We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Shampain ag tnúth go mór le bheith ag seinm in Eaglais San Nioclás i nGaillimh. Dylan Montgomery

Tá níos mó ag teastáil ón rialtas chun tacú le clubanna oíche, a deir DJ ó Ghaillimh

“Ní ionann na samhail gheilleagrach agus clubanna oíche, agus má bhreathnaíonn tú ar an rialtas in Éirinn, tá chuile rud a dhéanann siad bunaithe ar na samhail gheilleagrach.”

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

CÉ GO BHFUIL OÍCHE siamsaíochta in Éirinn ag dul ó neart go neart, caithfidh an rialtas níos mó a dhéanamh chun clubanna oíche a chaomhnú. 

Sin céard a bhí le rá ag Coillí Collins – nó DJ Shampain mar atá aithne forleathan air i suíomh an cheoil in Éirinn  – agus é ag labhairt le The Journal roimh a sheó mar chuid den fhéile Airneánach i nGaillimh ar an 27 Samhain.  

“Ní dóigh liom go bhfuil go leor tacaíocht ag teacht ón rialtas,” a dúirt sé. 

“Nuair a bhreathnaíonn tú siar go 2019, bhí go leor tacaíocht ann don feachtas Give Us The Night, agus rinne Sunil Sharpe jab iontach ag léiriú na fadhbanna a bhí ann. Ach bhí tionchar mór ag Covid ar shiamsaíocht oíche.”

“Bhí neart tacaíochta ann do na beáir in Éirinn ag an am sin, ach ní raibh tacaíocht ann d’ócáidí, agus i ndáiríre ní dóigh liom gur féidir leis an rialtas mórán a dhéanamh ar son clubanna oíche nó ceoil leictreonach sa chaoi chéanna gur féidir leo tacaíocht a thabhairt do na hearnáil eile,” a dúirt sé. 

Dar le Shampain, ní oibríonn clubanna oíche sa scéim eacnamaíochta ina bhfuil cathracha tógtha i 2025, agus caithfidh clubanna déileáil le fuaimrianta, rud a chuireann siad faoi míbhuntáiste. 

Chomh maith leis sin, ní thuilleann clubanna airgead sa chaoi chéanna le gnóthaí eile, agus déantar neamhaird orthu mar gheall air sin. 

“Ní ionann na samhail gheilleagrach agus clubanna oíche, agus má bhreathnaíonn tú ar an rialtas in Éirinn, tá chuile rud a dhéanann siad bunaithe ar na samhail gheilleagrach.

“Féach ar an tithíocht — ní féidir leat teach a thógáil fiú agus ní stopann an rialtas chun a rá, ‘oh, b’fhéidir go bhfuil sé seo ag teastáil ag daoine’. Níl iontas orm nach bhfuil an tacaíocht ceart á thabhairt chuig na clubanna oíche,” a dúirt sé. 

“Breathnaigh ar Fuse sa Bhruiséil, mar shampla. Is é sin ceann de na clubanna is sine san Eoraip agus bhí siad ag iarraidh fáil réidh leis toisc go raibh comharsana trasna an bhóthair ag rá go raibh sé róghlórach,” a dúirt Shampain. 

“Is seanscéal é sin agus uaireanta is fearr díriú ar d’ealaíon agus spásanna a chruthú duit féin in ionad a bheith ag fanacht ar an rialtas athrú mór a dhéanamh.”

Is féidir linn machnaimh a dhéanamh ar na rudaí diúltacha i gcónaí a deir Shampain, ach tá daoine ann a dhéanann sár-obair ar son siamsaíochta oíche agus na healaíona. 

Luann sé Kate Howard,  an comhairleoir eacnamaíocht oíche ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

“Ceapaim go bhfuil daoine cosúil le Kate Howard ag déanamh sár-obair, toisc go bhfuil an-fios aici ar na healaíona agus tá sé sin an-tábhachtach,” a dúirt Shampain. 

“Is trua é chomh maith nár thoghadh le Catherine Martin, an iar-Aire Cultúir in athuair anuraidh, mar rinne sí an-jab ar son na healaíona, agus is scéim iontach é an scéim bun ráta pá d’ealaíontóirí a thug sí isteach.”

É sin ráite aige, síleann sé go bhfuil aigeanta ag athrú ó thaobh ceoil leictreonacha de, rud atá fíormhaith. 

“Nuair a thosaigh mise amach nuair a bhí mé 18, ní raibh mórán rogha ann do rudaí ailtéarnacha i nGaillimh,” a dúirt sé.

“Bhí clubanna ann cosúil le Carbon, Karma agus a leithéid a bhí dírithe ar dhaoine a bhí ag iarraidh dul amach agus a bheith ag ól agus bhí an cheol mar pháirt de sin, ach ní raibh sí ina príomhrud.

“Más rud é go raibh Kettama ag seinm in Carbon, bheadh daoine ag rá ‘oh, beidh sé sin go maith’ ach ní raibh siad ann don cheol amháin. 

“Sílim go bhfuil níos mó tábhacht ag baint le hainm an duine a bheas ag seinm anois, agus tá níos mó fios ag daoine faoi na gigeanna a bhíonn ar siúl.”

Airneánach

Is é seo an chéad bhliain den fhéile nua Airneánach i nGallimh agus is ceiliúradh ar shiamsaíocht oíche, stair agus cultúr na Gaillimhe í an fhéile seo.

Ní haon strainséir é Shampain do tionscadail atá trialach agus tá léirithe curtha ar siúl aige ina chuir sé ceol beo le scannáin ar nós Nosferatu, Man of Aran, Irish Destiny agus Faust.

Tá EP nua darbh ainm Millennium Madness díreach cúrtha amach aige faoin teideal Shampain, ach beidh sé ag díriú ar cheol ailtéarnach faoi ailias nua Cathedral ag an bhféile. 

“Bheadh aithne ar dhaoine orm mar DJ istigh sna clubanna nó ag féilte móra, agus ag seinm ceoil teicneo nó ceol atá dírithe ar an urlár damhsa,” a dúirt sé. 

“Ach is rud é seo a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh le fada, an alias Cathedral. Tagann an fuinneamh a bhíonn i mo sheiteanna mar Shampain ón ceol atá ‘experimental’ agus táim ag tnúth go mór le díriú isteach ar an gceol sin faoin teideal Cathedral.”

Is í Eaglais San Nioclás an foirgneamh is sine i nGaillimh, atá thart le 700 bliain, agus tá sé ráite gur thug Cromail agus Christopher Columbus cuairt ar an Eaglais le linn a dtréimhse sa chathair. 

Dar le Shampain, is rud é seo a chuirfidh go mór leis an atmaisféar ar an oíche. 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds