We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá móramh súntasach den bpobal ag iarraidh go méadófaí ar an líon cúrsaí atá ar fáil trí Ghaeile ag an 3ú libhéal. Liam Murphy

Móramh ar son níos mó cúrsaí tríú libhéal trí mheán na Gaeilge - pobalbhreith nua

Tá imní nach mbainfí amach an sprioc de 20% d’earcaithe úra sa stat chóras faoi 2030 mura méadaítear ar líon na gcúrsaí 3ú libhéal trí Ghaeilge.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here) 

TÁ NÍOS MÓ ná 60% den bpobal ar son breis chúrsaí tríú leibhéal bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge ó dheas, tá sé tugtha le fios i dtorthaí suirbhé nua atá coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge agus curtha i gcrich ag an gcomhlacht Ireland Thinks. 

De réir torthaí an tsuirbhé, tá 61% den bpobal ar son breis chúrsaí tríú libhéal, ardú ón 54% a léirigh go raibh siad ar a son nuair a cuireadh an cheist chéanna sa tsuirbhé i 2022.  

Dúirt 15% go raibh siad i gcoinnibh cúrsaí breise tríú libhéal trí Ghaeilge, laghdú ón 26% a léirigh freasúra i 2022.  Bhí méadú beag ar an líon daoine a dúirt nár léirigh tuairim nó ná raibh a fhios acu ó 19% i 2022 go 26% i 2o25.

Dar le Pádraig Mac Brádaigh, leas uachtarán ar Aontas na Mac Léinn Éirinn (AMLÉ) agus ball de choiste ghnó Chonradh na Gaeilge, is léiriú iad na torthai ar an suirbhé ar an “tacaíocht thar a bheith láidir i measc an phobail do rochtain níosfearr ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal”.

“Léiríonn sé seo éileamh soiléir ag seasamh ar son na chéad ghlúine eile ionas go mbeidh na deiseanna cuí acu chunstaidéar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge,” dúirt sé.

Thug Mac Brádaigh le fios go gcaithfeadh ‘an Rialtas a chinntiú go bhforbrófar réimse i bhfad níos leithne cúrsaí tríú leibhéal trí Gaeilge sna blianta amach romhainn’.

“Tá gá le spriocanna soiléire, intomhaiste agus samhail náisiúnta cosúil leis an gColeg Cymraeg Cenedlaethol sa Bhreatain Bheag, a oibríonn go díreach le hollscoileanna chun tacú le cúrsaí sa teanga agus iad a leathnú.”

Bhunaigh Rialtas na Breataine Bige an Coleg Cymraeg Cenedlaethol i 2011 chun obair le na h-ollscoileanna chun cúrsaí teanga Breatnaise agus acmhainní eile a fhorbairt do mhicléinn. 

“Táimid ag lorg gealltanais chun líon na gcúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a mhéadú ó níos lú ná 1% go 5% laistigh de 20 bliain.”

Dúirt Mac Bradaigh go raibh sé riachtanach go mbainfí úsáid as an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, caighdeán a aithníonn cumas teanga trasna na hEorpa, ón oideachas luath-óige go dtí an tríú libhéal chun soláthar díreadh a chinntiú do dhaoine inniúil sa Ghaeilge don earnáil poiblí chun an sprioc earcaíochta de 20

“Anuas air seo, tá gá leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach  a chur i bhfeidhm sachóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an 3ú leibhéal chun soláthar díreach de dhaoine inniúil sa Ghaeilge a chinntiú don earnáil phoiblí leis an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.”

Tá coimitmint tugtha ag an Rialtas go mbeidh 20% d’earcaithe úra sa seirbhís phoiblí ábalta comhrá a dhéanamh agus seirbhís a thabhairt trí Ghaeilge faoi 2030.

Bhí an t-éileamh ar son breis chúrsaí as Gaeilge sa réimse tríú libhéal i measc na tosaíochtaí a raibh luaite nuair a thug breis is 25,000 príomh shráideanna Bhaile Átha Cliath orthu féin chun léirsiú ar son cearta teanga agus Gaeltachta. 

méadú tagtha ar réimse na gcúrsaí Gaeilge ag an triú libhéal le blianta beaga anuas agus deiseanna ag mic léinn staidéar a dhéanamh ar ábhair ar nós dlí le Gaeilge, cumarsáid le Gaeilge agus tráchtáil idirnáisiúnta le Gaeilge.   Níl cúrsaí ar nós innealtóireacht agus leigheas ar fáil trí Ghaeilge áfach.   Is féidir Gaeilge a roghnú mar ábhar breise ar go leor cúrsaí, áfach, eolaíocht riomhaireacht i gColáiste na Tríonóide san áireamh.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds