We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Ballyferriter, Corca Dhuibhne The Journal/Conor Brummell

Tá mná tí gann i gCorca Dhuibhne agus togra tithíochta nua ar bun chun dul i ngleic leis

In ainneoin cúig mhéadú ar dheontais rialtais chun mic léinn a choimeád i rith an tsamhraidh, tá cúrsa samhraidh amháin i gCorca Dhuibhne fós ag streachailt le mná tí a mhealladh chuig an earnáil.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ EAGRAÍOCHT POBAIL i gCorca Dhuibhe ag súil go rachaidh togra tithíochta nua atá á thogáil acu i ngleic le ganntannas na mná tí sa cheantar. 

Bíonn cúig chúrsa á reáchtáíl gach samhraidh ag Colaístí Chorca Dhuibhne, atá mar chuid de Chomharchumann Chorca Dhuibhne, agus tógann siad thart ar 1,200 scoláirí gach bliain. 

Dar le Páidí Ó Sé, bainisteoir an Chomharchumainn i gCorca Dhuibhne, tá beagnach 1,600 duine ag fanacht ar spás ar dhá chúrsa i mbliana agus tá thart ar 400 duine ag lorg spás ar dhá chúrsa eile.

Ní féidir leis an gComharchumann an t-éileamh do na cúrsaí a shásamh toisc nach bhfuil na leapacha acu daoine óga a thabhairt isteach. 

Tá easpa mná tí ann agus is cúis mhór leis sin ná an easpa tithíochta atá sa cheantar, a dúirt sé. 

“An deacracht atá ann i gcúige Mumhan, go háirithe, ná nach bhfuil ach dhá choláiste atá ag imeacht go lánaimseartha — ceann anseo agus ceann i bPort Láirge,” a dúirt Ó Sé.

“Rinneamar staidéar i 2018 agus thaispeáin sé go mbeidh titim timpeall 550 go dtí 370 ar na leapacha i gceann cúig bliain,” a dúirt sé. 

“Má leanfaimid sa tslí ina táimid, tá na mná tí ar an taobh mícheart don 50 agus dá bhrí sin, beidh siad ag titim amach as an gcóras taobh istigh de chúig bliana nó 10 mbliana agus titfidh na leapacha síos go dtí 289 nó 159.”

The Journal / YouTube

Chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo, tá togra tithíochta nua ar bun ag an gcomharchumann. Tá ceithre theach á thogáil acu sa cheantar agus beidh ar na teaghlaigh a bheidh ina gcónaí ann a bheith mar mná nó fir tí. 

Fuair an comharchumann deontas €274,500 ón Údarás chun na tithe seo a thógáil. Níl cumhacht ag an áisíneacht maidir le tithíocht ach feidhmíonn siad mar mhaoinitheoir agus tacaíocht do na comharchumainn Ghaeltachta agus is cuid dá ngnó siúd na coláistí Samhraidh.

Beidh na tithe réidh faoi dheireadh na bliana seo, agus tá suas le cúigear déag tar éis a suim a léiriú sna tithe.

Bheadh gach teach in ann idir 12 agus 16 scoláirí a thógail isteach agus cabhróidh sé sin go mór le líon na spáis ar na cúrsaí samhraidh i gCorcha Dhuibhne, idir 48 nó 64 scoláire sa bhreis ar gach cúrsa.

“Tá mná agus fir tí ann agus má fhéiceann tú ar an daonra, tá daoine san ord ceart go mbeidís sin in áit,” a dúirt Ó Sé. “Má thógann tú na tithe, tiocfaidh na daoine.”  

Ní hamháin sin ach tá pleananna ag an gComharchumann níos mó tithe a thógáil má éiríonn leis an scéim phíolótach seo, rud atá tábhachtach do thodhchaí na ceantair dar le Ó Sé.

“Tugann sé rud éigin breise do mhuintir na háite,” a dúirt sé. “Tá daoine ag obair anseo sa samhradh agus tá suas le 20 duine óg ag obair sna coláistí samhraidh.”

“Síleann daoine gur tionscadal maith é seo a chuidíonn leis an ngeilleagar áitiúil, agus mothaíonn siad go bhfuil rud éigin tábhachtach acu.”

Ach cén fáth nach bhfuil mná tí ag teacht isteach sa traidisiún?

Bíonn Angela Uí Grífín ag obair mar bhean an tí i rith an tsamhraidh. Is cúntóir sainriachtanais i gColáiste Íde (scoil chónaithe lán-Ghaeilge sa cheantar) i rith an scoilbhliain.

Is bean an tí í Uí Grífín le 25 bliain anuas anois agus bhí a mátháir ag obair san éarnáil roimpí, thart ar 60 nó 70 bliain ó shin.

“Is breá liom daoine daoine óga agus tugann sé fuinneamh don teach. Bíonn comhluadar ag baint leis,” a dúirt sí.

The Journal / YouTube

Dar le hUí Grífín, tá deacrachtaí ann na laethanta seo do mná tí chun daoine óga a choimeád sa teach, mar gheall ar chostais atá ag ardú agus riachtanais atá níos déine ná mar a bhí 25 bliain ó shin.  

“Nuair a thosnaíos amach ar dtús mar bhean an tí, mhothaigh mé gur fiú na scoláirí a choiméad, ach tá sé ag fáil i bhad níos deacra anois. Tá costais imithe chomh ard sin,” a dúirt sí. 

“Nílim ag rá nach fiú iad a choimeád, ach níl an brabús chomh hard sin. Ba cheart go mbeadh an brabús níos mó, toisc go bhfuil i bhfad níos mó i gceist lasmuigh do chostais cosúil le costais ola agus costais árachais.

“Tá costais bídh imithe in airde freisin. Tá sé feichte agam – bhí mé in ann blúirín aráin a fháil ar 95 cent cúpla bliain ó shin agus anois tá sé €2.32.”

Chomh maith leis sin, dúirt sí “go bhfuil muid gann ar mná agus fir tí” toisc go bhfuil daoine ag éirí as an traidisiúin, ag dul ar scor, agus ní bhíonn an iomarca daoine óga ag teacht ina dtreo. 

“Ag deireadh an lae, is post páirtaimseartha é seo in Éirinn. Ní post lánaimsireatha é agus níl againn ach cúpla mí sa bhliain go bhféadfaimid scoláirí a choimeád,” a dúirt Uí Grífín. 

“Caithfidh tú post a bheith agat chun tú féin a choimeád ag imeacht agus is dóigh liom do dhaoine óga, tá formhór acu i bpoist agus ní theastaíonn uathu post lánaimseartha suas chun post páirt aimsire a thógail.

“Tá muid ag teacht go dtí an t-aois go mbeidh daoine ag fágáil agus táimid gann ar mná tí. Agus toisc go bhfuil sé sin ag tarlú, tá baol ann nach mbeadh aon mná tí ann i gceann 20 bliain.”

Freagra ó Roinn na Gaeltachta

De réir figiúirí ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, tá 533 teaghlach gníomhach faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2025, is iad siúd na teaghlaigh a thógann scoláirí isteach i rith an tsamhraidh.

Cláraíodh 35 teaghlach nua in 2025 ach ba é 11 teaglach an glanmhéadú don earnáil. Cláraíodh 31 teaghlach go dáta in 2026.

I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, dúirt urlabharaí ón Roinn gur “earnáil tráchtála í earnáil na gcoláistí Gaeilge go príomha”  agus “is ar lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge féin atá an phríomhfhreagracht maidir lena gcoláistí”.

“Tacaíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta leis na coláistí chun teaghlaigh a mhealladh isteach san éarnáil trí dheontais agus fóirdheontais aon-oíche a chur ar fáil do theaghlaigh aitheanta na scéime,” a dúirt an ráiteas.  

“Fógraíodh ardú le gairid de €1.50 ar an bhfóirdheontas aon-oíche ó €14.50 go €16 a íoctar de ghnáth faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge na Roinne le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim.

“Tháinig ardú €1.50 ar an deontas ó €10.50 go €12 a íoctar leis na brúnna/coláistí cónaithe atá aitheanta chun lóistín a sholáthar faoin scéim.

“Is é seo an cúigiú ardú ó 2022 fóirdheontas na scéim ó tús 2022, sin ardú de 60% a íoctar le teaghlaigh na scéime agus ardú 140% le brúnna/coláistí cónaithe. Tháinig an t-ardú seo i bhfeidhm ar an 30 Bealtaine 2026.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds