We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Kneecap ag spreagadh glúin nua ceoltóirí a bheidh ag seinnt as Gaeilge ag an Picnic Leictreach Alamy

Tionchar Kneecap ag spreagadh glórthaí nua ár linne a bheidh le clos ag an Picnic Leictreach

Beidh glórthaí nua spreagtha ag an banna Feirsteach ag glacadh páirte san Electric Picnic ar na h-ardáin Gaeilge.

This article was brought to you by our brand-new Gaeltacht team. For an English version, please click here.

BEIDH KNEECAP AG seinnt ar an bpríomh ardán ag an Electric Picnic ag an deireadh seachtaine ach beidh a dtionchar le braistint freisin ar an dhá stáitse Gaeilge le linn na féile atá ag tosnú an Aoine beag seo ar an eastáit ar an Sráidbhaile i gContae Laois.

Tá na buachaillí dána ó Bhéal Feirste ag sreagadh glúin nua de ghrúpaí ceoil agus amhránaithe atá ag cur ábhar as Gaeilge ós comhair an phobail agus beidh dornán de na h-oirfididh seo ag fáil deis ar sheinnt ós comhair an phobail ag an Picnic.

Gach seans nár chuala tú ainmneacha Lisa Murray, Earthmover, Éire agus Chulainn, Jessie and The Veil agus Little Kings  roimhe seo ach is cinnte go mbeidh níos mó aithne agat orthu má tá sé d’adh ort bheith sa Chollchoill ar eastáit Shraidbhaile ag an deireadh seachtaine. 

Is iad seo na h-amhránaithe is na grúpaí atá ag glachadh páirte i Glór Ár Linne, scéim tionscnaithe ag an staisiún cheoil chomhaimseartha Ráidió Rí Rá le tacaíocht ó Chomhairle Chathrach Átha Cliath agus Éire Ildánach chun glúin nua de cheoltóirí a spreagadh le bheith ag cur ábhar as Gaeilge ar fáil in iliomad seanraí ceoil.

Dúirt Aisling Ní Dhonnabháin, bainisteoir margaíochta Ráidió Rí Rá le The Journal: “Is cinnte go bhfuil borradh faoi seo de bharr tionchar Kneecap ach tá sé freisin mar chuid de ghluaiseacht idirnáisiúnta sa mhéid is go bhfuil go leor grúpaí ag ceol i dteangach seachas an Bhéarla – ar nós Spáinnis agus Coiréis – agus ag éirí go geal leo.” 

Beidh Lisa Murray, amhránaí is cumadóir ó Chontae na Mí atá “Gaeilgeoir Swift” tugtha uirthí, agus Earthmover, grúpa iar rac a bhfaigheann ionsparáid ó shaothar Radiohead agus Black Country, New Road, sa Chollchoill oíche Dé hAoine, trath go mbeidh míreanna ann freisin le John Spillane agus Lost West. 

1000037163 (1) Tá IMLÉ chun bheith ag seinnt sa Chollchoill oíche Dé Sathairn

Ar an Satharn cloisfear Jessie agus the Veil, grúpa ar a bhfuil Jessie Dingle ina príomhamhránaí, sa Chollchoill in éineacht le Blathnaid Nic Cana agus Piaras Ó Lorcáin, amhranaithe traidisiúnta ó Ard Mhacha, IMLÉ agus Dysania agus beidh Little Kings agus Éire agus Chulainn ar an ardán oíche Dé Domhnaigh mar a bheidh Fianna Bána agus DJ Ferdicious.

Ná bíodh imní ort cailliúint amach (#IOCA – #FOMO), áfach, mar beidh TG4 ag craoladh beo ón dhá láthair Ghaelach, an Chollchoill agus an Phuball Gaeilge le clár ar leith 90 noimead oíche Dé Domhnaigh ag tosnú ag 9.30in.   Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson a bheidh ag cuir Beo ón Electric Picnic i láthair.

Thall sa Phuball Gaeilge atá lonnaithe sa Mindfield, tá éagsúlacht mór imeachtaí beartaithe le dramaí, fuirseoirí agus plé phainéal ina mbeidh Catherine Connolly, an t-aon iarrthóir atá sa rás don Uachtaránacht go h-oifigiúil go dtí seo san áireamh. 

IMLÉ - Topic / YouTube

Ráidió na Life 106.2FM atá tar éis an clár imeachtaí a réiteach don bPuball agus i measc na mbuaic phointí beidh plé phainéal ar scannánaíocht na Gaeilge ina mbeidh stiurthóir An Cailín Ciúin, Colm Bairéad páirteach in éineacht le Deirbhile Ní Churraighín ó TG4 agus aoíanna eile le saineolas ag plé thodhchaí na scannánaíochta Gaeilge. 

Tá seans freisin go bhfuil spásanna fágtha sa láthair champála Gaeltachta a bheidh ag an Electric Picnic arís i mbliana agus éileamh as cuimse ar na spásanna ann.  Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl anseo le linn na deireadh seachtaine agus is í an Ghaeilge teanga an tsuímh. 

Ní mór ticéad a chuir in áirithe trí Ticketmaster agus beidh bannda riosta ar leith ann. Más mian leat deireadh seachtaine lán le ceol, comhrá, craic agus cannaí, seo an láthair duitse.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
20 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds