We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Ionas Sláinte Leitir Móir lonnaithe i gCeantar na n-Oileán timpeall 60 km siar ó Ghaillimh.

Imigh abhaile agus déan cúrsa ar líne - an comhairle a tugadh do thuismitheoirí i gConamara

Tá imní ar an bpobal i gceantar iargúlta Gaeltachta go gcaillfidh siad tuileadh seirbhísí má ghéilleann siad ar an gceist seo.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TUGADH COMHAIRLE DO thuismitheoirí pháiste ceithre bliana d’aois a raibh tugtha acu le h-aghaidh coinne le teiripeoir urlabhra agus teanga dul ar líne chun cúrsa a dhéanamh san ábhar – agus chuaigh siad abhaile gan coinne a bheith faighte dá bpáiste.

Tá an cur síos seo i measc na scéalta a d’inis tuismitheoirí, múinteoirí is baill eile den phobal i gCeantar na nOileán i gConamara atá ag cur in éadan cinneadh deireadh a chur leis an gcuairt sheachtainiúil a bhíodh á thabhairt ag an dteiripeoir ar an ionad sláinte gar dóibh, Ionad Sláinte Leitir Móir.  

Dúirt Caitlín Seoighe, tuismitheoir atá ina hurlabhraí ar choiste thuismitheoirí agus múinteoirí a bunaíodh ag an gcruinniú poiblí seo, le The Journal gur cuireadh tuismitheoirí an chailín óig, mar aon le tuismitheoirí ar pháistí eile, ar líne chun cúrsa a dhéanamh ar urlabhra agus teanga.

“Tá a fhios agam go bhfuil cailín beag amháin i gceist agus gur as Ceantar na n-Oileán í agus ní fhaca sí aon duine i Leitir Móir aon uair,” dúirt sí.

“Cuireadh soir don Spidéal í fiú amháin níos faide soir ná an Tulach.

“Nuair a chuaigh siad chomh fada leis an Spidéal, tugadh treoir do na tuismitheoirí, a dhul ar líne agus an cúrsa áirithe seo a dhéanamh.”

D’iarr The Journal ráiteas ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar an gceist seo.

“Ní féidir leis an FSS caint faoi chásanna ar leith ach má tá údair imní nó ceisteanna ag teaghlach ar bith maidir lena gcúram, is féidir leo teagmháil leis an tseirbhís chun an cheist a phlé,” dúirt urlabhra an FSS i bhfreagra scríofa.

Cuireann an t-athlonnú seo ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte iallach ar pháistí atá tacaíocht ó theiripeoir cainte de dhíth orthu taisteal beagnach dhá scór chiliméadar ón gceantar iargúlta atá ceangailte leis an mór thír le bóithre cúnga agus thar droichid chaola go dtí an t-ionad sláinte ar an Tulach.

Ag an gcruinniú poiblí a reáchtáladh sa cheantar ar 9 Feabhra, léiríodh imní nach mbeadh i gceist leis an athlonnú seirbhíse seo ach tús ar laghdú sheirbhísí eile

I measc na gceisteanna a tháinig chun tosaigh ag an gcruinniú, léiríodh imní faoin easpa comhairliúcháin roimh an chinneadh agus bhí míshásamh freisin gur glacadh an cinneadh ag cruinniú a tharla go luath i mí na Samhna ach nár cuireadh tada in iúl go dtí an tseachtain roimh an chinneadh a theacht i bhfeidhm i lár mhí Eanáir.

Is príomh oide ar Scoil Náisiúnta an Trá Bháin í Anne Marie Ní Fhlatharta agus dúirt sí le The Journal go raibh an cinneadh seo ag cothú go leor deacrachtaí do pháistí atá tacaíocht ó theiripeoir urlabhra agus teanga de dhíth orthu an oiread is le páistí eile sa cheantar.

“Tá sé dochreidte gur tógadh an teiripeoir cainte ó na gasúir agus gur bogadh go dtí an Tulaigh é agus is dóigh an rud is measa faoi i ndáiríre ná níor tugadh cúis ar bith agus ní dúradh tada le duine ar bith leis na tuismitheoirí ná leis na scoileannaí,” dúirt sí.

“Ní bhfuair siad ríomh phost, ní bhfuair siad glaoch gutháin, ní dúradh tada leo.”

I bhfreagra ar an bpointe sin dúirt urlabhraí FSS gur cinneadh ‘oibriúchtúil áitiúil’ a raibh i gceist an tseirbhís urlabhra agus teanga a bhogadh ón Leitir Móir go dtí an Tulach agus gurb é an aidhm a bhí leis ná cur leis an tseirbhís teiripe urlabhra agus teanga sa cheantar agus a chinntiú go mbeadh sé éifeachtach.

Dúradh san fhreagra freisin gurb é ceann de na cúiseanna chun an tseirbhís á athlonnú ón Ionad Sláinte i Leitir Móir go dtí An Tulach ná go laghdódh sé an t-am a chaitheann an teiripeoir ag taisteal ón Tulach go dtí Leitir Móir.

“Glacann sé 45-60 nóiméad taisteal chuig agus thar n-ais ó Leitir Móir suas go dhá uair sa tseachtain agus má bhaintear an t-am taistil seo, is féidir dhá nó trí sheisiún breise urlabhra agus teanga a thairiscint san Ionad Sláinte ar an Tulach.”

Dúradh freisin sa ráiteas ón FSS go raibh an Teiripeoir Urlabhra agus Teanga ag baint úsáide as an ionad ar an dTulach chun comhaid a stóráil ach tá sé ráite ag tuismitheoirí agus múinteoirí go bhfuil comhaid á stórail ag an ionad i Leitir Móir.

Níl sé seo sásúil mar leith scéal do thuismitheoirí agus mhúinteoirí i gCeangar na nOileán mar go bhfuil an t-athlonnú ag cur dualgas ar thuismitheoirí agus daltaí an turas breise ó Leitir Móir a dhéanamh agus suas le dhá uair a chloig scoile a chailliúint gan trácht ar an gcur isteach ar shaol oibre na dtuismitheoirí.

Dúirt urlabhraí an FSS go ndéanfaí iarracht na coinní do pháistí ó Cheantar na nOileán a shocrú níos déanaí sa lá ionas nach mbainfí ón am a chaith siad sa seomra ranga.

“An rud a thuig mise nár chuimhnigh siad ar na gasúir seo chor ar bith i ndáiríre ná ar na tuismitheoirí,” dúirt phríomhoide Scoil Rónáin.

Tá gearán oifigiúil déanta leis an gCoimisinéir Teanga ar an mbonn go bhfuil laghdú déanta ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil i limistéir phleanála teanga Cheantar na nOileán, rud atá in éadan na bhforálacha d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2021. Tá sé i gceist an cheist a thógáil leis Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta chomh maith. 

Tugadh eolas do chomhairleoirí agus ionadaithe poiblí eile faoin gcinneadh ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair an tseachtain seo.

Cháin an Seanadóir Seán Kyne le The Journal an easpa cumarsáide ón FSS go dtí an pobal áitiúil i gCeantar na nOileán faoin gcinneadh a rinne siad i mí na Samhna.

“Bhí na chumarsáideachaí ón FSS go h-an dona, rinne siad an cinneadh faoi seo i mí na Samhna agus ní raibh aon duine curtha ar an eolas go dtí mí Eanáir.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds