We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí cuimhne ag 75% ar an leagan Bhéarla den bhfógra agus 58% ar an bhfógra as Gaeilge. Screenshot ó You Tube

Gaeilge ró dheacair an chonstaic is mó roimh éifeachtacht fhógraí Ghaeilge - taighde

Tá Gaeilge níos simplí agus níos spraíúla de dhith i bhfógraí, tá saineolaí margaíochta ag rá.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

TÁ AN GHAEILGE i bhfógraí teilifíse agus ar na meáin eile ró dheacair chun go dtuigfeadh an phobal iad agus tá gá le Gaeilge níos spraíúla is polasaí níos solúbtha faoi aistriúcháin, tá sé molta ag saineolaí margaíochta agus taighde nua éisithe. 

Toradh é sin ar thaighde atá déanta ag Amárach Research agus tá an moladh faoi pholasaí déanta ag Aoife Porter, bunaitheoir Bua Marketing, comhlacht atá ag iarraidh comhairle a thabhairt d’aisínteachtaí Stáit is ranna rialtas atá dualgas orthu sciar dá bhfograiocht phoiblí a dhéanamh as Gaeilge.

Sa staidéar taighde phíolótach atá foilsithe an mhí seo ag Súil Feasa, an ainm atá ar an seirbhís nua, tagraitear don 1.4% den daonra a labhrann an Ghaeilge go laethúil, de réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanai, agus níos lú ná 10% a deir go bhfuil Gaeilge an mhaith acu.

“Is í an tuiscint ar an teanga an bac is suntasaí ó thaobh fógraíochta trí Ghaeilge,” arsa Porter. 

“Bíonn tionchar suntasach ag an gcumas tuisceana sin ar fheidhmíocht fheachtais.

“Mar sin féin, is léir dá réir go bhfuil deiseanna nua straitéiseacha ann d’fhógróirí atá ábalta cur chuige cruthaitheach a úsáid.

“Má dhírítear ar úsáid laethúil spraíúil ag seachaint teanga theicniúil chasta, is féidir dul i bhfeidhm orthu siúd ag a bhfuil leibhéal inniúlachta níos ísle acu, is é sin le rá formhór na tíre.”

De réir reachtaíocht teanga, ní mór do comhlachtaí poiblí 20% dá bhfograíocht a dhéanamh as Gaeilge agus 5% a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.  I 2024, de réir taighde a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga, rinne comhlachtaí poiblí luach €19m d’fhograíocht as Gaeilge. 

Tá sé tugtha chun solais sa taighde seo go dtugann breis is 50% den bpobal níos mó airde ar fhógraí as Gaeilge agus go bhfuil triúr as gach ceathrar ar son riachtanas dlithiúil go mbeadh fógraí as Gaeilge. 

Deirtear freisin sa taighde gurb iad mná agus daoine idir 18-24 bliain d’aois is túisce a dhéarfaidh go bhfuil siad líofa sa Ghaeilge agus tá tionchar an banna Kneecap á lua mar údar le seo.  Deirtear freisin gur dóichí gur fir seachas mná a roinnfidh ábhar as Gaeilge agus go roinneann móramh de dhaoine atá líofa nó ina gcónaí sa Ghaeltacht ábhar fógraíochta atá i nGaeilge.

De réir na h-anailíse doimhin a deineadh ar dornán fógraí le leaganacha Gaeilge agus Béarla fuarthas go raibh na leaganacha Béarla níos éifeachtaí sa mhéid is gur shroich siad an phobal agus gur tuigeadh iad – ach ní raibh na fógraí Béarla ró fhada chun tosaigh ar na leaganacha as Gaeilge.

Deirtear gurb é an deacracht le tuiscint an constaic is suntasaí agus dá bhféadfaí seo a shárú go mbeadh fógraí nach mór chomh éifeachtach sa dá theanga.

Maitear i dtuairisc Súil Feasa go bhfuil an riachtanas de réir rialacháin go mbeadh aistriúchán iomlán cruinn Gaeilge ar an bhfógra Béarla ina bhac ar thuiscint agus go mbaineann seo ó h-éifeacht an bhfógra. 

“Chuirfeadh polasaí níos solúbtha maidir le h-aistriúchán go mór le cumhacht na bhfógraí as Gaeilge sa todhchaí,” deirtear i gconclúidí an taighde. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds