We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Vótáil móramh trom ar son rúin ag iarraidh ar Chonradh na Gaeilge gníomhú ar son aontú na hÉireann ag Ard-fheis an eagrais inniu. CnaG

Gaeil ghlúin Aoine an Chéasta chun gníomhú ar son aontú na hÉireann tar éis na h-ard-fheise

Bhí daoine óga a d’fhas suas ó Chomhaontú Aoine an Chéasta go mór sa treis ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

CÉ GURB É deireadh a chur le críochdheighilt an sprioc le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine, b’é an bhearna idir an líon ard daoine óga i gcomparáid le daoine sna meánaoiseanna agus pinsinéirí an ghné ba shuntasaí le tabhairt faoi ndeara ag an gcomhdháil seo.

Is fada an lá ó raibh an tuairisceoir seo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ach nuair a bhíos ann go deireanach ba mhó i bhfad na daoine le pasanna saor thaistil a bhí sa tinreamh ná daoine le cártaí mic léinn. Tá an chothromóid sin athruithe bunoscionn anois.

Glúin Chomhaontú Aoine an Chéasta iad na daoine óga seo atá anois i gceannas ar an eagras Ghaeilge is mó agus is sine sa tír, eagras a thug go leor ceannairí d’Éirí Amach 1916 agus gur léir nach bhfuil an spiorad réabhlóideach sin caillte ag an eagras. Nó, b’fhéidir gur cirte a rá, go bhfuil an spiorad sin athshealbhaithe ag glúin nua de cheannairí an Chonartha.

B’iad na daoine óga sin a bhí ag tacú leis an rún seo:

Faoi Alt 3(i), cuir isteach an cuspóir nua seo: (j) Gníomhú i dtreo Éireann Aontaithe ar mhaithe le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Agus cé go raibh freasúra ann, ba ghuthanna iad ó ré eile den Chonradh, daoine níos sine ag tairiscint comhairle críonna faoin tionchar a d’fhéadfadh bheith ag vóta ar son an rúin seo ar mheoin na maoinitheoirí i leith an Chonartha agus an stádas carthanachta atá ag an eagras.

B’é Cormac Ó Dúlacháin, abhcóide sinsearach agus ball de Chumann Ghaeilge an Bharra, a luaigh na buairimh sin ach bhí foláireamh níos tromchúisí aige faoin tslí go bhféadfadh an cuspóir seo dá nglacfadh an móramh riachtanach, dhá thrian den tinreamh, leis tionchar diúltach a imirt ar dhaoine ar mhaith leo bheith ina mbaill den eagras ach nach mbeadh ar shon aontú na hÉireann.

“Ceann de na rudaí a bhaineann le leasú cuspóir ná an t-alt a leanann sin sa bhunreacht a chuireann é mar dhualgas ar ball don Chonradh cloí le haidhmeanna agus saintréithe na heagraíochta chun bheith ina bhall,” dúirt Ó Dúlacháin.

Má ghlactar leis an rún seo táimid ag rá le haon duine go bhfuil dearcadh éagsúil acu ar aontacht na hÉireann, níl áit dóibh sa Chonradh.

Luaigh sé taighde a thug le fios go raibh suas le 30% den daonra ó dheas agus 60% ó thuaidh ná raibh ar son aontú na tíre agus thug sé chun cuimhne an ‘cinneadh bródúil’ i 2008 nuair a chinn an Conradh díriú ar an nGaeilge amháin.

Sa tréimhse chúig bliana is fiche ó thús na mílaoise, dúirt sé go raibh ardú tagtha ar ioncam an Chonartha ó €250,000 in aghaidh na bliana go breis is €2.5m go bliantúil.

“Thar dhá mhilliún duine de ansin tagann sé ó fhoinsí poiblí de bharr gur carthanacht cláraithe é Conradh na Gaeilge.

“Tá rialacha dlí a bhaineann le cé chomh fada agus ar féidir cuspóirí pholaitiúla bheith ag carthanacht – tá ceist ann le cíoradh.

“Tá tromcheist amach anseo do Fhoras na Gaeilge, institiúid tras teorainn, an féidir leis an bhForas tacú le gluaiseacht atá i bhfabhar nó i gcoinne mórleasú polaitiúil a bhaint amach, €800,000 atá ag teacht ó Fhoras na Gaeilge.”

Bhí guthanna eile a labhair i gcoinne an rúin ach b’óige, ba threise agus ba líonmhaire i bhfad na glórtha ar a shon.

Dar le Conchúr Ó Muadaigh ó Chomhairle Ceantair Bhéal Feirste, gur léirigh an rún seo a bheith á mholadh ag an ard-fheis i mBéal Feirste uaillmhian agus misneach.

“Ní pobal beag imeallach muid, gluaiseacht beo muid atá ag fás, ag athrú agus ag cruthú todhchaí dúinn féin, pobal muid atá lán díograis agus samhlaíochta.”

Dar le Grian Ní Dhaimhin ó Thír Eoghan, iar Uachtarán ar Aontas na Macléinn in Ollscoil na Ríona, ní bheadh an Ghaeilge sa tSrath Bhán ach go raibh daoine ag tacú leis an nGaeilge agus le hÉirinn aontaithe ag an am céanna mar go raibh an dá rud fite fuaite le chéile.

“Tá mise anseo ag amharc ar cad é atá mé ag iarraidh amach anseo don Ghaeilge agus don Chonradh agus gach maidin éirim agus tá mise ag obair ar son na Gaeilge, is obair frith choilíneach agus díchoilíniú gach aon rud a dhéanann muid ar son na Gaeilge.”

Bhí go leor ban eile a labhair ar son an rúin, mná óga, máithreacha agus múinteoirí. Bhí bean amháin a labhair in éadan an rúin agus a dúirt ná raibh aon dea thoradh riamh nuair a cheangal an Conradh é féin le polataíocht faoi mar a bhí sé i gceist a dhéanamh ag an ard-fheis seo.

Bhí dornán fear a labhair ar son an rúin, Padaí Ó Tiarnaigh, atá ag obair leis an gConradh agus sáite i go leor de na cásanna dlí atá an Ghaeilge lárnach iontu faoi láthair agus Liam Ó Flannagáin ó Charn Tochair i nDoire mar atá pobal Ghaeltachta bríomhar – ach gan an stádas sin.

Dar le hÓ Tiarnaigh, bhí gníomhaithe Ghaeilge ar a nglúine agus iad ag éileamh cearta teanga ón mBreatain agus go raibh sé in am éirí agus bhí an Flannagánach ag iarraidh ar dhaoine a raibh in éadan an rúin siúl i mbróga na dtuaisceartach a bhí faoi chois ag ‘ainriail Shasana’.

Sheas an ghníomhaí Gaeltachta, Donncha Ó hÉallaithe, suas chun caint agus d’admhaigh sé ná raibh sé cinnte cén tslí a chaithfeadh sé vóta. Dar leis go raibh impléachtaí tromchúiseacha don Chonradh agus don nGaeilge dá rithfí an rún – nó dá gcaillfí é. D’iarr sé go gcuirfí an rún ar ais go dtí coiste gnó an Chonartha, an coiste is sinsearaí san eagras, chun athphlé a dhéanamh air sula tabharfaí os comhair na hard-fheise é arís.

B’shin rud ná raibh moltóir an rúin, Conchúr Ó Muadaigh, sásta a ghéilleadh ach, ag tuiscint do go raibh imní áirithe sa seomra mar gheall ar na ceisteanna faoi na ‘rudaí praiticiúla’ a bhí arduithe ag Cormac Ó Dúlacháin níos túisce, thug sé chun solais go raibh comhairle dlí iarrtha ag an gcoiste gnó agus de réir na comhairle sin, níor cheart go mbeadh aon bhaol d’ioncam an Chonartha dá nglacfaí leis an rún.

“Tá muid ag úsáid an spás seo inniu, seo an fóram daonlathach, seo an fóram ag a dhéanaimid plé agus seo an fóram a dhéanfaidh an cinneadh.”

Bhí an focal deireanach ag Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, sa díospóireacht agus é ag rá go raibh sé ar son an rúin mar go raibh an chomhrá faoi aontú na tíre ar bun faoi láthair agus go mbeadh ar an Chonradh bheith páirteach sa phlé mar nár maith leis go mbeadh ceisteanna faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith á bplé agus gluaiseacht na Gaeilge as an áireamh ar an taobhlíne.

Ritheadh an rún le móramh ollmhór, gan ach dornán vótaí in éadan. Ní raibh aon siúl amach dramatúil mar a bhí i 1915 nuair a glacadh leis an manna agus an cuspóir ‘Éire ní hamháin Gaelach ach saor chomh maith, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith’. Ag an Ard Fheis sin i nDún Dealgan, shiúl Eoin Mac Néill agus Dubhglás de hÍde amach agus bhí scoilt san eagras. An bhliain dár gcionn bhí ceannairí an Chonartha i measc iad san a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus cuireadh chun báis Páraic Mac Piarais, Seosamh Pluincéad agus Éamon Ceannt.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds