We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Fotheidil as Gaeilge le fáil ar shraith Netflix, House of Guinness

Tá an Ghaeilge fite fuaite leis an leann dubh agus tá sin le tabhairt faoi ndeara sa sraith nua Netflix, House of Guinness.

This article is produced by our Gaeltacht team and an English version can be read here.

AN É “HOUSE of Guinness” an dráma is Gaelaí ar Netflix? Ní hamháin go bhfuil amhráin dhá theangacha de chuid Kneecap le cloisteáil ar an bhfuaimrian agus go bhfuil Gaeilge á labhairt ag cuid de na carachtair agus, den chéad uair riamh, tá fotheidil Gaeilge ar fáil don dráma seo ar Netflix.

House of Guinness luaite i measc na sraitheanna is mó a raibh súil leis ar an ardán sruthaithe le fada an lá agus insíonn sé an scéal faoin rath a tháinig ar an gcomhlacht grudaireachta a thug an pionta don domhan nuair a tháinig na deartháireacha Edward agus Arthur Guinness i réim ag deireadh an 19ú haois.

Mar fhreagra ar fhiosrú ó The Journal, dhearbhaigh Netflix gurb é seo an chéad sraith ar an ardán sruthaithe le fotheidil as Gaeilge.

Dhearbhaigh Steven Knight, cruthaitheoir House of Guinness, gurb é seo an chéad uair go raibh fotheidil Gaeilge in úsáid ar shraith de chuid Netflix.  

“Táim iontach sásta go bhfuil House of Guinness ar fáil le fotheidil as Gaeilge don lucht féachana.

“Tá an Ghaeilge chomh tabhachtach d’ionannas agus do chultúr na tíre agus nuair a chuirimíd an sraith ar fáil do dhaoine sa tslí seo, ligeann sé dúinn an oidhreacht sin a cheiliúradh agus an lucht féachana arbh fhearr leo amharc as Gaeilge a shroichint.”

 Tá éirí amach sa an aer agus cosmhuintir Bhaile Átha Cliath míshásta lena saol bocht agus cuimhní an Ghorta Mhóir fós beo agus tá cuid den mhíshuaimhneas sin dírithe ar mhuintir Guinness, teaghlach saibhir aontachtach Protastúnach. Tosnaíonn an dráma le bás Benjamin Guinness agus a chinneadh a ghnó a fhágáil le huacht idir beirt mhac, Edward agus Arthur.

Go deimhin is radharc dramatúil amach is amach é a chuireann tús leis an ndrámaíocht agus sochraid Benjamin Guinness ag dul ón mharbhlann go dtí Ard Eaglais Naomh Pádraig sa chathair agus na sluaite, á spreagadh ag na Finíní, chun é a ionsaí. Nuair a bhíonn chaismirt idir na Finini agus lucht cosanta na sochraide, bíonn ceol ceannairceach Kneecap le cloisteáil, agus ceol DC Fontaines freisin.

LDS-NF-Twitter_HOG_IrishSubs-04 Anthony Boyle atá i ról Arthur Guinness i House of Guinness Netflix Netflix

I measc na n-aisteoirí atá páirteach tá Louis Partridge (Enola Holmes) i bpáirt Edward Guinness agus Anthony Boyle(Masters of the Air) a ghlacann role Arthur agus tá slua aisteoirí Éireannacha páirteach chomh maith ar nós Danielle Galligan(Obituary), Dervla Kirwan(Ballykissangel) agus Fionn O’Shea (Normal People).

I measc na n-aisteoirí iomráiteacha idirnáisiúnta atá páirteach sa tsraith tá James Norton ó Shasana a bhain clú amach lena ról i leithéidí Happy Valley. Níl aon Ghaeilge le cloisteáil óna bhéal cé gur chuir sé roinnt dua ar féin chun  a chuid féin a dhéanamh de chanúint na príomh chathrach.

Tá Gaeilge le cloisteáil ó charachtair éagsúla i measc pobal tuaithe na hÉireann nuair a théann duine de na príomh charactairí, Anne Plunkett (Neé Guinness), ar chuairt i gcaraiste faoin tuath. Buaileann tinneas í agus tagann bean chun cabhrú léi, bean feasa b’fhéidir, agus is Gaeilge a bhíonn á labhairt ag an mbean seo leis an slua atá ag iarraidh Anne Plunkett a ionsaí.

Údar iontais a bhaineann le House of Guinness, áfach, go bhfuil fotheidil Gaeilge le fáil ar an tsraith atá ar an ardán sruthaithe Netflix. Is féidir leis an lucht féachana an Ghaeilge a roghnú ó réimse leathan teangacha ina n-airítear Spáinnis, Bascais, Rúisis agus Eabhrais.

Níl aon dráma eile ar Netflix faoi láthair le rogha d’fhotheidil as Gaeilge agus beidh le feiceáil an leanfaidh sraitheanna eile an sampla atá leagtha síos ag an gcomhlacht léirithe Kudos, comhlacht atá lonnaithe i Londain agus atá tar éis sraitheanna ar nós SAS Rogue Heroes, Then You Run, Tin Star agus Grantchester a léiriú go rathúil roimhe seo.

Mr1965JOE / YouTube

Is cinnte go neartóidh House of Guinness an gaol idir an leann dubh agus teanga dhúchais na tíre, nasc a raibh ag buaic a réime sna 1970í nuair gurb é an fógra ‘An tOileán’ leis an rosc catha ‘Tá siad ag teacht’ ceann de na fógraí teilifíse ab íocónaí ón am.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
9 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds