We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Creideann Hector Ó hEochagáin gur cheart níos mó beime a bheith ar Ghaeilge labhartha sna bunscoileanna, meánscoileann agus coláistí oiliúna do mhuinteoir,

Táimíd beo i ré órga na Gaeilge, deir Hector

Ba cheart go mbeadh tacaíocht níos mó ag déagóirí chun seal a chaitheamh sa Ghaeltacht le blas a fháil ar Ghaeilge labhartha.
This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here

IS É SEO ré órga na Gaeilge agus tá an chreidiúint as sin ag dul do na laochra a bhunaigh gaelscoileanna agus meán scoileanna lán Ghaeilge ar fud na tíre le leath-chéad bliain anuas, thug Hector Ó hEochagáin le fios an tseachtain seo.

Bhí an laithreoir theilifíse le TG4, údar, podchraoltóir agus, b’fhéidir, an chainteoir Gaeilge is iomráití ó Chontae na Mí ag labhairt le The Journal an tseachtain seo.

D’éiligh sé go ndéanfaí ath-shamhlú radacach ar an slí a múintear Gaeilge sna scoileanna, le níos mó rochtain ar thréimhsí sa Ghaeltacht do níos mó daoine óga san áireamh.  

Bhí go leor fianaise den mborradh teanga seo le feiscint, dúirt laithreoir chláracha taistil TG4, agus rinne sé tagairt go sonrach do na bannaí le Gaeilge a bhí ag seinnt ar iliomad ardán ag an Electric Picnic, an fhás ar úsáid na Gaeilge ar na meáin sóisíalta agus gan amhras tionchar TG4.

“Taispeánann sé sin an ocras agus gach rud atá ann faoi láthair, tá sé dochreidte.

“Ar na meáin soisíalta chomh maith, tá níos mó Gaeilge le brath ar Instagram agus Tiktok – is áis iontach iad na meáin soisíalta ar bhealaí, tá siad uafásach ar bhealaí eile.”

“Ní féidir linn féachaint siar, caithfimíd féachaint ar aghaidh”

Is beag ama atá ag Hector don dream atá ag féachaint siar ar ré órga, dar leo, ré atá caite, ré a shamhlaíonn siad le saibhreas na Gaeilge agus cruinneas teanga agus atá den tuairim go bhfuil na nithe sin á gcailliúint.

“Seafóid é sin dáiríre píre – athraíonn chuile theanga, bhí Meán Ghaeilge, Sean Ghaeilge agus tá Nua Ghaeilge, ní chóir go mbeadh muid ag breathnú siar ar conas a bhí sé, caithfimíd breathnú amach, ós ár gcomhair i gcónaí, athraíonn chuile theanga.

“Ach nuair atá an teanga beagnach imithe ar fad, marbh le cuileoga uirthí, tá sé deacair an athbheochan sin a thosnú, an ath-fhás a thosnú, ní gá go mbeimís ag tabhairt amach faoi,  ba chóir go mbeimís á ceiliúradh. “

Thagair Ó hEochagáin don clár nua ar RTÉ,  The Traitors, agus an méid Ghaeilge a raibh le clos ar sin an chéad seachtain freisin. 

“Bhí siad ag úsáid focail Gaeilge ar cheann des na cluichí agus ag úsáid an sean scríbhneoireacht Ogham ar cheann des na ‘seó cluichí’ is mó atá sa tír faoi láthair, ag príomh-am sceidil.

“Seo iad na comharthaí atá ós ár gcomhair, tá daoine ag titim i ngrá leis an teanga, tá daoine ag iarraidh an teanga a thogáil ar ais, reclaiming the language.

“Sin an rud atá ann, ní athbheochan atá ann, ní revival ach reclaiming, níl a fhios agam an Ghaeilge atá ar sin ach cén dochar, ní chóir go mbeadh chuile focal ag chuile dhuine i chuile theanga.

“Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fháil ar ais dóibh féin – agus más Gaeilge briste atá ann, is fearr é sin ná Gaeilge ar bith.”

Maidir le múineadh na Gaeilge sna meánscoileanna, dúirt sé go raibh post deacair ag múinteoirí Gaeilge sa mheánscolaíocht agus “ag fáil níos deacra chuile bhliain” dar leis. 

“Níl an chabhair acu, níl an chaighdeán labhartha ag múinteoirí meánscoile ag an leibhéal r a ba chóir dóibh,” arsa Hector.

“Cinnte tá múinteoirí meánscoile ar fuaid na h-áite ag labhairt na Gaeilge ach caithfimíd súil ghéar a choinneáil ar sin agus na múinteoirí bunscoile tar éis go bhfuil siad bís ní h-amháin ag múineadh na Gaeilge ach labhairt na Gaeilge ins an rang. 

Muna bhfuil an chaighdeán sin ag na múinteoirí bunscoile agus meánscoile, ní eireoidh linn ó thaobh an teanga de agus na déagóirí atá ag dul tríd ár lámha..

“Caithfimíd aire níos fearr, seirbhís níos pearsanta, áiseanna níos fearr, deiseanna níos fearr, seansannaí dul ag an nGaeltacht níos fearr agus níos mó airgid a infheistiú sna múinteoirí óga atá sna bunscoileanna agus na meánscoileanna agus ins na coláistí oideachais ar fuaid na tíre.”

Dúirt sé freisin gur cheart go mbeadh  níos mó béime ar an nGaeilge labhartha i gcuraclaim na coláistí múinteoireachta.  “Deir siad go bhfuil an bhéim ar an nGaeilge labhartha – ach níl, sin a chloisim ós na múinteoirí.”

Thagair Ó hEochagáin don costas a bhíonn ar dhéagóir a chur ar chúrsa Gaeltachta, breis is €1,000 ar feadh tréimhse trí seachtaine – dar leis ba cheart go mbeadh deontas de €300 ar a laghadh ar fáil ar son gach paiste chun iad a sheoladh chuig an Ghaeltacht. 

Agus é ag freagairt na ceiste mar gheall ar an gcostas a bheadh ar seo i gcomórtas le tosaíochtaí chaiteachais an Rialtais, bhí seo le rá ag Ó hEochagáin:

“Tá farrasbarr de €16 billiún ag an Rialtas, tá airgead anseo.”

Ba mhaith leis go mbeadh seans go mbeadh “Gaeilge níos líofa ag múinteoirí agus iad ag dul amach ag múineadh don gcéad uair riamh”.

“Ó thaobh scoláireachtaí go dtí an Ghaeltacht,  cén fath nach bhfuil ach cúpla scoláireachtaí ar fáil ar fud na tíre, cén fath nach mbeadh na mílte scoláireachtaí don nGaeltacht ar fáil ar fud na h-áite – ní h-amháin do choláistí speisíalta nó duine éigean atá go maith ag an nGaeilge agus faigheann siad scoláireacht.”

Dúirt sé gur cheart go mbeadh na mílte scoláireachtaí ar fáil le go mbeadh deis ag daoine óga ‘blas a fháil den Ghaeilge labhartha’ agus, dar leis, go bhféadfadh an chostas ar freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht bheith ina mbac do roinnt. 

“Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na Gaeltachtaí, ar na mná tí agus ar na Coláistí Samhraidh atá ag déanamh sar 0bair le fada, fada an lá.

“Thosnaigh mé nuair a bhí mé óg i Rath Chairn agus ansan timpeall na tíre le Coláiste na bhFiann.

“Ní bheadh mo shaol ná mo phost, mo shlí beatha, agamsa murach an Ghaeilge, ní raibh a fhios agam sin nuair a bhí mé i mo dhéagóir ach tá an Ghaeilge tar éis obair agus saol a thabhairt domsa, cén fath nach mbeadh sé ar fáil do dhuine éigint eile?”

Deir sé go bhfuil dóchas agus muinín as tó odhchaí na Gaeilge agus go dtugann sé faoi ndeara go bhfuil níos mó daoine ag úsáid an Ghaeilge atá acu “chuile lá” agus is é an chomhairle a thugann sé do gach éinne a thagann chuige le ceisteanna ná an Ghaeilge atá acu a úsáid.  “Why don’t you use your bit of Irish?”

“This is what’s happening now – tá daoine sásta cúpla focal a rá, tá daoine sásta ‘heileo’ a rá as Gaeilge, tá daoine sásta “go raibh maith agat”, “Dia dhuit” agus “dhá phionta Guinness” a rá.

“Táimíd i ré órga mar tá daoine ag titim i ngrá leis an teanga, mar atá siad leis an chultúr, chonaic tú é ar TG4 ag an Fleadh Cheoil thíos i Loch Garman, bhí an slua chomh mór ann, ní féidir linn dul ag an Fleadh mar tá sé chomh mór.

“Táimíd sa ghlúin órga seo ach thóg sé na céadta bliain teacht go dtí an poinnte seo ach anois caithfimíd tiomáint ar aghaidh, caithfimíd brú ar aghaidh.”

Beidh a chéad sraith eile ar TG4, Hector OZ/NZ, ag tosnú an mhí seo chúghainn agus idir an dhá linn beidh seó aonair aige in Amharclann Smock Alley go luath le linn Féile Amharclainne ar an Imeall Átha Cliath. 

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
19 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds