We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí Catherine Connolly faoi agallamh ar an bpodchraoladh How To Gael an tseachtain seo. How To Gael

Sé dhíospóireacht, iliomad agallaimh, ceist amháin as Gaeilge - feachtas don Áras ar na meáin

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh athbhreithniú ar rialacha maidir le craoladh roimh thoghcháin ionas nach bhfágfar pobal na Gaeilge as an áireamh mar atá tarluithe le linn an fheachtais seo.

This story is produced by our Gaeltacht team.  You can read an English version here.

Tá ceisteanna a bhaineann le Gaeilge agus an Ghaeltacht fagtha ar an imeall le linn an fheachtais toghcháin don Uachtaránachta de bharr treoirlínte a fhagann go bhfuil craoltóirí Gaeilge ar nós TG4 agus RTÉ Ráidió na Gaeltachta srianta agus suim laghdaithe na meán eile. 

De réir treoirlínte a d’eisigh Coimisiún na Meán a bhaineann le ham cothrom a bheith ar fáil don bheirt iarrthóir tá srian ar TG4 agus RTÉ RnaG agallamh a chuir ar Catherine Connolly atá líofa sa Ghaeilge nuair nach bhfuil Heather Humphreys ar a compord á labhairt.

Cé go bhfuil dornán agallaimh craolta ar TG4 agus ar RTÉ RnaG le linn an fheachtais, tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil gá na treoirlínte maidir le ham cothrom bheith ar fáil d’iarrthóirí a athrú chun cothromas a thabhairt do phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.

Is beag tuairisciú atá déanta ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge nó an Gaeltacht ar na meáin Bhéarla. As sé dhíospóireacht agus iliomad agallaimh ráidió, ní raibh ach ceist amháin as Gaeilge a craoladh le linn The Week In Politics ar an Domhnach, 5 Deireadh Fómhair.

Rinne Catherine Connolly gearán mar gheall ar an laghad agallaimh a deineadh léi ar na meáin Ghaeilge agus í ag glacadh páirte sa phodchraoladh dhá theangach How To Gael an tseachtain seo agus chuir sí in iúl ná raibh sí ag fáil locht ar Heather Humphreys as a heaspa Gaeilge agus rinne sí cur síos ar an turas foghlama a bhí aici féin.

How To Gael / YouTube

Thug Connolly chun cuimhne gur le linn di bheith faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a dhearbhaigh sí don gcéad uair go mbeadh sí ag cur a hainm sa rás don Uachtaránacht.

Bhí mé ann agus is doigh go raibh mé ann uair éigean eile ach anois níl díospóireacht ar bith ag tarlú agus ní raibh mé ar an raidió (RTÉ RnaG) ag caint faoin bhfeachtas mar níl deis agam mar níl siad in ann cothromaíocht a bheith acu mar mise an t-aon duine[le Gaeilge]. 

“Tá sin deacair agus is folúntas ollmhór é. Bhí mé ag smaoineamh le déanaí freisin as na himpléachtaí a d’eascair as an rud nach bhfuil Gaeilge ach ag duine amháin agus anois tá Raidió na Gaeltachta thíos, tá TG4 thíos agus níl fhios agam cén fáth, go háirithe TG4, nach raibh díospóireacht i gceist agus fotheidil in úsáid.”

Agus í ag tabhairt freagra ar cheist ó Shíomha Ní Ruairc, láithreoir How To Gael in éineacht le Louise Cantillon agus Doireann Ní Ghlacáin, ghlac Connolly leis go mbeadh tábhachtach go mbeadh díospóireacht ann as Gaeilge le freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá muintir na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta thíos ó thaobh díospóireachta de agus ní féidir glacadh le sin. Is dócha gur droch chinneadh a bhí ann i ndáiríre maidir le TG4 agus tá meas ollmhór agam, meas as cúimse agam orthu as an méid atá bainte amach acu ach níl fhios agam cén fáth gur ghéill siad chomh luath agus ar ghéill siad. Cad mar gheall ar fhotheidil?

I ráiteas ó TG4, dúirt urlabhraí go raibh TG4  agus Nuacht TG4 ag cloí le treoirlínte Choimisiún na Meán de réir mar a leagadh amach iad.  

Táimidne sásta go bhfuil clúdach cuimsitheach, cothrom agus neamhchlaonta (ar Nuacht TG4, 7LÁ agus Áras25) ar thoghchán na hUachtaránachta á chur ar fáil do phobail ina labhraítear Gaeilge i gcomhréir le sainchúram reachtúil TG4, Treoirlínte Toghcháin Choimisiún na Meán agus an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán. 

Cé go bhfuil freagraí a thug Catherine Connolly ar cheisteanna as Gaeilge le linn comhdhálacha phreasa craolta ar Nuacht TG4, níl aon agallaimh fhada craolta leis an iarrthóir i gclár ar nós The Katie Hannon Show(RTÉ 1) nó The Big Interview le Colette Fitzpatrick (Virgin Media) ar an staisiún.

I bhfreagra ó Ghearóid Mac Donncha, ceannasaí RTÉ RnaG ar ár bhfiosrú, dúirt sé go raibh agallamh idir Catherine Connolly agus Máirín Ní Ghadhra, láithreoir Nuacht a hAon, ar Luan na seachtaine seo.

“Ó thaobh na cothromaíochta de tá Fine Gael chun urlabhraí a chur ar fáil don chlár chun labhairt ar son an fheachtais atá ag Heather Humphries agus beidh an duine sin ar Nuacht a hAon as seo go ceann roinnt laethanta.

“Tá roinnt agallaimh déanta ag RnaG le Catherine Connolly le roinnt seachtainí ar chláracha éagsúla. Arís, chun cothromaíocht a bhaint amach, tá agallaimh déanta le hurlabhraithe eile atá ag tacú le Heather Humphries.”

Craoladh agallamh eile le Catherine Connolly ar An Saol Ó Dheas(RTÉ RnaG) le linn cuairte an iarrthóra ar Chiarraí ar an Aoine.

Diospóireacht séanta ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta 

Tá Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge tar éis a rá nár cheart go mbeadh cosc ar iarrthóir le Gaeilge agallaimh a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge ” toisc nach bhfuil Gaeilge ag an iarrthóir eile”.

Ní amháin go bhfágann seo an t-iarrthóir le Gaeilge ar leataobh ach séanann sé díospóireacht agus plé do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ina dteanga féin.

Ina fhreagra ar fhiosrú ó The Journal dúirt de Spáinn go raibh moltaí déanta ag an eagras a thacódh le reáchtáil díospóireachtaí, ina measc go mbeadh cead ag iarrthóir gan Gaeilge ionadaí a chur chun tosaigh do dhíospóireacht nó agallaimh.

Más ceist rialacha atá ann ag Coimisiúin na dToghchán nó Coimisiúin na Meán is gá iad a athrú le cothromas a chinntiú do lucht labhartha na Gaeilge.

 Thagair Coimisiún na Meán do threoirlínte a sheol siad chuig na craoltóirí an mhí seo caite mar gheall ar bheith ag craoladh tráth toghcháin agus luaigh urlabhraí i bhfreagra ar fhiosrú go raibh treoir ann ag tabhairt comhairle conas go bhféadfadh craoltóirí Cothrom na Féinne, oibiachtúlacht agus neamh chlaontacht a bhaint amach ina gcláracha is feasacháin nuachta.

Tá neamhspleachas eagarthóireachta ag craoltóirí maidir lena dtuairisciú ar an toghchán agus i sceidealú a gcláracha féin, díospóireachtaí san áireamh. Mar gheall ar an gcúis seo, is ceist eagarthóireachta ag gach craoltóir ar leith conas mar a chuireann siad i bhfeidhm na treoirlínte le haghaidh clár nó toghchán ar leith.

Tugann na treoirlínte comhairle do na craoltóirí ar cheisteanna ar nós leithdháileadh am idir iarrthóirí ar chraolacháin. Níl aon mhír ar leith a thagraíonn do cheist leithdháileadh ama ar chraoltóir Ghaeilge idir iarrthóir le Gaeilge agus iarrthóir nach bhfuil líofa, mar atá i gceist sa toghchán seo.

Moltar go gcuirtear san áireamh tosca ar nós ionadaíocht thofa i láthair na huaire, vótaí céad rogha i dtoghcháin roimhe seo agus líon na n-iarrthóirí sa toghchán atá ar na bacáin. Tá tosca eile luaite go sonrach freisin ach deirtear nach gá go mbeadh na tosca a chuirfear san áireamh teoranta don mhéid atá luaite sna treoirlínte.

Sa mhéid is go bhfuil tagairt ar leith don Ghaeilge sna treoirlínte, deirtear go bhféadfaí rochtain a thabhairt don lucht féachana “trí fhotheidealú, tráchtaireacht fuaime nó Teanga Chomharthaíochta na hÉireann”.

Spreagann Coimisiún na Meán na seirbhísí Béarla freisin chun deiseanna breise a chur ar fáil chun imeachtaí toghcháin a chlúdach sa Ghaeilge, rud atá sa bhreis ar a gcuid oibleagáidí conarthacha.
“Cé nach n-áirítear oibleagáidí sna Rialacha Rochtana ó thaobh clúdach inrochtana a chur ar fáil maidir leis an nuacht agus le cúrsaí reatha, spreagann Coimisiún na Meán craoltóirí teilifíse chun clúdach inrochtana ar imeachtaí toghcháin a chur ar fáil.
“Is féidir é sin a dhéanamh trí fhotheidealú, tráchtaireacht fuaime nó Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a sholáthar.”

Tá saineolaithe dlí tar éis a rá go bhfuil tábhacht leis go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán mar gheall ar an ról siombalach atá ag an gcéad cathróir agus gurb é an leagan as Gaeilge an leagan údarásach den Bhunreacht. Chuir Seán Ó Conaill, léachtóir sinsearach le Dlí Bunreachtúil i gColáiste na hOllscoile Corcaigh an cheist:

An bhfuil tír eile ar domhan nach mbeadh Uachtarán i ndán teanga oifiguil an Stáit a labhairt?

Thagair sé don chleachtas maidir le díospóireachtaí i dtíortha eile ina bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin.

“Má bhreathnaímid ar Cheanada déanann siad an obair ar seo. Deir iad mura bhfuil Francis agat, mura bhfuil Béarla agat, tá dualgas ort agus glacann gach duine leis, go bhfuil ort na teangacha sin a fhoghlaim.

“Feictear sin nuair a bhíonn díospóireachtaí ar an dteilifis nuair a bhíonn toghchán i gCeanada bíonn díospóireacht i bhFranicis agus bíonn díospóireacht i mBéarla agus caithfidh gach duine a bheith ar a shuaimhneas Béarla agus Francis a labhairt go poiblí mar sin an rud go mbeadh muintir Cheanada ag tnúth leis.

“Nílim cinnte go bhfuil an meoin chéanna againn in Éirinn i ndáiríre.”

I bpobalbhreith IPSOS/Behaviour and Attitudes a foilsíodh san Irish Times an tseachtain seo cháite, deir 3% de fhreagróirí gur ceist thábhachtach dar leo cé acu an raibh nó ná raibh Gaeilge ag an Uachtarán.  B’é seo an chéad uair a cuireadh an cheist i bpobal bhreith maidir le toghchán náisiúnta. I bhfreagra ó fheachtas Heather Humphreys, tugadh le fios go raibh iarrthóir Fhine Gael gur thacaigh sí go láidir leis an nGaeilge agus tagairt ann don ardú beagnach 25% ar mhaoiniú Roinn na Gaeltachta agus í san Aireacht. 

Ag tagairt do na treoirlínte maidir le leithdháileadh am chraolacháin le linn an fheachtais bhí an méid seo le rá ag a hurlabhraí.

“Ní bheadh aon deacracht ag Heather dá ndéanfadh na húdaráis cuí athbhreithniú ar na rialacha craolacháin.

“Le linn an fheachtais toghcháin tá iarrtha ag RTÉ RnaG urlabhraithe a chur chun tosaigh ó am go ham agus tá seo déanta againn.

“Ní raibh aon iarratas mar seo ó TG4 maidir leis an dtoghchán.

“Deinimíd ár ndícheall iarratais mar seo a éascú.”

Tuigtear go mbeidh craolacháin nóiméad cúig shoicind déag ar fhaid atá ullmhaithe ag an mbeirt iarrthóir á gcraoladh ar TG4 as seo go dtí an Déardaoin.   De réir na dtreoracha a cuireadh ar fáil dos na hiarrthóirí beidh nóiméad as Gaeilge ar na míreanna seo agus cúig shoicind déag i dteanga nach í an Ghaeilge í. Beidh fotheidil ar na míreanna seo agus craolfar iad uair amháin le hathchraoladh amháin.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil 

The Journal / YouTube

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds