Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
LAST UPDATE | 14 Jan
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)
TÁ SÉ RÁITE ag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, go raibh sí croí bhriste ar chloisint dí an scéal go raibh an amhránaí is an scéalaí Seán Ó Sé imithe ar shlí na fírinne tar éis tinnis ghairideisi.
D’éisigh an tUachtarán ráiteas ag tabhairt omóis don amhránaí Corcaíoch a cailleadh in Oispís Marymount trathnóna Dé Máirt agus dúirt go raibh sé ina laoch de chuid an cheoil ní h-amháin in Éirinn ach i gcéin.
“Mheall sé na céadta mílte chuig an gceol Gaelach agus traidisiúnta lena ghlór draíochtúil ceolmhar agus a stíl mhealltach amhránaíochta,” dúirt sí i ráiteas.
“Bhí a ghrá agus a mheas do thraidisiún na hamhránaíochta agus don teanga le sonrú go smior ina chur i láthair ón am a thug sé faoi shaol an cheoil lena chara, Seán Ó Riada, agus Ceoltóirí Chualann sna 60dí.”
Dúirt sí go raibh sé cinnte ”gur saibhre atá ceol agus amhránaíocht na Gaeilge agus na tíre seo de bharr shaothar Sheáin”.
“Ní féidir dearmad a dhéanamh gur ag Seán Ó Sé a bhí an chéad ‘hit’ Gaeilge, An Poc ar Buile, amhrán a ardaíonn meanma agus misneach fós inniu.”
Bheadh Ó Sé 90 bliain d’aois bainte amach aige an Aoine beag seo dá mhairfeadh sé agus níl ach roinnt míonna caite ó cailleadh a bhean cheile Eileen. Chaith sé na blianta ina phríomh oide i Scoil Náisiúnta Mhuire ar an gCnoc sara chuaigh sé ar scor.
Agus é ag labhairt le The Journal, dúirt An Taoiseach Mícheál Martin gur údar bhróin dó go pearsanta abea bás Uí Shé agus dúirt go raibh cuimhní ceanúla air agus é ag cur deireadh leis an gceiliúradh lena leagan de ‘The Banks of My Own Lovely Lee’ nuair a bhíodh Corcaigh ag buachaint craobhacha na hÉireann san pheil is san iomáint.
”Amhránaí den chéad scoth a chuir béim ar na hamhráin thraidisiúnta agus a raibh cáil air in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.” dúirt An Taoiseach. “Is cuimhin liom bheith ag freastal ar Aifreann Uí Riada i gCorcaigh agus bhíodh Seán Ó Sé ag canadh na h-iomainn éagsúla.
“Cuimhneofar ar Sheán go deo nuair a chloisfear An Poc ar Buile á chanadh.
“Bhí cairdeas ar leith aige le Seán Ó Riada. Bhí caidreamh láidir eatarthu agus léirigh Seán Ó Sé ceol Sheáin Uí Riada go críochnúil agus rinne sé obair iontach le Cór Chúil Aodha freisin.
“Is ionann a bhás agus deireadh ré agus déanaim comhbhrón lena chlann, Áine, Con agus Íde.”
Agus é ag canadh le Ceoltóirí Chualainn sna 1960í, d’eisigh sé féin agus Seán Ó Riada an amhrán is iomráití Gaeilge, b’fhéidir, An Poc Ar Buile, mar shingil agus bhí sé ar bharr na gcairteacha in Éirinn i 1962, an chéad amhrán as Gaeilge chun barr na gcairtacha a shroichint, amhrán a d’eisigh Gael Linn.
Is beag ócáid Ghaelach ann ó shin nár chan Ó Sé ann agus is dócha gur chan sé an amhrán céanna ar fud na cruinne.
Bhí Ó Sé ag canadh go gairmiúil go dtí le déanaí. I mí Lúnasa anuraidh, ghlac sé páirt i bhFéile na Laoch, féile a eagraítear i gCúil Aodha in iarthar Chorcaí uair gach seacht mblian chun omós a thabhairt don Riadach agus laochra eile an chultúir Ghaelaigh, agus bhí le bheith páirteach i gceolchoirm speisíalta a bheidh sa Cheoláras Náisiúnta i mí na Márta chun baill Cheoltóirí Chualann agus a sliocht a thabhairt le chéile.
D’eisigh sé albam d’amhráin as Gaeilge, ‘Dir Cúm Thola agus Cúil Aodha, in éineacht le Peadar Ó Riada, agus sna sála ar sin, d’eisigh siad albam d’amhráin as Gaeilge agus Béarla, Through Banks of Mist.
Ba chara mór le Peadar é Seán ar feadh breis is trí scór bliain.
Do chách, bhí Seán Ó Sé mar chara caoin geannamhail cruthaíoch, gealgáireach, greannmhar agus b’é a bhí carthannach grámhar linn go léir.
“Ba ócáid taithneamhach lán le pléasúr a chomhluadar gach lá des na seascad a trí bliana go raibh de phrimhléid agam cara a ghlaoch air. Beannacht dílis Dé len’ a anam ceolmhar,” dúirt sé.
B’as Béal Átha Leice láimh le Beanntraí dó agus d’fhreastal sé ar Choláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne sara h-oileadh ina mhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Bhí sé ina mhúinteoir bunscoile i nDroichead na Banndan agus ceapadh ina phríomhoide é ar Scoil Naisiúnta Mhuire ar an gCnoc i 1980 agus faoin am ar chuaigh sé ar scor i 1993, bhí breis is 900 dalta ag freastal ar an scoil agus b’é ceann des na bunscoileanna ba mhó sa tír é.
Chas sé leis an Riadach ag tús na 60í agus bhí sé ar an ardán ag ceann de na ceolchoirmeacha b’iomráití riamh i stair an cheoil thraidisiúnta, Ó Riada sa Gaiety, i 1969. Reachtáladh an ócáid sin chun omós a thabhairt don bhfile Ultach, Peadar Ó Doirnín.
Is ag an ceolchoirm seo a chan Ó Sé ‘Tá Bean in Éirinn’ don gcéad uair, dán de chuid Uí Dhoirnín a chuir An Riadach ceol as an nua leis agus is iomaí amhránaí eile a rinne iarracht an amhrán chéanna a chanadh ach nár éirigh leo na barr-nótaí a chan Ó Sé a bhaint amach.
I mí Dheireadh Fómhair, bronnadh céim dochtúireachta oinigh ar Ó Sé i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus bhronn TG4 gradam saoil air i mBéal Feirste i 2021. An tseachtain seo cháite bhronn Féile Tradfest Bhaile Átha Cliath gradam saoil air agus ar Pheggy Seeger.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say