Take part in our latest brand partnership survey

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Foilsíodh an chéad sciar den chéad fhoclóir aonteangach Gaeilge ag am lón inniu, 9 Nollaig 2025

20,000 focal Gaeilge sa chéad chuid d'fhoclóir nua aonteangach a sheolfar inniu

Athru ó bhonn é seo do phobal úsáidte na Gaeilge – ní gá focail as Gaeilge a shainmhíniú trí theanga eile níos mó.

This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

“UIRLIS RIACHTANACH” A thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar an fhoclóir nua aonteangach Gaeilge a cuireadh ar fáil beo ar líne ag am lón inniu.

Agus í ag caint roimh sheoladh an fhoclóra nua ag ócáid i lár Bhaile Átha Cliath anocht, leag an tUachtarán béim ar thábhacht an fhoclóra aonteangaigh chun an Ghaeilge agus dúchas na Gaeilge a “shainmhíniú ina focail féin agus ag a pobal féin, seachas a bheith de shíor á sainmhíniú trí mheán teanga eile”.

Is ar líne amháin atá sé beartaithe go mbeadh an foclóir nua ar fáil, ina mbeidh 20,000 iontráil nó ceannfhocal agus 40,000 brí, agus tá sé ar fáil anois ag focloir.ie.

Dar le Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, is amhlaidh go n-athraíonn an foclóir ó bhonn an dioscúrsa faoin nGaeilge.

“Riamh anall, aon uair a chasfaí focail Ghaeilge nár thuig siad ar Ghaeilgeoirí, ba ghá dóibh na focail sin a aistriú go Béarla agus ansin sainmhíniúcháin a lorg dóibh i bhfoclóirí Béarla.

In ionad a bheith ag fiafraí ‘Cad é an Béarla atá ar X?’, beidh ar chumas na nGaeilgeoirí a fhiafraí feasta ‘Cad a chiallaíonn X?

“Is cor cinniúnach é an t-athrú seo ó thaobh theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal — ó pháistí óga ag foghlaim focal den chéad uair go dtí cainteoirí ardinniúla ag lorg léargas níos doimhne ar an teanga.”

Níl san fhoilseachán inniu ach an chéad ghála den mhór shaothar seo a cuireadh tús leis trí bliana ó shin agus tá sé i gceist go mbeadh an chuid eile foilsithe idir seo agus 2027. Nuair a bheidh an togra críochnaithe i 2027 beidh 30,000 ceannfhocal ann agus isteach is amach le 80,000 brí.

Roimhe seo foilsíodh foclóirí Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge agus foilseofar foclóir nua Gaeilge Béarla i 2027 freisin.

Dar leis an Uachtarán, agus í ag caint roimh an seoladh, tá acmhainní foclóireachta na Gaeilge anois ina n-eiseamláir dhea-chleachtais ag teangacha mionlaithe eile ar fud an domhain”.

Cuireann an foclóir nua seo an Ghaeilge agus a pobal ar comhchéim le teangacha agus le pobail teanga eile ár linne.

Tá roinnt gnéithe ceannródaíocha ag baint leis an bhfoclóir aonteangach Gaeilge seo, mar shampla:

  • Tá léiriú á thabhairt ann ar an nGaeilge mar theanga bheo tríd an ngnáthúsáid fhíor chomhaimseartha a chuimsítear ann, ag iarraidh an dea-chleachtas reatha sa teanga chaighdeánach a dheimhniú mar aon le haitheantas a thabhairt do leaganacha canúnacha coitianta.
  • Tugtar sainmhíniúcháin ann ar fhocail iasachta atá in úsáid go coitianta sa Ghaeilge, ar nós ad hocal frescobaguettecappuccino agus aide-de-camp
  • Tá iontrálacha agus sainmhíniúcháin ann ar nathanna agus ar sheanfhocail.
  • Riartar ann ar riachtanais na nGaeilgeoirí ardinniúla, agus tugtar freisin treoir áisiúil ghramadaí agus foghraíochta dóibh siúd nach mbeadh chomh cinnte céanna faoi conas focail agus nathanna a úsáid agus a rá.
  • Tugtar treoir san fhoclóir maidir le mionphointí casta na gramadaí sa Ghaeilge, níos mó ná mar a bheadh go hiondúil sna foclóirí roimhe seo. Déantar é seo ar bhealaí difriúla ar nós nótaí úsáide, eolas gramadaí sna hiontrálacha féin, nó samplaí úsáide i gcorp na n-iontrálacha a léiríonn pointí éagsúla gramadaí.

Is é an scoláire teanga, an Dr Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an fhoclóra agus thug seisean ‘céim shuntasach i bhforbairt leanúnach na n-acmhainní foclóireachta atá á gcur ar fáil ag Foras na Gaeilge’ ar fhoilsiú an fhoclóra aonteangaigh Gaeilge seo.

“Tá ag méadú le blianta ar éileamh phobal na teanga in Éirinn agus ar fud an domhain ar mhórfhoclóir aonteangach, agus táimid an-sásta go bhfuiltear ag riar ar an riachtanas seo faoi dheireadh,” dúirt sé.

“Táimid ag súil le leanúint de bheith ag breisiú agus ag forbairt an fhoclóra sa dá bhliain atá fágtha den tionscadal.”

Togra é seo atá faoi choimirce Fhoras na Gaeilge, an institiúid teanga tras teorainn a bunaíodh mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus is iad an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i mBaile Átha Cliath agus an Roinn Pobal i mBéal Feirste príomh-mhaoinitheoirí an tionscadail, le tacaíocht bhreise ón Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds