We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is í Leisa Gwenllian atá sa phríomh ról sa scannán nua Breatnaise Effi o Blaenau. Tá sé ar an scannán Breatnaise is mó a mheall lucht féachana riamh sa Bhreatain Bheag S4C

TG4 tar éis athbheochan scannánaíochta na Breatnaise a spreagadh, dar le ceannaire S4C

Dar le príomhfheidhmeannach an chraoltóra Breatnaise, Geraint Evans, ní mór do chraoltóirí ábhar a thaithneoidh le pobal óg na Breataine Bige a chur ar fáil chun todhchai na teanga a chinntiú,

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SCANNÁN BREATNAISE faoi bhean óg atá ina cónaí i “y fro gymraegg”(croí cheantair na teanga sin) ag mealladh na sluaite chuig pictiúrlanna ar fud na Breataine Bige ó seoladh é ag deireadh na míosa seo caite.

‘Effi o Blaenau’ is ainm don scannán a insíonn an scéal atá ag Effi, bean óg singil a bhaineann taitneamh as an saol go dtí go gcasann sí ar shaighdiúir i gclub oíche agus, mar thoradh ar an gcaidreamh amháin sin, fágtar í ag iompar clainne.

Is mór an difir idir an scéal in Effi o Blaenau agus scéal An Cailín Ciúin ach dúirt Geraint Evans, ardstiúrthóir S4C, an cainéal Breatnaise, gur spreag an scannán a rinneadh faoi scéim TG4 agus Fís Éireann an craoltóir sa Bhreatain Bheag dul i mbun scannáin arís.

MetFilm Distribution / YouTube

“Bhíodh Alan Esslemont (iar-ardstiúrthóir TG4) i gcónaí ag rá gur spreag S4C é chun scannáin Ghaeilge a chur chun tosaigh do phictiúrlanna le go bhfaigheadh scannán Gaeilge ainmniúchán don Oscar, mar a tharla linne leis an scannán Hedd Wynn i 1994,” dúirt Evans agus é ag labhairt in agallamh le The Journal.

Ag tús na 90idí, bhí dornán scannán as Breatnais ar éirigh leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh, leithéidí Hedd Wynn, scannán faoi fhile Breatnaise a maraíodh agus é ag troid in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda, agus Branwen, scannán Breatnaise agus Gaeilge a bhí suite idir an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann.

D’éirigh le Hedd Wynn ainmniúchán a bhaint sa chatagóir chéanna ag na Gradaim Oscar ina bhfuair An Cailín Ciúin ainmniúchán i 2023 agus cé nár bhuaigh ceachtar acu an duais, d’éirigh leo go leor dea-cháil a mhealladh i dtreo scannán i dteangacha mionlacha in Éirinn agus sa Bhreatain.

Aithníonn Evans, áfach, nár thóg na Breatnaigh na céad chéimeanna eile ag an am.

Táimid á spreagadh anois athshealbhú a dhéanamh ar an gcineama arís nó is bealach eile é chun teacht ar ár lucht féachana agus beatha nua a chur i dtionscal scannánaíochta na Breatnaise mar gheall ar an méid atá feicthe againn le An Cailín Ciúin agus Kneecap – An Scannán.

“Tá Effi o Blaenau sna pictiúrlanna anois agus tá ag éirí go hiontach leis agus beidh scannán Breatnaise in aghaidh na bliana ag dul isteach sna pictiúrlanna mar chuid de scéim nua darbh ainm Cinema Cymraeg,” dúirt Evans.

GeraintEvans Geraint Evans, ard stiurthóir S4C Concubhar Ó Liatháin Concubhar Ó Liatháin

An oiread le haon chraoltóir, nó aon chomhlacht meáin chumarsáide, is é gnó S4C ná dul sa tóir ar lucht féachana ach tá an tírdhreach sin ag athrú agus níos mó daoine, an t-aos óg go háirithe, ag tréigean na teilifíse ar fad ar mhaithe lena n-ábhar meáin cumarsáide a lorg ar ghutháin ghlic agus scáileáin eile.

Léiríonn na figiúirí féachana fírinne an scéil sin. De réir eolais a thagann ó BARB (British Audience Research Bureau), tá titim 30,000 go 50,000 ar an lucht féachana teilifíse i measc pobal na Breataine Bige, cainteoirí Breatnaise agus daoine atá ina gcónaí lasmuigh den Bhreatain Bheag.

Ach ní chuireann sé sin san áireamh an lucht féachana d’ábhar shruthaithe atá á chur ar fáil ag S4C ar ardáin éagsúla ar nós TikTok is YouTube agus trína sheinnteoir féin, S4C Clic, agus, le déanaí, tá comhaontú déanta leis an BBC a thabharfaidh níos mó suntais don ábhar ón gcainéal Breatnaise ar iPlayer an mhórchraoaltóra Bhriotanaigh.

“Cuirtear an cheist orainn – ar cheart dúinn bheith ag caitheamh ár maoiniú ar scannáin don phictiúrlann agus, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is ionann an pictiúrlann agus scáileán eile d’ár n-ábhar, is ionann an guthán glic agus scáileán d’ár n-ábhar mar an gcéanna leis an teilifís.”

“Tá an scannán don phictiúrlann díreach chomh bailí is atá an scannán gairid atáimid tar éis a choimisiúnú le haghaidh TikTok.”

Dúirt sé go bhfuil ardán ar leith acu atá dírithe ar dhaoine san aoisghrúpa 18-25 agus is ar Hansh a théann ábhar atá magúil is, uaireanta, fonóideach a cheaptar go dtaithneodh sé leis an sciar sin den lucht féachana, sciar den mórphobal féachana atá tar éis scáileán na teilifíse a thréigean.

“Tá an t-ábhar ar Hansh dána agus déanann sé na rudaí sa Bhreatnais a thaitníonn leis an aoisghrúpa sin.

“Caithfimid todhchaí na teanga a chosaint trí ábhar a choimisiúnú a thaitneoidh leis an aos óg agus a mheallfaidh iad.”

Bunaíodh S4C tráth go raibh riail dhíreach ó Westminster sa Bhreatain Bheag agus nuair a bhí Margaret Thatcher ina príomhaire. Deirtear gur ceapadh ag an am go sásódh a leithéid de bheart na náisiúnaithe atá ag lorg neamhspleáchais.

Faoi láthair tá rialtas náisiúnach, Plaid Cymru, an páirtí náisiúnach sa tréis, i réim i gCaerdydd/Cardiff, áit atá rialtas dé-éabhlóidithe ina suí le beagnach 30 bliain. Go fóill, áfach, tá maoiniú S4C ag teacht ó Londain tríd an gceadúnas teilifíse. Faoi láthair tá todhchaí na craoltóireachta seirbhíse poiblí sa Bhreatain á mheas i bpáipéar glas atá foilsithe i mbliana.

Is é an claochlú ó lucht féachana teilifíse leis an ábhar líneach go lucht féachana atá ag faire go neamhlíneach ar gach cineál scáileáin atá ar chúl an phlé seo.

Faoi láthair faigheann S4C isteach is £100m gach bliain trí ciste na gceadúnas teilifíse – is ionann sin €117m agus ag tarraingt ar dhá oiread an liúntais a bhfaigheann TG4 ó Rialtas na hÉireann.

“Má dhéanaimid comparáid le TG4, is cinnte go bhféadfaidís bheith in éad linn beagán ach níor cheart dúinn bheith ag déanamh an chomparáid sin nó is é an fíorchomparáid ná an ceann lenár n-iomaitheoirí anseo, leithéidí an BBC agus ITV agus, gan amhras, Netflix.

“Tá an maoiniú de dhíth orainn le go mbeadh caighdeán ár n-ábhair ar chaighdeán a mheallfaidh daoine, daoine óga go háirithe, chun bheith ag faire agus mura bhfuil sé ar chaighdeán maith a dhóthain i gcomparáid leis na rudaí atá siad ag amharc orthu ar leithéidí Netflix, is ansin a roghnóidh siad gan féachaint air.

“Ní fhéachfaidh siad air mar go gcreideann siad go bhfuil dualgas orthu, mar a dhéanfadh daoine blianta ó shin – ní mór bheith ábalta dul san iomaíocht ar bhonn chaighdeán agus feabhas an ábhair.”

Cé go bhfuil sé ráite ag Plaid Cymru i bhforógra toghcháin an pháirtí go bhfuil siad ag iarraidh cumhacht maidir le craoltóireacht a bhogadh ó Londain go Caerdydd, tá Evans airdeallach go bhféadfadh sé seo bheith baolach freisin.

“Is é an cheist domsa ná an féidir leis an maoiniú bheith slán agus dóthanach seachas cé a chuireann an maoiniú ar fáil nó bheadh dainséar ag baint leis an gcumhacht sin a dhílárú freisin,” dúirt sé, ag tabhairt faoi ndeara an iomaíocht ghéar ó earnálacha an oideachais agus sláinte do mhaoiniú ó Rialtas na Breataine Bige faoi láthair.

Nuair atá deireadh ráite, áfach, tá Evans muiníneach don todhchaí – todhchaí S4C agus todhchaí na Breatnaise araon.

“Dá mba rud é nach rabhmar ach ag cur ar fáil na seirbhíse líneach teilifíse, atá an ghlúin níos sine ag faire air agus gan bheith ag riar ar riachtanaisí daoine óga, bheadh údar imní againn ní hamháin do thodhchaí S4C ach todhchaí na Breatnaise freisin.

“Ach má leanfaimid ag infheistiú i dteicneolaíocht nua chun ábhar atá ag mealladh daoine óga, má táimid toilteanach bheith ar ardáin ar nós YouTube, bheith sna pictiúrlanna le scannáin ar nós Effi o Blaenau, ag coimisiúnú ábhair do na meáin shóisialta do dhaoine óga, más sinne an craoltóir digiteach ar dtúis, ansan creidim gur féidir linn dul i bhfeidhm ar shaol daoine óga sa Bhreatain Bheag agus is féidir leo an Bhreatnais bheith ina saol agus iad sa tóir ar ábhar – má táimid ábalta postanna a thairiscint do dhaoine óga ionas go bhfeiceann siad gur féidir leo slí beatha a shaothrú tríd an mBreatnais agus iad ag labhairt na teanga – agus dá mhéid a dhéanaimid sin, is ea is gile atá todhchaí na Breatnaise.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds