We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Seo í Sorcha Ní Chonghaile, an dara duine ar chlé, in éineacht le hEd Davey, ceannaire na Daonláthaigh Liobrálach, agus comhleacaithe eile ón bpáirtí, agus iad ag canbhasáil i Rotherhithe i Londain. Sorcha Ní Chonghaile

Lá fada i ndán do Ghaeilgeoir óg- agus Keir Starmer - is vótaí á gcomhaireamh i Sasana

Tá na toghcháin áitiúla ar siúl i Sasana inniu agus múinteoir óg is cainteoir Gaeilge ag seasamh i Southwark i Londain ar son na Daonláthaigh Liobrálach.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BEIDH A FHIOS ag múinteoir óg ó Chontae na Mí, Sorcha Ní Chonghaile, ag am dinnéir trathnóna inniu cé acu an raibh rath ar a feachtas bheith ar dhuine de thriúr Daonláthach Liobrálach bheith tofa mar ionadaithe Rotherhithe ar Chomhairle Southwark i Londain sna toghcháin atá á reáchtáil ar fud na Breataine inniu — toghcháin do na comhairlí áitiúla i Sasana, toghcháin don Senedd sa Bhreatain Bheag agus don Tionól in Albain.

Ní hí Sorcha amháin a bheidh ag faire go géar ar thorthaí na dtoghchán céanna nó tá todhchaí pholaitiúil Phríomh Aire na Breataine, Keir Starmer, idir dhá cheann na meá agus na torthaí ón gcomhaireamh thar oíche ag tabhairt le fios go bhfuil droch lá i ndán don Lucht Oibre. 

Tá forograí déanta ar thorthaí i 40 as 136 comhairle agus, ón méid sin, tá breis is 200 comhairleoir caillte ag an Lucht Oibre mar aon le smacht ar ocht gcomhairlí. 

Tá páirtí Nigel Farage, Reform UK, suas 270 suíochán agus smacht faighte bainte amach ar chomhairle amháin, tá na Daonláthaigh Liobrálach tar éis 29 suíochán breise a ghnóthú maraon le smacht ar chomhairle amháin. Lá maith atá ann go dtí seo do na Glasaigh agus 23 suíochán breise acu ach tá na Tóraithe ag cailliúint go trom, síos 61 suíochán.   Droch lá é freisin do Jeremy Corbyn agus a pháirtí, Your Party, mar aon le grúpaí eile síos 59 suíochán.  

Agus í ag labhairt le The Journal inniu, dúirt Ní Chonghaile, a shíolraíonn ón Ráth Tó, gur bhog sí go Sasana tuairim is bliain agus go raibh sí ag múineadh i Greenwich. Agus í ina hiníon léinn in Éirinn, bhí sí ina ball gníomhach d’Fhianna Fáil agus ina comhalta d’Ard Chomhairle Ógra Fhianna Fáil. Bhí sí freisin ina hOifigeach Gaeilge in Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig i nDrom Conrach agus í á hoiliúint le bheith ina múinteoir.

Chaith sí bliain san Eoraip ag múineadh agus bhí sí gníomhach freisin mar oifigeach in Ógra Fhianna Fáil ag comhordú le heití óga páirtithe Liobrálacha eile san Aontas Eorpach.

“Tháinig mé go Londain breis is bliain ó shin agus ní raibh sé i gceist agam éirí gníomhach sa pholaitíocht ar dtúis ach ansan chinn mé gur theastaigh uaim rud éigean a thabhairt ar ais agus chuir mé spéis sna Daonláthaigh Liobrálacha mar gheall ar an gcúlra a raibh agam i bhFianna Fáil,” dúirt sí.

Tá sí ina hiarrthóir i Rotherhithe i Southwark, duine de thriúr iarrthóirí a páirtí sa bharda. Tá sé iarrthóir déag sa tóir ar thrí shuíochán ar an gComhairle agus, de bhrí gur féidir le gach vótóir trí rogha a phiocadh, tá seans réasúnta láidir ann go dtoghfar an triúr acu.

Bhí 11 suíochán ag an bpáirtí ar Chomhairle Southwark go dtí seo — comhairle ar a raibh an chumhacht ag an Lucht Oibre sa téarma deireanach. Ach de bharr go bhfuil an taoide ag iompú in éadan pháirtí Starmer, ceaptar go bhféadfadh na Daonláthaigh Liobrálacha suas le 20 suíochán breise a bhuachaint ar chomhairle de 63 suíochán san iomlán.

De réir Ní Chonghaile, de bharr gurb é sin an córas, beidh daoine a thabharfaidh trí rogha do pháirtí amháin. Mar gheall ar sin, tá trí iarrthóir ag na mórpháirtithe ar fad — an Lucht Oibre, na Tóraithe, an Chomhaontas Glas agus Reform.

Táim dóchasach go n-éireoidh linn an trí shuíochán a bhuachaint — mar a deir siad sa Bhéarla ‘cautiously optimistic’ — ach nílim ag comhaireamh mo shicíní go fóill.

“Táimid ag iarraidh smacht a bhuachaint ar Chomhairle Southwark ach tá sé ag brath ar na torthaí ó gach áit eile agus féachann sé go bhfuil an deis sin againn.”

Maidir le Reform, is ar éigean go bhfuil feachtas ag na hiarrthóirí sa cheantar ar chor ar bith cé go bhfuil siad feicthe ag Sorcha ag tabhairt amach caipéisí an pháirtí. Creideann sí go bhfuil siad ag brath go mór ar an iomrá atá ar Nigel Farage chun bheith tofa.

UK Ireland Summit-17_90744625 Beidh Keir Starmer, Príomh Aire na Breataine, ag faire go géar ar thorthaí na dtoghchán áitiúla i Sasana - tá sé á thuar go bhfuil a thodhchaí pholatúil ag brath orthu. Sasko Lazarov Sasko Lazarov

Tá polasaithe dírithe ar an gceantar ag Ní Chonghaile agus a comhleacaithe agus iad ag iarraidh na vótóirí a mhealladh — vótóirí ag iarraidh freagraí ar na ceisteanna céanna atá á gcur ar pholaiteoirí in Éirinn: daoine ag lorg tithíocht, an costas ard maireachtála agus sábháilteacht phobail.

Dúirt Ní Chonghaile go raibh a lán Éireannaigh sa cheantar agus gur chaith a máthair féin agus a dearthar am ina gcónaí sa cheantar freisin. Thug sí le fios freisin go raibh go leor dá gaolta ag cónaí i Londain agus i Sasana.

Ní hamháin go raibh Éireannaigh sa cheantar ach dúirt sí go raibh go leor a bhuail sí leo a thug suntas agus a chuir fáilte roimh a hainm as Gaeilge.

“Fuair mé amach an méid daoine le Gaeilge i mo cheantar — nuair a bhíomar ag dul amach ag canbhasáil, phioc mé suas ó dhaoine, ós rud é go bhfuil m’ainm i nGaeilge ar an mbalóid, agus bhí daoine a rá ‘tá Gaeilge agam’ agus mise ag rá ‘oh, iontach’,” dúirt sí, agus í ag tabhairt le fios go raibh sí ina ball de Chonradh na Gaeilge cé nach raibh an oiread sin ama aici bheith páirteach in imeachtaí an eagrais i Londain le gairid mar gheall ar a gníomhachas polaitiúil.

Dúirt sí go raibh sí ag súil bheith níos gníomhaí ó thaobh na Gaeilge nuair a bheadh an toghchán thart agus, b’fhéidir, roinnt imeachtaí Gaeilge a eagrú.

Bhí sí ag canbhasáil léi go dtí dúnadh na mbothán vótála aréir agus beidh an comhaireamh ann an lá ar fad inniu. Beidh lá fada ann ag feitheamh do thorthaí — lá fada aici féin, ag a comhleacaithe sna Daonláthaigh Liobrálacha agus ag Keir Starmer!

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds