We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bionn an Ghréasán Eorpach ar son Cothromais Teanga - European Language Equality Network - ag abhcóideacht ar son teangacha mionlaithe. ELEN

Brú ó na Náisiúin Aontaithe ar Éirinn teangacha mionlaigh a chur chun cínn san Aontas Eorpach

Ba cheart go mbeadh cosaint na dteangacha mionlaigh, an Ghaeilge san áireamh, i measc toscaíochtaí na hÉireann agus sinn i mbun Uachtaránacht Aontas na hEorpa, tá sé ráite ag eagras Eorpach.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ TEIPTHE AR an Aontas Eorpach cosaint  mar is ceart a fhorbairt do phobail theanga mionlaithe ar nós comhphobal na Gaeilge laistigh den mbloc cé go mbionn sé ag stocaireacht do mhionlaigh eile ar fud na cruinne, tá sé ráite ag Rapporteur Speisíalta na Náisiúin Aontaithe ar Cheisteanna Mionlaigh.

Thug Nicolas Levrat an méid seo le fios i ráiteas a rinne sé tar éis do cuairt a thabhairt ar an Aontas Eorpach le déanaí agus anois tá an Ghréasán Eorpach ar son Cothromas Teanga ag rá go gcaithfidh Rialtas na hÉireann aghaidh a thabhairt ar cosaint dlithiúil do mhionlaigh teanga laistigh den Aontas Eorpach a fhorbairt nuair a bheidh Uachtaránacht an Aontais againn ó mhí Iúil go Nollaig na bliana seo.

Dar le Levrat ina thuairisc dheireadh mhisin, ní mór don Aontas bheith ag smaoineamh ar chreatlach straitéiseach do theangacha mionlaigh a chur i bhfeidhm.

“Cé go gcuireann an tAE luach le h-éagsúlacht teanga de réir Airteagal 3 den gconradh bunaithe, nil creatlach tiomnaithe agus le feidhm ceangaltach dlithiúil ag an Aontas chun cosaint a thabhairt do mhionlaigh teanga,” duirt sé ina thuairisc.

“Anuas ar sin níl cosaint ar leith ag mionlaigh teanga mar nach údar coiscthe idirdhealaithe é teanga de réir Airteagal 19 den gconradh bíodh is gur údar coiscthe idirdhealaithe é teanga de réir Airteagal 21 de Cháirt an AE ar Chearta Bhunúsacha.

Níl údarás ag an AE cosaint do mhionlaigh teanga a chur i bhfeidhm agus fágtar furmhór na freagrachta fé na baillstáit chomh maith le Cáirt Eorpach do Theangacha Reigiúnda agus Mionlaigh ag Comhairle na hEopa.

“Is í an Chairt an príomh uirlis chun cosaint a thabhairt do theangacha mionlaigh,” dúirt sé.

Mhol sé dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le mionlaigh teanga tré feidhm a bhaint as an fhoráil sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chuireann an cheangal ar an Aontas gnéithe chultúrtha a chur san áireamh agus iad ag gníomhú faoi fhorálacha eile a gconarthaí, go h-áirithe maidir le meas a léiriú d’éagsúlacht a gcultúir agus sin a chuir chun cínn.

Dúirt sé go raibh éagsúlacht teangacha, teangacha mionlaigh san áireamh, i gceist agus caint ann faoi éagsúlacht chultúir an Aontais Eorpaigh. 

Chuirfí fáilte roimh ghníomh thacaíochta ar nós Creatlach Straitéiseach do Theangacha Mionlaigh i mBaol.

Chuir Davyth Hicks, ard rúnaí Ghréasán Eorpach na dTeangacha Mionlaigh (ELEN),  fáilte roimh an méid a bhí á lorg ag Rapporteur Speisíalta na Náisiúin Aontaithe i leith Mionlaigh ón Aontas Eorpach maidir le creatlach do theangacha mionlaigh. 

“Ní mór don Aontas Eorpach glacadh leis go bhfuil cosaint mhionlaigh teanga agus éagsúlacht teangach ag croí an Aontais.

“Ní mór don Aontas Bearta a chur i bhfeidhm chun ár dteangacha a chosaint faoi Alt 2 de Chonradh Liosbóin maidir le cearta mionlaigh,” dúirt sé agus mheabhraigh sé go raibh an chumhacht ag an Aontas seo a dhéanamh faoi Alt 167 a thugann cosaint d’oidhreacht chultúrtha.

Agus é ag féachaint chun tosaigh go dtí an dara leath de 2026, nuair a bheidh uachtaránacht an Aontais ag Éirinn, dúirt Hicks go mbeadh sé ‘go h-iontach’ dá dtapódh an Rialtas an deis cosaint na dteangacha mionlaigh bheith mar thosaíocht ar a gclár oibre le linn an tréimhse sin. 

Tá borradh mhór ar an dtacaíocht don Ghaeilge i measc daoine óga, iad á foghlaim agus á h-úsáid.  Tá Uachtarán agaibh atá go láidir ar son na Gaeilge agus a labhrann amach ar son na teanga. 

“Bheadh sé ar fheabhas dá mbeadh Rialtas na hÉireann sásta caomhnú gach teanga Eorpach atá i gcontúirt a bheith mar cheann dá thosaíochta le linn na hUachtaránachta atá ag teannadh linn.

“Táimíd ag iarraidh go dtacódh siad lenár ngairm go mbeadh creatlach nua straitéiseach a oibreodh chun an cosaint agus an tacaíocht a thabhairt dár dteangacha atá de dhíth ar bhonn práinne.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds