We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Shane Cullen, ealaíontóir agus comhalta in Aosdána, ag léamh an forogra saoirse cainte i nGuagán Barra ag an deireadh seachtaine Concubhar Ó Liatháin

Lá Saoirse Cainte á éileamh agus deireadh réimeas na cinsireachta ag teannadh linn

Ba mhaith le h-ealaíontóirí go mbeadh 25 Aibreán ina lá saoirse léirithe chun seasamh in éadan na cinsireachta agus chun laoch frith chinsíreachta a chomóradh

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ AN CHOSÚLACHT ar an scéal go dtiocfaidh deireadh go luath le caibidil na cinsireachta in Éirinn agus an Rialtas ag ullmhú chun na céimeanna cuí a ghlacadh aisghairm a dhéanamh ar reachtaíocht  a chuir cosc ar leabhar iomráiteach faoi lanúin i nGaeltacht Chorcaí a spreag diospóireacht bríomhar san Oireachtas agus i leathnaigh na nuachtán sna 1940í mar aon le saothair ó mhór údair eile na hÉireann agus an domhain. 

Cúpla lá roimh a tháinig ealaíontóirí, ceoltóiri is lucht amharclainne le chéile ar bhruach na locha i nGuagán Barra ag an deireadh seachtaine chun comóradh a dhéanamh faoi ‘The Tailor and Ansty’, an leabhar a scrígh Eric Cross faoi Thadhg agus Anastasia Ó Buachalla agus ar coscadh é sna 1940í, cuireadh ceist faoin reachtaíocht sa Dáil. 

Dhearbhaigh an tAire Cultúr, Spórt is Turasóireachta, Patrick O’Donovan go raibh na céimeanna cuí chun na hAchtanna Cinsireachta a aisghairm á ghlacadh ag a Roinn agus é ag tabhairt freagra ar cheist ó Liam Quaide, Teachta Dála ó Chorcaigh Thoir.  Mhínigh an O’Donovan go raibh an cúram faoin mBórd Cinsearachta tagtha go dtína Roinn ón Roinn Dlí agus Cirt i mí Lúnasa anuraidh. 

“Is coimitmint é i Ráiteas Straitéise mo Roinn na céimeanna reachtúla a chur i gcrích faoi sheach chun na hAchtanna Cinsireachta Foilseacháin a aisghairm, mar aon le h-ionstraimí reachtúla agus glacfaidh mo Roinn na céimeanna chun tosaigh sin in am trátha,” dúirt sé an tseachtain seo cáite. 

Dar le Quaide, áfach, b’aisteach an rud é go rabhmar fós ag feitheamh ar reachtaíocht chun an réimeas cinsireachta seo a aisghairm go foirmiúil, gí gur aontaigh an Rialtas an reachtaíocht a aisghairm i 2023.

“Níl cosc ar The Tailor and Ansty a thuilleadh ach thug an cosc ar leabhar seo léargas ar chomh suarach agus eaglach is a raibh cinsireacht in Éirinn,” dúirt sé le The Journal.

“Bhí préamhacha an leabhar sa saol i gCorcaigh agus chaith cultúr a raibh srianta go dainean a an Stát is ag an Eaglais leis an mbéaloideas agus gnath chaint lom na ndaoine mar bhagairt.”

Tailor-bok-768x1024 Chothaigh an leabhar The Tailor and Ansty le Eric Cross go leor conspóide agus cuireadh cosc a mhair 20 bliain air. Farmleigh House Farmleigh House

Comhtharlúint amach is amach go raibh an teacht le chéile ar bun i nGougán Barra agus an cheist seo á cur sa Dáil. Imeacht é a bhí eagraithe ag an déantóir scannáin Lelia Doolan is baill eile d’Aosdána mar aitheantas do Thadhg Ó Buachalla, a cailleadh taca an ama seo i 1945, agus a bhean Ansty, leagan giorraithe den ainm neamhchoitianta Anastasia.

Ba lánúin iad Tadhg agus Ansty a chónaigh i dteach beag cúpla céad slat ó láthair thionóil an tSathairn, Óstán Ghougán Barra. Bhí cáil ar Thadhg gur seanchaí ab ea é agus bhí éirim grinn freisin ag Ansty agus bhíodh daoine ar chuairt chun tí go minic.

I measc na gcuairteoirí ar an teach, bhí Eric Cross, scríbhneoir ó Chontae an Dúin, agus bhailigh seisean na scéalta ó bhéal na beirte agus foilsíodh iad mar shraith in irisleabhar liteartha, The Bell, foilseachán a bhunaigh Seán Ó Faoláin.

Bhailigh Cross na scéalta le chéile i leabhar a foilsíodh i 1942 ach cuireadh cosc air i Meán Fómhair na bliana sin mar gheall ar thagairtí tíorúla, ceaptar, d’ainmhithe agus a nósanna collaíochta.

download Tadhg Ó Buachalla agus a bhean Anastasia - The Tailor and Ansty. Photo from the cover of The Tailor and Ansty by Eric Cross, courtesy of Mercier Press Photo from the cover of The Tailor and Ansty by Eric Cross, courtesy of Mercier Press

Ba tráth é seo i stair na hÉireann go raibh greim daingean ag an Eaglais Chaitliceach ar an ndíospóireacht phoiblí agus polaiteoirí imníoch labhairt amach faoi cheisteanna a raibh baint acu le moráltacht ghnéis ar eagla go léifeadh sagart nó easpag iad ón altóir.

Ba ionann sin agus deireadh le saol polaitiúil.Ag ócáid an tSathairn, léadh den chéad uair dráma nua, By the Mockstick of War, a thugann chun beatha an díospóireacht phoiblí a lean an foilseachán sa Seanad agus i leathanaigh na nuachtán chomh maith leis an slí a chuaigh sin i bhfeidhm ar an Táilliúir agus Ansty freisin.

Thug an saothar seo, a chuir Eavan Aiken agus Ray Roth le chéile bunaithe ar na díospóireachtaí sin, blaiseadh den phlé a spreag an leabhar.

Dúirt an Seanadóir Sir John Keane an méid seo agus é ag cáineadh na reachtaíochta a chuir cosc ar liosta údair le háireamh, leithéidí George Bernard Shaw, Somerset Maugham, Ernest Hemingway agus na húdair Éireannacha, Kate O’Brien, Frank O’Connor, Seán Ó Faoláin, Liam Ó Flaithearta agus Austin Clarke.

What are the standards that are adapted by those whom I advisedly call the literary Gestapo?  Is it that no one shall be allowed to read a book that cannot safely be read by a boy or girl in their formative years? Is that the standard on which the whole of our literature is based?  If that is so, we are turning the whole country into a national seminary.

Rinne Keane roinnt scéalta ón leabhair a aithris ar thaifead an tSeanaid chun a léiriu ná raibh siad chomh gáirsiúil is a rabhthas ag tabhairt le fios ach is amhlaidh gur gearradh iad ón dtaifead oifigiúil mar gheall ar chomh dian is a raibh réimeas na cinsireachta. 

Bhí ionchur ó sheanadóirí eile sa dhíospóireacht agus iad ar mhalairt tuairime le Keane, fear gnó Protastúnach a raibh glan i gcoinnibh an meon Caitliceach/Gaelach a shíl sé bheith ag teacht i réim sa tír ag an am.   Dúirt an Seanadóir Helena Concannon, staraí Chaitliceach ó Dhoire, an méid seo: 

If we are to going to do away with censorship, we would open our gates to a flood of evil.  If Dante came to life again and wanted to think of a really severe punishment for his political enemies, he would condemn them for all eternity to read book like The Tailor and Ansty.  There could not be any torture that would get at their innards more fiercely.  This is the sort of thing that our censors have to read every day. They do it from a sense of duty to their country and a sense of duty to God. And it is dreadfully hard work!

Mar chlabhsúr ar an gcomóradh, léigh an ealaíontóir Shane Cullen forógra ar son saoirse léirithe bunaithe ar rún a rith tionól Aosdána dhá bhliain ó shin. B’í Margaretta D’Arcy, aisteoir, údar agus gníomhaí ar son na síochána a cailleadh anuraidh, a mhol an rún agus b’é Cullen féin a chuidigh leis.

Aithníonn an forógra go bhfuil cinneadh déanta chun aisghairm a dhéanamh ar na dlíthe cinsireachta agus impítear ann “orthu siúd a bhfuil freagracht orthu san earnáil chultúrtha, agus ar ár n-ionadaithe polaitiúla san Oireachtas ról ceannaireachta a ghlacadh i marcáil agus i gcur chun cinn lá bliantúil chun Alt 18 agus 19 de Chairt na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a chosaint, agus cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí ar nós PEN, Amnesty International, agus gach scríbhneoir agus eagraíochtaí ealaíne eile chun cabhrú le ‘Lá Frithsheasmhachta’ láidir a thógáil chun cearta gach ealaíontóra agus an ceart chun saoirse an léirithe a chosaint.”

Tá lucht eagraithe na hócáide ag súil go mbeidh 25 Aibreán aitheanta mar an Lá Saoirse Léirithe agus dúirt Lelia Doolan go raibh seo amhlaidh mar chuimhneachán ar Thadhg Ó Buachalla a cailleadh an tráth seo bliana i 1945.

Tar éis na himeachtaí san óstán, chuaigh an slua chomh fada leis an reilig béal dorais agus cuireadh bláthfhleasc ar uaigh na lánúine. Sheinn an cumadóir ceoil Peadar Ó Riada póilce ar an gconsairtín chun deireadh ceolmhar a chur leis na himeachtaí oifigiúla.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds