We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí ag léirsiú ag geataí Theach Laighean inniu ag éileamh dul chun cínn faoi phlean chun Gaelcholáiste a bhunú i ndeisceart na cathrach i mBaile Átha Cliath. CONOR MCCABE PHOTOGRAPHY LTD

Eiginnteacht agus moill go fóill faoi phlean do Ghaelcholáiste ar Shráid Synge i mBÁC

Tá tuismitheoirí buartha faoin mhoill atá ar an Roinn plean a fhorbairt don mheánscoil a bheidh siad ag seoladh a bpáistí ann.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BHÍ PÁISTÍ AGUS a dtuismitheoirí is lucht feachtais ar son oideachas trí mheán na Gaeilge i ndeisceart na cathrach i mBaile Átha Cliath ar ais Dé Chéadaoin ag geataí Theach Laighean agus imní á léiriú acu faoin easpa dul chun cinn ar an sprioc sin a chomhlíonadh. 

Agus iad i mbun agóide ag geataí na Dála, d’éiligh an ghrúpa de bhreis is 100 léirsitheoir ar an Aire Oideachais agus Leanaí, Hildegarde Naughten, amlíne le h-aghaidh oscailt is forbairt na scoile a sholáthar maraon le léaráidí den scoil faoi mar a bheadh sé sa todhchaí.

Bhí go leor conspóide faoin bhfógra i mí Mheán Fómhair 2024 go mbeadh an meánscoil iomráiteach, Scoil na mBraithre Críostaí ar Shráid Synge, á n-iompó ina mheánscoil lán Ghaeilge faoi Mheán Fhómhair 2026 mar nár thug an Roinn Oideachais is Leanai ach fógra an ghairid d’fhoireann na scoile faoin bplean.   Tá feachtas tosnaithe ag múinteoirí agus Cumann Mheán Mhúinteoirí Éireann (ASTI) chun na pleananna a chuir ar an mhéar fhada. 

Tá míshasamh freisin ar thuismitheoirí atá ar son oideachas meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge tar éis gur tugadh chun solais an tseachtain seo go bhfuil an céatadán de pháistí atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge tite go níos lú ná 5.9%, an líon is lú ó 2013.

An Samhradh seo cháite, ceapadh príomhoide tánaisteach chun dul i mbun na h-ullmhuithe a dhéanamh d’oscailt na scoile, foireann a earcú. 

Ach tá tuismitheoiri is múinteoirí i nGaelscoileanna timpeall an cheantair ag léiriú imní anois nach bhfuil amlíne d’fhorbairt na scoile agus léaráidí a thabharfadh tuiscint do thuismitheoirí ar cad a bheadh á fhorbairt ar fáil faoi mar ar gheall an Aire Oideachais is Leanaí anuraidh.  Ag an am sin ba í Helen McEntee a bhí sa ról ach ceapadh Hildegarde Naughten sa phost ó shin. 

Anois tuigtear go mbeidh dhá sheomra sa bhunscoil láimh leis an meánscoil á úsáid ag an nGaelcholáiste nuair a osclaítear é i mí Mheán Fhómhair agus gurb é reiteach na seomraí sin an chúram atá ar bhainisteoir tionscadail atá ceaptha ag an Roinn Oideachais don scoil. 

Chuir Cristín Ní Chairealláin, príomhoide Gaelscoil Eoin, fáilte roimh cheapachán an phríomhoide tánaisteach ach léirigh sí imní faoi mhoill ar ghnéithe eile den tionscadal.

“Táimid an-bhuartha go bhfuil an Roinn Oideachais ag cur an Ghaelcholáiste i mbaol toisc nach bhfuil mórphlean, amlíne agus íomhánna fíorúla ann d’fhorbairt foirgneamh an Ghaelcholáiste fós,” dúirt sí.

Conas gur féidir linn muinín tuismitheoirí a spreagadh sa Ghaelcholáiste nua seo mura bhfuil sé soiléir conas a fhorbrófar an Ghaelcholáiste ina mbeidh a bpáistí ag dul ann?

 Tá imní na dtuismitheoirí imithe i dtreis tar éis go bhfuair siad amach ná raibh bainisteoir tionscadail a ceapadh ach ag plé le h-obair a éascódh oscailt an Ghaelcholáiste i bhfoirgneamh bhunscoile lámh leis an meánscoil i mbliana. 

Dar le Louisa Ní Éideáin, tuismitheoir le páiste i mBunscoil Synge, tá idir imní agus fearg ar lucht an fheachtais mar gheall ar seo.

“Ón méid a thuigeann muid níl an Roinn Oideachais ag cur mórphlean, amlíne nó íomhánna fíorúla le chéile faoi láthair d’fhorbairt foirgneamh an Ghaelcholáiste,” dúirt sí.

Mheabhraigh Ní Éideáin go raibh an Roinn tar éis bheith ag maíomh faoi fhorbairt ar an Ghaelcholáiste nua agus á lua mar chur chuige nua don earnáil.

“Ach is é fírinne an scéal go bhfuil gach cuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh iarrachta seo a dhéanamh gan a bheith cothrom dár bpáistí, agus do pháistí ó scoileanna eile a fhreastalóidh ar an nGaelcholáiste, agus infheistíocht ceart a dhéanamh san fhoirgneamh. 

“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton an méad a gealladh dúinn a chur i gcríoch le muinín a spreagadh i dtuismitheoirí agus daltaí chun clárú i nGaelcholáiste Synge. Chuige sin tá gá go gcuirfidh an Roinn Oideachais mórphlean, amlíne agus íomhánna fíorúla d’fhorbairt foirgneamh Ghaelcholáiste Synge ar fáil do thuismitheoirí go práinneach.”

I ráiteas a seoladh chuig na meáin ar an gCéadaoin, dúirt urlabhraí ar son na Roinne Oideachais is Leanaí go raibh a dtacaíocht iomlán ag an togra chun go ndéanfaí Gaelcholáiste as Scoil na mBraithre Críostaí.

“Tá oifigigh ón Roinn tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil agus tá measúnú déanta ar riachtanais cóiríochta i leith na scoile.

“Tá Bainisteoir Tionscadail ceaptha chun na riachtanais cóiríochta a bhainistiú agus tá tuairisc á ullmhú le go ndéanfadh an Roinn athbhreithniú air.

“Tá sé i gceist na riachtanais cóiríochta seo a bhrú chun tosaigh chomh tapaidh agus is feidir.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds