We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is é Garry Mac Donncha a bheidh ag trachtaireacht ar chluiche an tSathairn. RTÉ

Éire V Sasana ag Twickenham le trachtaireacht as Gaeilge - anois tá seans againn!

Beidh rogha de thrachtaireacht Ghaeilge ar chluichí móra rugbaí agus sacair ar RTÉ as seo amach.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BEIDH ROGHA AG leantóirí fhóirne sacair is rugbaí na hÉireann bheith ag faire ar chraoltaí beo chluichí a laochra le trachtaireacht Ghaeilge ón Satharn beag seo, nuair a bheidh foireann Andy Farrell ag tabhairt aghaidhe ar Shasana i gCraobh na Sé Náisiún ag Twickenham. 

Agus nuair a thabharfaidh foireann na Poblachta aghaidh ar Czechia sa chluiche barr thábhachtach cháilithe do Chorn an Domhain an mhí seo chugainn, beidh an rogha Ghaeilge ar fáil freisin. 

Go deimhin, beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar os cionn 35 cluiche i mbliana – peil, iománaíocht camógaíocht, rugbaí agus sacar san áireamh, beo ar an RTÉ Player, agus ar chainéal nuachta RTÉ.  

Chuir RTÉ tús lena gcraoladh beo i nGaeilge ar chluichí ceannais iománaíochta agus peile na hÉireann sa bhliain 2015, agus ó shin i leith tá curtha go mór acu leis an tseirbhís bliain i ndiaidh bliana. 

I 2016 chuir an craoltóir rogha de thrachtaireacht as Gaeilge ar fáil le h-aghaidh cluichí Phoblacht na hÉireann i mbabhtaí ceannais craobh sacair na hEorpa. 

Dúirt Niamh Ní Churnáin, grúpcheannasaí Ghaeilge an chraoltóra go gcuireann “spórt lucht féachana na hÉireann faoi gheasa”

Is cuid lárnach é de mhisean seirbhíse poiblí RTÉ na heachtraí dodhearmadta seo a bheith ar fáil trí Ghaeilge.

“I mbliana i gcomhar le Spórt RTÉ, táimid ag cur le réimse na n-imeachtaí spóirt le tráchtaireacht as Gaeilge,” dúirt sí. 

“Cuirfear tús leis an gcraoladh leis an gcluiche mór rugbaí idir Shasana agus Éirinn, i gComórtas na Sé Náisiún,  le tráchtaireacht den chead scoth á cur ar fáil ag Garry Mac Donncha agus Colm de Buitléar.

“Seo é an chéad cheann de bhuaicphointí spóirt na bliana seo a bheidh á sholáthar ag RTÉ sa dá theanga.” 

Tá cluichí idirnáisiúnta rugbaí i gCraobh na Sé Náisiúin agus cluichí sacair le fóirne Phoblacht na hÉireann ar liosta d’imeachtaí spóirt ‘saor go h-aer’ atá de dhualgas ar chraoltóirí cuir ar fáil gan táille breise a lorg. 

Tá sé á éileamh le fada an lá ag eagrais Ghaeilge go gciallódh sin go mbeadh rogha de thrachtaireacht Ghaeilge ar fáil le h-aghaidh na cluichí seo le cinntiú nach ndéanfaí leantóirí le Ghaeilge a imeallú ó mhór ócáidí spóirt náisiúnta. 

Chomh maith le rogha de thráchtaireacht bheo i nGaeilge bheith ar fáil ar an gcluiche réitigh ollmhór a bheidh ag foireann sacair na hÉireann in aghaidh na Seicia sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain i Fortuna Arena i bPrág ar 26 Márta, beidh tráchtaireacht agus anailís Ghaeilge ar chluichí baile na hÉireann i Sraith Náisiún UEFA san fhómhar. Beidh cluichí idirnáisiúnta na mban á gclúdach freisin, ag tosú leis an gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain i gcoinne na Fraince ar 3Márta. 

Is é Garry Mac Donncha, a dhéanann an trachtaireacht ar an bpeil agus an iománaíocht fosta, in éineacht le Cuán Ó Flatharta, a bheidh i mbun tráchtaireachta agus anailíse. Ina dteanga beidh Colm de Buitléar agus Deirbhile Nic an Bháird (rugbaí), Charlie McGeever (sacar), agus a lán eile nach iad. 

Cuirfear tús le tráchtaireacht i nGaeilge ar chraobhacha peile, iománaíochta agus camógaíochta na hÉireann i mí na Bealtaine, agus beidh cluichí á gcraoladh gach deireadh seachtaine go mí Lúnasa. I dteannta na láithreoirí Garry Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta, beidh cómhthráchtaireacht le Dara Ó Cinnéide, Pat Fleury, Gary Brennan agus iar-imreoirí eile ar na cluichí seo. 

Bíonn tráchtaireacht agus anailís bheo le meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta le cloisteáil ó chuile chearn den tír gach deireadh seachtaine ar na cláracha Spórt an tSathairnSpórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae, agus tús curtha le sraitheanna peile agus iomána na hÉireann 2026. 

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds