Advertisement

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

GoodInformation

Cad atá taobh thiar de na éilimh 'cultural apartheid' faoi scéim cónaithe lán-Gaeilge in Ollscoil na Banríona

Tá scéimeanna cónaithe lán-Ghaeilge seanbhunaithe i bhformhór na n-ollscoileanna in Éirinn cheana féin.

This article is about Irish-language housing at Queen’s University Belfast. You can read it in English here.

BA DHÓIGH LE héinne a oileadh i bPoblacht na hÉireann gur imeacht cuíosach neamhurchóideach í oscailt áit chónaithe do Ghaeilgeoirí. Tá scéimeanna cónaithe lán-Ghaeilge seanbhunaithe i bhformhór na n-ollscoileanna in Éirinn cheana féin, chun áit chónaithe a chur ar fáil do mhic léinn ar maith leo an teanga a labhairt go laethúil. Ach chothaigh pleananna do scéim nua Ghaeilge ag Ollscoil na Banríona (OnaB), Béal Feirste, fothragadh feirge ar líne, agus ionadaithe ó “Ord na bhFear bhFlannbhuí” ag cur “apartheid” cultúir i leith an fhorais. 

I gcomhráiteas a eisíodh le déanaí, mháigh “Cumann na bhFear bhFlannbhuí” in OnaB agus lóiste na mac léinn agus alumni (LOL (Lóiste Dílis Oráiste) na Banríona 1845) go gcruthódh an scéim ‘ceantar coiscthe’ nó geall leis do mhic léinn Phrotastúnacha na hollscoile. “Is eagal linn nach mbeidh de thoradh ar chur i bhfeidhm polasaí a bhronnann pribhléidí speisialta ar thaobh amháin den phobal ach daoine de bhunadh aontachtaithe a chur ar leithlis agus a n-uchtach a bhaint díobh,” a dúradh sa ráiteas. “Níl aon locht againn ar an nGaeilig ná orthu sin a roghnaíonn í a labhairt mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha. Is é fáth ár mbuartha arm troda a bheith á dhéanamh di de shíor, agus polasaithe de leithéid seo –a chothaíonn cultúr scoilte agus scartha– le cuspóir go mbraithfeadh Protasúnaigh óga mar stróinséirí ina bhaile féin”. Is den Choiste um Riar Cirt (eagraíocht neamhrialtasach um chearta an duine agus í bunaithe i mBéal Feirste) Daniel Holder a fhéachann ar a leithéid seo de chur ina coinne mar shainchomhartha faidhbe is forleithne. “Chan fheil aon dul chun cinn déanta go sea sa Tuaisceart sa chaoi a rabh súil leis de bharr Comhaontú Aoine an Chéasta”, a dúirt sé le The Journal. “Bhí muid le hathrú a fheiceáil ó pholasaithe “Béarla amháin” go polasaithe éagsúlacht teanga, le cur chun cinn gníomhach na Gaeilge. Fágann easpa tola na bpolaiteoirí é sin gan bheith déanta go sea in áiteanna áirithe. Tá obair mhaith déanta ag roinnt Comhairlí, ach bíonn freagairt naimhdeach neamhréasúnach ann gach uair a chuirtear tionsnamh chun cinn. Ní hé cáineadh na scéime Gaeilge an chéad chonspóid a bhaineann le cúrsaí teanga san ollscoil. Sa bhliain 2018, chuir baill an Chumainn Ghaelaigh a bhfearg in iúl nuair a diúltaíodh cead dóibh comharthaí dátheangthach a chur in airde. Ina dhiaidh sin, gabh an leas-seansailéir sealadach a bhí ann san am a leithscéal as foclaíocht litreach ar an ábhar ina ndearnadh tagairt do ghá le “timpeallacht oibre neodrach”.  

Buaileann éadochas Linda Ervine (ball de “Turas”, ionad Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste) nuair a déantar iarracht an Ghaeilig a chur in iúl mar theanga deighilteach. Deir sí gur maith an rud é don dá phobail i dTuaisceart Éireann áiteanna inar labhartar Gaeilge a bheith ann. “Is gnách go mbíonn aithne ag daoine ón bpoal Protastúnach ar méid is lú Gaeilgeoirí, rud a fhágann níos lú deiseanna acu dul i ngleic léi inár saol laethúil. B’iontach an rud é do mhic léinn ar spéis leo an teanga an sórt seo áit chónaithe a bheith acu mar rogha”.

Tarraingíonn Ervine aird air go bhfuil roinnt mhaith Protastúnach a thug cuaird ar a hionad féin ag déanamh staidéir ar an nGaeilig san ollscoil faoi láthair. “Sílim gur cúis bhróin í daoine bheith ag iarraidh  lúb ar lár a aimsiú sa phlean seachas amharc go dea-mhéiniúil air, mar a tharla i gcás scéimeanna dá léitheid sa Bhreatain Bhig agus in Albain.”.

Is líonra coláiste a bhunaigh Véronique Altglas a d’fhorbair tionscadal cónaithe OnaB (QUB). Is léachtóir le socheolaíocht í Altglas agus is sise a rinne an moladh le mic léinn agus le baill foirne tar éis cloisteáil di faoin scéim chónaitheachta Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Deir an scoláire seo arb as an Fhrainc di nach bhfuil “focal amháin Gaeilge” feicthe aici ar an an gcampas ó thoisigh sí san ollscoil sa bhliain 2008. Chreid sí “ar feadh tamaill fhada nach rabh éinne ag labhairt Ghaeilge sa Tuaisceart”. 

Is de réir a chéile a fuair Altglas amach nach mar sin a bhí ar chor ar bith. ”Tá an oiread sin mac léinn againn ar cainteoirí Gaeilge iad, agus a labhrann an teanga lena chairde agus lena mhuintir”, a deir sí. “Is é cuspóir na scéime seo mac léinn bheith tiomanta do chur cinn na teanga agus a bheith ina ambasadóirí don éagsúlacht teanga agus chultúir, mar a tharlaíonn in ollscoileanna eile. Tá níos mó i gceist ná daoine a bheith in aontíos le chéile.” 

Cuireann cáineadh na scéime cantal uirthi agus an cáineadh sin ó “dornán daoine” mar a deir sí féin. “Bíonn tuairim neamhchabhrach ann gur Poblachtánach nó duine i gcoinne an aontachtachais aon duine a labhrann nó a foghlaimíonn Gaeilig” Is Francach mise agus táimse ag foghlaim Gaeilge, agus tá aontachtaithe sna ranganna anseo á foghlaim fosta.”  Deir sí go mbíonn roinnt daoine atá i gcoinne na teanga ag fonóid faoi mac léinn fiú. “Déarfadh mic léinn liom go dtabharfaí ‘oinniún’ nó ‘raisin’, mar shampla, ar a gcara Áine nó Róisín, nó go n-iarrfaí ‘fíor-ainm’ aon duine a bhfuil ainm Gaeilge air/uirthi.” 

Aontaíonn Holder léi nach bhfuil i lucht cáinte an phlean ach grúpa beag san ollscoil. “Is mionlach polaitiúil é a bhfuil polaitíocht an ama atá thart acu. Tá dearcadh forásach ar na rudaí seo ag formhór na n-óg, ach faoi láthair, tá córas againn a mhéadaíonn cumhacht na ndaoine atá i gcoinne cearta teanga.”

Caithfidh seanad na hollscoile an scéim a fhaomhadh sula n-osclaítear do mhic léinn é. Dúradh le The Journal, áfach go mbeidh cead ag mic léinn nua a spéis i scéim teanga a chur in iúl roimh thús na bliana acadúla seo chughainn. Deir urlabhraí de chuid Ollscoil na Banríona nach “scéim chónaithe Gaeilge” é an tionscnamh, ach “scéim chónaithe teanga”, a bheidh ar fáil do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar theangthacha nó ar ghné teanga mar chuid dá gcéim acadúil”. Deir an ollscoil, áfach, go ndéanfaí an Ghaeilig a thriall sa chéad bhliain den scéim “de bharr éilimh”. 

Níor fhreagair LOL (Lóiste Dílis Oráiste) na Banríona 1845 ná “Cumann na bhFear bhFlannbhuí” in OnaB iarratais ar thuairimí breise.

This work is also co-funded by Journal Media and a grant programme from the European Parliament. Any opinions or conclusions expressed in this work is the author’s own. The European Parliament has no involvement in nor responsibility for the editorial content published by the project. For more information, see here.

 

Author
Catherine Healy
Your Voice
Readers Comments
17
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel