Advertisement

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

EU Explainer

An bhfuil fonn ort tuilleadh eolais a fháil faoi d’iarrthóirí i dtoghchán na hEorpa? Breathnaigh ar ár mbunachar sonraí nua

Agus an oiread sin iarrthóirí, cé a thógfadh ort é mura bhfuil tú in ann coinneáil suas leo go léir? Ná bí buartha, tabharfaidh The Journal an t-eolas ar fad atá de dhíth ort duit.
  • This article has been translated in Irish but if you’d like to read the English version you can do so here.

TÁ NA TOGHCHÁIN Eorpacha ag breith orainn go tapa agus tá an spriocdháta d’iarratais iarrthóirí druidte anois.

Tá an líon is airde riamh de 73 iarrthóir san iomaíocht le suíochán i bParlaimint na hEorpa a bhaint amach agus beidh siad le feiceáil ar thrí bhileog ballóide ar leith i dtrí thoghcheantar na hÉireann ar an 7 Meitheamh.

Mar sin de, agus an oiread sin iarrthóirí, cé a thógfadh ort é mura bhfuil tú in ann coinneáil suas leo go léir? Bhuel, ná bí buartha faoi, tabharfaidh The Journal an t-eolas ar fad atá de dhíth ort duit.

An bhfuil caidéis ort le fáil amach cad í an chloch is mó ar phaidrín d’iarrthóra áitiúil? An bhfuil tú fós ag déanamh dianmhachnamh ar an iarrthóir a dtabharfaidh tú an chéad rogha dóibh i mí an Mheithimh? Nó ar mhaith leat eolas a fháil amidir leis an AE agus leis an gcaoi a n-oibríonn cúrsaí ann?

Is féidir leat é sin a fháil, agus tuilleadh, ar bhunachar sonraí nua iarrthóirí thoghcháin na hEorpa 2024 ag The Journal anseo. Is féidir leat rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí trí na rannáin ag barr ár leathanaigh gréasáin nó ag bun ár n-aipe ar ghléasanna soghluaiste.

Tugann an bunachar sonraí deis do gach iarrthóir eolas a thabhairt do léitheoirí faoi phríomhphointí a bhfeachtas agus faoi na rudaí a bhfuil súil acu a thabhairt chuig Parlaimint na hEorpa.

Ina theannta sin, iarr The Journal ar gach iarrthóir freisin cén grúpa de Pharlaimint na hEorpa a mheasfadh siad a bheith páirteach ann dá dtoghfaí iad. Tá na grúpaí seo tábhachtach do chomhdhéanamh na chéad pharlaiminte eile.

● Más mian leat tuilleadh a fháil amach faoi ghrúpaí Pharlaimint na hEorpa, agus cén fáth a bhfuil siad tábhachtach, is féidir leat ár míniú roimhe seo ar an ábhar a léamh anseo.

Ar an mbunachar sonraí gheobhaidh tú liosta de gach iarrthóir san iomaíocht sna toghcháin i mí an Mheithimh, miondealú ar gach iarrthóir de réir dáilcheantair, deis chun tuilleadh eolais a fháil faoin iarrthóir agus faoina bhfeachtas agus mol don nuacht is deireanaí ón AE.

An bhfuil ceist agat nár chuir The Journal go fóill? Ná bíodh drogall ort do chuid ceisteanna a fhágáil sna teachtaireachtaí thíos, ar an alt seo roimhe nó ríomhphost a sheoladh chugainn le Toghcháin na hEorpa mar líne an ábhair ag answers@thejournal.ie.

Tá an saothar seo comhchistithe ag Journal Media agus ag clár deontais ó Pharlaimint na hEorpa. Is leis an údar féin aon tuairimí nó conclúidí a chuirtear in iúl sa saothar seo. Níl baint ar bith ag Parlaimint na hEorpa leis an ábhar eagarthóireachta arna fhoilsiú ag an tionscadal agus níl sí freagrach as. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach anseo.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Your Voice
Readers Comments
65
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    News in 60 seconds