We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhíodh ionad ag Gael-Taca i lár na cathrach ach tá sé dúnta anois le blianta beaga anuas. Gael-Taca

'Mearbhall' ar eagras Ghaeilge i gcathair Chorcaí taréis diultú na Roinne dá phlean teanga

Tá cainteoirí Ghaeilge cathair Chorcaí ag fiafraí cé acu an bhfaca Aire na Gaeltachta an phlean teanga a chuir siad go dtí an Fhoras agus Roinn na Gaeltachta dhá bhliain ó shin.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SÉ RÁITE ag cathaoirleach an eagrais Ghaeilge i gcathair Chorcaí go bhfuil mearbhall air tar éis ráiteas bheith éisithe ag Roinn na Gaeltachta inar dúradh nach raibh “plean de chaighdeán inghlactha faighte” chun go ndéanfaí measúnú ar iarratas na cathrach bheith ina bhaile sheirbhíse Gaeltachta. 

De réir liosta a glacadh leis i 2014, tá 16 bhaile sheirbhíse Gaeltachta aitheanta sa tír.  Is bailte iad seo atá láimh le pobail Gaeltachta agus tá sé i gceist go mbeadh seirbhísí Stáit agus poiblí as Gaeilge ar fáil sna bailte sin do phobal na Gaeltachta agus cainteoirí Ghaeilge trí chéile. 

Tugtar deontas suas le €100,000 sa bhliain don eagras atá freagrach as an plean a chuir i bhfeidhm i ngach baile sheirbhíse Gaeltachta chun an obair sin a chur chun cínn.    Tá Corcaigh luaite ar an liosta sin, mar aon le báilte ar nós Trá Lí i gCiarraí, An Uaimh i gContae na Mí agus Dún Garbháin sna Déise. 

Is é  an ráiteas ó Ghael-Taca seo an chasadh is déanaí i scéal ina bhfuil an eagras, grúpa a bunaíodh breis is dhá scór bliain ó shin chun an teanga a chuir chun cinn cois Laoi, ag iarraidh go mbeadh Corcaigh ina bhaile sheirbhíse Gaeltachta de réir téarmaí reachtaíochta a ritheadh tríd an Oireachtas i 2012.

I bhfreagra ar cheist ó The Journal, dúirt Dara Calleary, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, nár “cuireadh plean teanga de chaighdeán inghlactha le chéile i leith Chathair Chorcaí”. 

Tugadh an méid sin le fios freisin i bhfreagra ar cheist Dála a thug an Aire do Thomas Gould, TD do Shinn Féin i gCorcaigh Lár Thuaidh. 

Chuir an freagra sin iontas ar Sheán Ó Laoi, cathaoirleach Gael-Taca, agus dúirt seisean:

“Tá mearbhall orm ar aon choma thar cheann Gael-Taca go ndúirt an tAire a leithéid mar, chun an fhírinne a rá, chuireamar caipéis cruínn cuimsitheach go dtí Foras na Gaeilge go dtí an Roinn dhá bhliain ó shin.”

Sa ráiteas a d’eisigh an Roinn mar fhreagra ar cheist ó The Journal, dúradh gur “thug Aire Stáit na Gaeltachta fógra ag an am faoi Alt 9(2)(a) den Acht Gaeltachta in 2017 chun tús a chur leis an bpróiseas chun plean teanga a ullmhú do Chathair Chorcaí”.

“Ligfeadh sé seo do chathair Chorcaí stádas Baile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach faoin bpróiseas pleanála teanga.”

Thug Gael-Taca faoin obair seo agus thar tréimhse sé mhí nó mar sin i 2023, chuir siad le chéile plean teanga a raibh, dar leo, cuimsitheach.  D’fhostaigh siad duine, múinteoir le cáilíocht sa phleanáil teanga, agus chuaigh siad i gcomhairle le grúpaí éagsúla sa chathair, lucht ghnó, cumainn lúthchleas Gael, grúpaí óige is cumainn tuismitheoirí is eile.  An sprioc a raibh ann ná a fháil amach cad iad na seirbhísí a raibh de dhith agus plean a chumadh chun iad a chuir ar fáil. 

Dúirt Ó Laoi le The Journal go raibh an plean réitithe faoi Fheabhra 2024 agus, ag an am sin, gur sheol sé é chuig Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta – a raibh, ag an am sin, mar chuid den Roinn Ealaíon, Cultúr, Spórt agus Turasóireachta.

Ós rud é go bhfuil an tAire anois ag ceistiú go bhfuil ‘plean inghlactha’ i leith cathair Chorcaí, is é seo an cheist atá ag cathaoirleach Gael-Taca.

“‘An bhfuil aon tseans ann go bhfuil míthuiscint ann i gcás an Aire Calleary nó a chuid comhairleoirí?  Chuireas an cháipéis chuimsitheach chuí go dtí Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta thar ceann GT ach freagra ar bith ní bhfuaras.”

Cé ná bhfuair Ó Laoi aon fhreagra ón Roinn maidir leis an bplean, fuair sé deimhniú go raibh an plean faighte ag an bhForas agus go raibh sé seolta ag an institiúid teanga tras teorainn go dti an Roinn faoi Mheán Fómhair 2024.

Tá teannas le blianta beaga anuas idir an Roinn agus Gael-Taca.  I mí na Márta 2024, thug an tAire le freagracht na Gaeltachta ag an am an freagra seo ar cheist ó Thomas Gould:

The Department received a new funding application from Gael-Taca in September 2023. It is the Department’s view, however, that sufficiently robust structures are not in place to avoid governance issues reoccurring.  In light of these circumstances, the Department is not in a position to provide grant funding to the organisation.

Thug cathaoirleach Gael-Taca le fios do The Journal go raibh na ceisteanna faoi rialachas réitithe agus ní raibh aon tagairt don ábhar sa ráiteas is déanaí ón Roinn.

Anuraidh bhí gaelscoileanna agus meán scoileanna lán Ghaeilge i gcathair Chorcaí i mbaol nach gceapfaí cúntóirí teangan chun cuidiú leo tacú le páistí a raibh ar bheagán Ghaeilge a chláraigh ina scoileanna.   An fath le seo abea an riail ná raibh cead cúntóirí teanga a cheapadh i mbailte seirbhíse Gaeltachta gan plean teanga a bheith faofa ag Aire na Gaeltachta agus ní raibh a leithéid i gCorcaigh. 

I ráiteas na Roinne do The Journal, rinne an tAire tagairt don gcinneadh seo: 

“In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ann maidir le plean teanga a aontú do Chathair Chorcaí, rinne an tAire Calleary cinneadh in 2025 forálacha Scéim na gCúntóirí Teanga na Roinne a leathnú chuig gach scoil lán-Ghaeilge sa chathair – cinneadh a d’fháiltigh na páirtithe leasmhara ar fad roimhe.”

I mí Lúnasa anuraidh, áfach, d’fhógair an Aire Calleary, áfach, agus agóid á bheartú ag daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ag ceannaras na Roinne san Forbacha i gConamara go mbeadh cathair Chorcaí agus Baile Dhún na nGall san áireamh i Scéim na gCúntóirí Teanga, fiú is ná raibh plean teanga faofa ina leith go fóill. 

An mhí seo cáite d’fhogair príomh-fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh ceithre bhaile nua ag tosnú ar a n-aistear pleanála teanga.   B’iad na bailte sin ná Maigh Chromtha i gContae Chorcaí, an Uaimh agus Átha Buí i gContae na Mí agus Baile Dhún na nGall.  

“Is céim shuntasach í seo sa phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus gach baile a bhí aitheanta mar bhaile féideartha sa chomhairliúchán in 2014 anois ar aistear pleanála teanga,” dúirt Ó Coinn. 

D’iarr The Journal ar Fhoras na Gaeilge cén fath ná raibh cathair Chorcaí san áireamh. 

“Tá éiginnteacht go fóill ann faoin gcur chuige i gCathair Chorcaí, agus tá Foras na Gaeilge ag fanacht le cinneadh ón Aire ina leith sin,” dúirt urlabhraí an Fhorais linn.  

Tugadh suntas freisin do theacht le chéile a reáchtáladh i gCathair na Mart ag tús na Marta ag a raibh cuireadh ag oifigigh phleanála teanga ó limistéir phleanála teanga sa Ghaeltacht agus i mbailte sheirbhíse Gaeltachta freastal air. 

Níor tugadh cuireadh d’aon ionadaí ó Ghael-Taca bheith i láthair ag an imeacht ag a labhair an tAire, Dara Calleary, dúirt Adrian Breathnach, rúnaí Gael-Taca le The Journal

Ón am ar dúnadh ceanncheathrú Gael-Taca ar Ché Uí Shuilleabháin i lár na cathrach, níl aon áit lárnach ag cainteoirí Ghaeilge chathair Chorcaí nó daoine ó phobail Ghaeltachta Chorcaí i Múscraí agus ar Oileán Chléire le teacht le chéile.  Tá ionaid mar seo i ngach cathair is baile mór eile sa tír – Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Béal Feirste san áireamh. 

Thug an Roinn leid faoi na céad chéimeanna eile sa phroiséas chomh fada is a bhaineann sé le cathair Chorcaí sa fhreagra ar sheol siad chuig The Journal.

“Dá réir sin, tá an Roinn ag breathnú faoi láthair ar na chéad chéimeanna eile maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga sa chathair. Tá cur chuige molta á ullmhú ag oifigigh lena bhreithniú ag an Aire Calleary agus déanfar cinneadh maidir le conas is féidir leis an bpróiseas dul ar aghaidh sa chathair go luath.”

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds