We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Thug toscaireacht ó Pharlaimint na hEorpa cuairt ar an t-aon chúrsa ateangaireachta sa tír, in Ollscoil na Gaillimhe, ag tús na seachtaine seo. Cynthia Ní Mhurchú

Ná fágtar an Ghaeilge ar an dtaobhlíne i bParlaimint na hEorpa - Cynthia Ní Mhurchú

Agus Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach ag teannadh linn, tá brú ag dul i dtreis mar gheall ar easpa ateangairí.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ AN BHRÚ ag dul i dtreis maidir le deireadh a chur le maolú sa Pharlaimint Eorpach atá lochtaithe as an Ghaeilge a fhágáil ar an taobh líne de bharr easpa ateangairí chun óráidí Gaeilge ó fheisirí na hÉireann a aistriú, tugadh le fios ag cruinniú a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath inné.

Tar éis gur thug toscaireacht ón Stiúrthóireacht LINC (an stiúrthóireacht a bhíonn ag plé le heagrú comhdhálacha agus ateangaireacht sa Pharlaimint) ar Chonamara ag tús na seachtaine seo, dúirt urlabhraí ón Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe, agus Gaeltachta, go raibh grúpa oibre bunaithe idir an Roinn is an Stiúrthóireacht chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas ateangairí.

Tá stádas mar theanga oifigiúil oibre ag an nGaeilge ó 2022 agus, go hoifigiúil, tá sí agus an Mháiltis ar chomhchéim leis an 24 teanga oifigiúil oibre eile. Vótáil feisirí sa Pharlaimint deireanach maolú a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar na seirbhísí a fhéadfaí cur ar fáil go dtí 2029.

Mar gheall ar seo níl ateangaireacht ach ar fáil sa Pharlaimint i Strasbourg don dá sheisiún déag iomlánach a bhíonn ann go bliantúil. Níl seirbhís ateangaireachta ar fáil do na seisiúin nach bhfuil iomlánach sa Bhruiséal ná na cruinnithe coiste ach chomh beag.

Dúirt Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach Fhianna Fáil in Éirinn Theas, go raibh sí chun an maolú atá ar an nGaeilge, maolú a mhairfidh go dtí deireadh théarma na Parlaiminte seo i 2029 mura n-athráitear é, a thógáil le hUachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola.

Bhí an Fheisire ag labhairt ag cruinniú a thug sí le chéile in Oifig Pharlaimint na hEorpa i mBaile Átha Cliath inné, cruinniú ag a labhair ionadaithe ón bParlaimint, ó Chonradh na Gaeilge agus bhí Coimisinéir na Gaeilge ó Thuaisceart Éireann i measc na gcainteoirí freisin.

Bhí an chruinniú dírithe ar phlé a dhéanamh ar an easpa ateangairí faoi láthair agus moltaí a fhorbairt chun brú a chur ar an Aontas Eorpach teacht ar mhalairt pholasaí i leith na Gaeilge.

“Is deis ar leith í Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Eorpach dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an nGaeilge, atá fágtha ar an taobh líne sa Pharlaimint Eorpach, a bhogadh i dtreo an láir,” dúirt Ní Mhurchú.

“Caithfear deireadh a chur leis an maolú atá ann faoi láthair i 2029 agus gan ligint don bParlaimint é a athnuachan faoi mar a tharla sa mhandáid deireanach i 2024.”

Dúirt an Fheisire go raibh litir á seoladh aici go dtí Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, chun an cheist a thógáil léi agus go mbeadh toscaireacht d’oifigigh shinsearacha ón bParlaimint ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine chun buaileadh le hoifigigh ó Rialtas na hÉireann agus le polaiteoirí ó na páirtithe éagsúla chun brú a chur maidir le cás na Gaeilge agus an maolú uirthi a chur ar ceal.

Le linn an chruinnithe inné thug Dáithí Mac Carthaigh, Gáirmí um Theanga Dhlíthiúil in Aonad na Gaeilge sa Seirbhís Aistriúcháin sa Pharlaimint, le fios go mbeadh gá le triúr ateangaire chun seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ag cruinnithe iomlána agus cruinnithe coiste de chuid na Parlaiminte. San iomlán bheadh duine dhéag ag teastáil san aonad, seisear aistritheoirí san áireamh.

“Nuair a bhíonn cruinnithe coiste ar siúl, is é sin an áit a dhéantar cuid is mó den obair, cosúil le céim an choiste sa Dáil agus sa Seanad,” dúirt sé.

“Ní chuirtear na leasuithe sin ar fáil trí Ghaeilge, cuirtear ar fáil iad sna teangacha eile,” dúirt sé. Dhearbhaigh sé freisin nach mbíonn ateangaireacht ar fáil don Ghaeilge le haghaidh na gcruinnithe coiste.

Thug cainteoir eile le fios ag an gcruinniú go raibh deichniúr ateangaire le Gaeilge san iomlán fostaithe don gCoimisiún is do Chomhairle na nAirí.

Ag tús na seachtaine seo thug toscaireacht ó DG LINC, an stiúrthóireacht de chuid Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as comhdhálacha a reáchtáil agus seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil, cuairt ar Chonamara, áit ar ghlaoigh siad isteach ar oifigí an Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta agus ag ceanncheathrú na Roinne Forbartha Pobail agus Tuaithe, agus Gaeltachta sna Forbacha.

Tar éis an chruinnithe sin, dhearbhaigh urlabhraí na Roinne do The Journal go bhfuil grúpa oibre bunaithe ar a mbeidh ionadaithe ón Roinn agus ón Stiúrthóireacht ag iarraidh teacht ar réiteach maidir le ceist na n-ateangairí.

Is é Ard-Stiúrthóir DG LINC, Juan Carlos Jiménez Marín, ceannaire na toscaireachta a tháinig go hÉirinn ag tús na seachtaine seo. Thug an toscaireacht cuairt freisin ar an gcúrsa MA in ateangaireacht atá á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe, an t-aon chúrsa dá leithéid sa tír.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds