We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is don Ghaeilge amháin a fheidhmíonn córas na ndiolúintí tugadh le fios ag cruinniú de chuid Comhchoiste an Oireachtais don nGaeltacht, don nGaeilge is do Phobal Lábhartha na Gaeilge. Sam Boal

Is í an Ghaeilge amháin atá san áireamh sa chóras díolúintí, mar is í an t-aon ábhar éigeantach

De bharr gurb í an Ghaeilge an t-aon chroí ábhar ag an bunleibhéal agus an meán leibhéal i scoileanna na hÉireann, is don nGaeilge amháin atá diolúintí ar fáil.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

NÍL AON CHÓRAS ann chun diolúintí ó staidéar an Bhéarla nó Máta a chuir ar fáil do dhaltaí bunscoile nó meánscoile le riachtanais breise oideachais, tá sé ráite ag oifigeach sinsearacha ón Roinn Oideachais agus Óige. 

D’admhaigh Mark Bohan, an phríomh oifigeach le freagracht do Scéim na nDiolúintí, gur chuir sé iontas air féin nuair a cuireadh ar an eolas é gurb í an Ghaeilge an t-aon ábhar éigeantach a raibh de dhualgas ar gach scoil a chuir ar fáil ag an mbunleibhéal agus ag an meán leibhéal.

“Déanann gach duine é ach go teicniúil níl sé amhlaidh,” dúirt sé. “Tuigim go bhfuil sin ina iontas.

“Nuair a bhí an comhrá seo agam ar dtús, bhí iontas orm féin freisin — ach go teicniúil is í an Ghaeilge an t-aon ábhar amháin a gcaithfear a chur ar fáil, mar shampla, mar chuid de chúrsa Ardteistiméireachta i scoil.”

Bhí sé ag freagairt ceiste ón Seanadóir Shane Curley le linn na h-éisteachta is déanaí de chuid Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, Phobal Labhartha na Gaeilge agus na Gaeilge ar cheist na ndiolúinti, an seisiún deireanach roimh shaoire Chásca an Oireachtais. 

Tá an chonspóid faoi Scéim na nDiolúinti ag géarú mar go bhfuil eagrais Ghaeilge ag gearán faoin ardú ghéar atá tagtha ar líon na ndiolúintí atá á mbronnadh bíodh is go bhfuil an Roinn ag maíomh nach mbronntar iad ach i gcásanna fíor éisceachtúla. 

Ag leibhéal na meánscolaíochta, ligtear do pháistí le diolúint ón nGaeilge tríd gan scrúdú Stát ar nós na hArd Teiste a dhéanamh sa Ghaeilge.  Tá conspóid ag an leibhéal bhunoideachais freisin mar gur minic go mbionn tréimhsí tacaíochta riachtanas breise á sceidealú ag múinteoirí ag an am chéanna le ranganna Gaeilge, rud a chuireann brú ar thuismitheoirí rogha a dhéanamh idir ranganna Ghaeilge agus na seisiúin tacaíochta sin.

“Riaraimid an scéim díolúine don Ghaeilge agus sin é an rud a bhfuilim eolach air,” dúirt sé. “Mar sin féin, is é mo thuiscintse gurb é an fáth go bhfuil scéim díolúine ann don Ghaeilge agus ní do na hábhair eile ná go bhfuil an Ghaeilge ina hábhar croí a gcaithfear, go teicniúil, a chur ar fáil idir an bunscoil agus an mheánscoil araon.”

Dúirt an Seanadóir Curley gur léirigh sin go raibh fadhb ann maidir leis an nGaeilge ná raibh leis an mBéarla ná Matamaitic.  

“Má tá fadhb ag dalta le mata nó Béarla, tagann muid ar bhealach timpeall air chun cabhrú leo dul i ngleic leis an ábhar sin, ach má tá an Ghaeilge ródheacair don dalta deirtear, “Fág é, agus faigh díolúine”.”

Dúirt an Teachta Dála Shóna Ní Raghallaigh gur léir ná raibh córas na ndiolúintí ag obair agus d’iarr ar ionadaithe na Roinne míniú a thabhairt.

“Níl aon fhianaise ann ag rá gurb ionann riachtanas breise agus gan a bheith in ann teanga a fhoghlaim,” dúirt an TD.  “Níl aon fhianaise ann nach féidir le duine ó thír eile an tríú teanga a fhoghlaim, de ghnath tá siad dhá theangach nuair a thagann siad anseo.”

Tugadh le fios freisin le linn na h-éisteachta nár cheart go séanfaí an Ghaeilge go h-iomlán ar dhaltaí a fhaigheann diolúin ón nGaeilge mar ábhar scoile. 

Mhínigh Brendan Doody,  ón Aonad um Bheartas Oideachais Speisialta, go raibh sé leagtha amach sa chiorclán is déanaí a leag síos na riachtanais le go mbronnfaí diolúine ar dhalta ón nGaeilge go leanfadh an dalta i dteagmháil leis an dteanga. 

“Ó thaobh na staitisticí de, le daonra áirithe is féidir linn a rá go mbeidh deacrachtaí ag 2% de aon daonra ar leith. Beidh deacracht agus dúshlán fíor acu maidir le rochtain ar an teanga,” dúirt sé.

“Ní chiallaíonn sé sin nach féidir leo teanga a fhoghlaim.

“Sa chiorclán, tá ráiteas an-soiléir ann nach gciallaíonn díolúine nach bhfoghlaimíonn tú an teanga.

“Ciallaíonn díolúine nach gá duit teacht ar gach gné den teanga, ach má tá an cumas agat éisteacht agus labhairt níl aon chúis nach féidir leat teacht uirthi de réir do chumas féin. Tá sé sin an-soiléir sa chiorclán.”

Ghlac Doody leis freisin go raibh scoileanna ag sceidealú ranganna Ghaeilge ag an am chéanna le ranganna oideachas breise agus dúirt sé nach ‘deá chleachtas’ a raibh ann.

Dúirt a chomhleacaí, Mark Bohan, go raibh an Roinn ag ullmhú bileoga a chuirfeadh eolas ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí maidir leis an eolas riachtanach i leith na ceisteanna a bhaineann le diolúintí. 

Dúirt sé go bhféachfadh an Roinn ar scoileanna le líon íseal diolúintí chun tuiscint a fháil ar conas mar a bhainistítear diolúintí sna scoileanna sin. 

Le linn na h-éisteachta tugadh le fios go raibh diolúintí ón nGaeilge ag 12,131 dalta  bunscoile – nó 2.2% den iomlán -  le linn na scoilbliana 2024/25 agus dúradh gur léirígh sin go raibh líon na ndíolúintí a bhí á mbronadh ag dul i laghad ó 2018.

De réir fhigiúirí a tugadh chun solais in eagrán de TG4 Iniúchadh i Meán Fómhair na bliana seo cháite, tugadh diolúintí do 60,946 dalta meán scoile don scoil bhliain 2024/25, an líon ba mhó riamh. 

Arís is arís le linn na h-éisteachta bhéimnigh oifigigh na Roinne gur i gcásanna ‘fíor éisceachtúla’ a tugadh diolúine ón nGaeilge. 

Thug Gavan O’Leary,  Rúnaí Cúnta sa Roinn, léargas ar phlean ghnímh na Roinne maidir leis an nGaeilge i scoileanna nach Gaelscoileann nó scoileanna Ghaeltachta iad.

“Maidir leis an bplean gnímh, “Is féidir liom, is féidir linn’, is plean dhá bhliain é a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla,” dúirt sé.

“Bhí próiseas comhairliúchán agus taighde fairsing mar bhonn eolais don phlean gnímh,” dúirt sé. “Tacóidh sé le scoileanna curaclaim atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun eispéiris foghlama níos tarraingtí agus níos luachmhaire a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds