We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá dul chun cínn suntasach déanta maidir le seachadadh sheirbhísí phoiblí tríd an Bhreatnais - ach deir an Choimisinéir Breatnaise, Efa Grufydd Jones, go bhfuil go leor eile le déanamh. Carwyn Hedd wrth eu defnyddio

Athrú ó bhonn ar úsáid na Breatnaise ó tugadh isteadh caighdeáin teanga i 2011 - Coimisinéir

Agus ullmhúcháin ar bun chun caighdeáin teanga a chur i bhfeidhm in Éirinn maidir le seirbhísí phoiblí, tá dea thionchar na gcaighdeáin ar fhorbairt na Breatnaise le feiscint sa Bhreatain Bheag, áit atá siad i bhfeidhm ó 2011.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

DE BHARR BEARTAS a reachtaíodh i 2011 tá dualgas ar fhormhór na gcomhlachtaí poiblí sa Bhreatain Bheag gan caitheamh níos measa leis an mBreatnais ná mar a chaitheann siad leis an mBéarla.

Agus, dar le Efa Gruffudd Jones, Coimisinéir na Breatnaise, tá an cur chuige sin tar éis athrú ó bhonn a chur ar sheachadadh seirbhísí trí mheán na Breatnaise agus, níos mó ná sin, tá dearcadh níos dearfaí i leith seirbhísí a chur ar fáil trí Bhreatnais ag seirbhísigh phoiblí.

Faoi láthair in Éirinn, tá na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí is ranna rialtais ar fáil trí Ghaeilge bunaithe ar scéimeanna teanga a aontaíonn gach comhlacht poiblí is roinn rialtais le hAire na Gaeltachta. Tá cáineadh déanta ar an gcur chuige seo agus tá sé i gceist go mbeadh ar gach comhlacht poiblí is roinn rialtais bun-leibhéal seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, ag brath ar an earnáil. Chuige sin tá sprioc leagtha síos ag an Rialtas go mbeidh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí líofa sa Ghaeilge.

Níos túisce i mbliana, i mí Feabhra, agus é ag tabhairt fianaise ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge, dúirt stiúrthóir na Gaeilge ag Roinn na Gaeltachta, Aodán Mac Cormaic, go raibh dréachtchaighdeáin teanga “réidh” agus le cur os comhair an Aire an mhí ina dhiaidh sin.

Agus í ag caint le The Journal, dúirt an Choimisinéir Gruffudd Jones go raibh breis is 130 comhlacht poiblí san áireamh chun seirbhísí a chur ar fáil trí Bhreatnais ar aon dul leis na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh suas le 170 ann faoi dheireadh na bliana nuair a chuirfí comhlachtaí seirbhísí tithíochta leis an liosta a bheadh san áireamh.

Efa Gruffudd Jones-Comisiynydd y Gymraeg Is í Efa Gruffudd Jones Coimisinéir na Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Tá sí leath slí tríd a téarma seacht mbliain. Comisiynydd y Gymraeg Comisiynydd y Gymraeg

“Is é mo bharúil agus mo thaithí go bhfuil athrú ó bhonn i gceist maidir leis na caighdeáin — ní hamháin maidir le seirbhísí atá ar fáil i mBreatnaise ach an dearcadh atá ag comhlachtaí poiblí i leith na Breatnaise.

“Mar thoradh ar sin tá dearcadh níos dearfaí i leith na Breatnaise ag muintir na Breataine Bige.”

D’admhaigh sí go raibh daoine ann — agus go mbeadh i gcónaí — a cheistíonn cén fáth go dtacódh éinne leis an mBreatnais ach dúirt sí nach raibh ann ach mionlach.

“Deir gach suirbhé go bhfuil an daonra san iomlán ag tacú leis an mBreatnais, agus cuid de sin go bhfuil an Bhreatnais i bhfad níos feiceálaí, agus tá seirbhísí trí Bhreatnais ar chaighdeán seasmhach ar fáil ar fud na tíre.

“Tá athrú dearcaidh freisin i measc ceannairí san earnáil phoiblí sa Bhreatain agus tá níos mó éilimh ar ranganna Breatnaise san áit oibre.”

Dúirt sí go raibh sí ag iarraidh go mbeadh a thuilleadh seirbhísí poiblí faoi réir na gcaighdeán — ina measc an córas ceadúnas tiomána, na coimisinéirí ioncaim agus an tseirbhís príosúin.

Dar léi, bíonn tionchar dearfach ar chainteoirí Breatnaise mar gheall ar na comhlachtaí poiblí bheith faoi réir ag caighdeáin teanga agus, mar gheall ar sin, tá sí ag iarraidh go leathnófar réimse na seirbhísí atá le cur ar fáil de réir na gcaighdeán sin.

Bhí fainic amháin aici, áfach, agus is é sin go gcuireann sí fáilte roimh mhéadú agus leathnú na seirbhísí trí Bhreatnais atá anois ar fáil sa Bhreatain Bheag ach go n-aithníonn sí an tábhacht atá le go mbeadh daoine ag úsáid na seirbhísí sin.

“Is ceist ríthábhachtach í seo nó ceann de na caighdeáin atá leagtha síos againn ná go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí atá ag cur seirbhísí ar fáil trí Bhreatnais na seirbhísí sin a fhógairt agus a phoibliú.”

Dúirt sí go raibh gá a aithint go dtógfadh seo am mar go raibh taithí fad-bhunaithe ag an bpobal bheith ag plé leis na húdaráis trí Bhéarla agus go raibh taithí acu ar théarmaí as Béarla.

Dúirt sí go raibh comhlachtaí atá tagtha faoi na caighdeáin le déanaí, leithéidí Welsh Water/Dŵr Cymru, agus go raibh siad thar a bheith gníomhach ag poibliú na seirbhísí atá siad ag cur ar fáil. “Tá an pobal ag freagairt do sin agus tá siad an-sásta,” dúirt Gruffudd Jones.

An t-aos óg an spriocphobal is mó atá ag an gCoimisinéir agus tá béim ar leith aici ar úsáid na Breatnaise ar na meáin shóisialta a spreagadh ag na comhlachtaí atá ag cur seirbhísí ar fáil. Anuas ar sin, tá taighde déanta acu agus is sa réimse spóirt is mó atá daoine óga ag lorg seirbhísí agus anois, mar gheall ar idirghabháil an Choimisinéara, tá sé mar choinníoll ag na ceanneagraíochtaí spóirt seirbhísí trí Bhreatnais a chur ar fáil má tá siad ag iarraidh deontas a fháil ón gComhairle Spóirt.

Tá Gruffudd Jones dóchasach don todhchaí agus Rialtas Plaid Cymru i gCaerdydd/Cardiff ó mhí Bealtaine ach aithníonn sí go bhfuil go leor le déanamh má tá an uaillmhian atá luaite ag Rialtas na Breataine Bige roimhe seo — go mbeadh 1m cainteoir Breatnaise sa tír faoi 2030 — le baint amach.

Faoi láthair, de réir an Daonáireamh is déanaí (2021), tá tuairim is 538,000 as daonra iomlán de 3.1m a deir go bhfuil siad ábalta Breatnais a labhairt ach deir suirbhé úsáid teanga a déantar go bliantúil go bhfuil isteach is amach le 830,000 a deir go bhfuil siad ábalta Breatnais a labhairt.

Aithníonn Gruffudd Jones, áfach, go bhfuil daoine ag leibhéil éagsúla cumais.

An cheist dheacair ná an bhfuilimid ag iarraidh go mbeadh 1m cainteoir againn a deir Bore Da/Maidin mhaith nó an bhfuilimid ag iarraidh go mbeadh 1m cainteoir Breatnaise againn a úsáideann í gach lá?” 

Tá sí ábalta a saol go léir a chaitheamh trí mheán na Breatnaise, a saol teaghlaigh agus a saol oibre, ach aithníonn sí nach mar a chéile an scéal do chách.

Dúirt sí go raibh obair i measc an phobail, ag forbairt deiseanna chun go mbeadh daoine ábalta a gcuid Breatnaise a úsáid, thar a bheith tábhachtach.

Tá sí leathslí tríd a téarma seacht mbliana agus is ról téarma amháin é seo. Sin barántas ar a neamhspleáchas, dár léi. Cé go n-aithníonn sí go bhfuil go leor déanta aici agus ag na coimisinéirí a tháinig roimpi — tuigeann sí freisin go bhfuil píosa maith eile oibre le déanamh go fóill.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds