantair sin agus a chaomhnú dos na glúinte atá le teacht. 

Tá freagracht ar an Údarás tacú agus comhordú a dhéanamh ar an bpleanáil teanga sna ceantair Gaeltachta agus tacaíonn an áisínteacht le ceanneagraíochtaí, comharchumainn is eagrais pobail eile pleananna teanga a chur i bhfeidhm i 26 Limistéar Pleanála Teanga agus i dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Fuair siad €3.9 milliún i maoiniú agus bhí 33 Oifigeach Pleanála Teanga ag obair leo.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Siobhán Ní Ghadhra, go raibh fás iontach ann le linn 2025. 

“Is é príomhchuspóir an Údaráis pobail a chothú ina labhraítear an Ghaeilge gach lá,” dúirt sí. “Taobh thiar de gach uimhir sa tuarascáil seo tá daoine a bhfuil grá acu don Ghaeltacht agus atá tiomanta dá todhchaí.”

Tá líonra ionad gteic, ionaid ina mbionn leathanbhanda ard luais agus ina mbionn deascanna is oifigí ar chíos d’fhiontair bheaga agus cian oibrithe,  anois ag 29 mol, ag tacú le 436 duine ag obair agus ag cur 867 spás oibre ar fáil. Osclófar dhá mhol eile in 2026.

Intleacht saorga

Tá an tÚdarás ag obair freisin ar fhéidearthachtaí maidir leis an intleacht saorga a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Tá obair ar bun ag an aisínteacht le taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil na Gaillimhe agus le Mozilla Common Voice agus Data Collective is tá tionscadal tástála ann le teicneolaíocht cainte chun seirbhísí poiblí le hAI a fhorbairt i nGaeilge.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, go raibh áthas air ‘fás fostaíochta a fheiceáil taobh le forbairtí suntasacha i réimsí mar theicneolaíocht AI don Ghaeilge agus forbairt pobail’.  

“Tá sé riththábhachtach go leanann muid ag cuthú deiseanna i bpobail Ghaeltachta a chuireann le todhchaí inbhuanaithe dond teanga agus don chultúr,” dúirt sé.

Déanann an Údarás infheistíocht freisin i dturasóireacht agus i mbeartais cultúrtha eile.

vha-1_55077885663_l Beidh an tIonad Óige agus Oideachais lonnaithe i Lurgan i gConamara. Údarás na Gaeltachta Údarás na Gaeltachta

 Seoladh tuairisc dheireadh bliana an Údaráis i gColáiste Lurgan in Indreabhán agus fógra á dhéanamh ag Aire na Gaeltachta ag an láthair chéanna ar an dtogra chun ionad oideachais agus óige a thógaint a bheadh ina lár ionad don gcoláiste Samhráidh rathúil agus ina áis i rith na bliana ag aos óg an cheantair.

D’fhógair an Aire Calleary go raibh an togra, a bhfuil luach isteach is amach le €10m luaite leis, anois ag céim na tairisceana.

“Is céim mhór chun tosaigh í seo a rachaidh go mór chun tairbhe don cheantar agus don phobal máguaird,” dúirt sé. “Cuirfidh sé spás atá de dhíth go géar ar fáil do raon grúpaí pobail agus gníomhaíochtaí sa cheantar Gaeltachta seo, agus neartóidh sé an próiseas pleanála teanga tuilleadh trí spásanna a sholáthar ina gcuirtear imeachtaí agus gníomhaíochtaí chun cinn do dhaoine óga na Gaeltachta agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ó gach cearn den tír.”

Is éard atá sa tionscadal ná ionad nua-aimseartha, ardchaighdeáin a thógáil ina mbeidh halla ilchuspóireach is féidir a úsáid le haghaidh imeachtaí spóirt agus siamsaíochta araon, seomraí ranga, cistin, oifigí agus páirceáil ar shuíomh de chuid Údarás na Gaeltachta ina bhfuil Coláiste Lurgan suite faoi láthair.

Ceaptar go mbeidh sé criochnaithe i 2029.

The Journal’s Gaeltacht initiative is supported by the Local Democracy Reporting Scheme

 

 

 

 

 

 

 

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
JournalTv
News in 60 seconds