We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Lelia Doolan ar a slí go Baile Átha Cliath mar achainí ar son chosaint na neodrachta i dtaca le h-úsáid Aerfort na Sionainne mar stad d'fhorsaí mhileata Stáit Aontaithe Mheirceá. Emilija Jefremova

'Ardú croí an tacaíocht d'ár neodracht atá léirithe ar mo shiúl ó Aerfort na Sionainne go BÁC'

Tá an scannánoir agus an gníomhaí cearta Lelia Doolan tar éis bheith ag siúl ó Aerfort na Sionainne go Baile Átha Cliath le coicís agus í ag iarraidh achaini a dhéanamh ar an Taoiseach stop a chur le h-úsáid Aerfort na Sionainne mar stad i gcóir fórsaí míleata Stáit Aontaithe Mheirceá(SAM).

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ BEAN, 91 BLIAIN d’aois, ag siúl le beagnach coicís agus í ar a bealach ó Aerfort na Sionainne go Baile Átha Cliath chun casadh leis an Taoiseach agus achainí a dhéanamh air chun stádas neodrach na tíre a chaomhnú.

Chuir Lelia Doolan, léiritheoir scannáin agus gníomhaí cearta, tús lena siúlóid ar 31 Márta agus faoin am seo tá sí ag siúl idir an Nás agus an Rath Cúil in Átha Cliath agus é mar sprioc aici bheith sa phríomhchathair amárach agus ag foirgnimh an Rialtais ar an gCéadaoin.

Turas sa bhreis ar 225 ciliméadar atá i gceist agus bhí Lelia agus a buíon ag siúl tuairim is 15 ciliméadar gach lá.

An sprioc atá aici ná casadh leis an Taoiseach is leis an Tánaiste chun an cheist a thógáil leo faoin mbaol atá ann do neodracht na hÉireann de bharr go bhfuil Aerfort na Sionainne in úsáid go leanúnach ag fórsaí míleata Stáit Aontaithe Mheiriceá mar stad ar a mbealach go dtí láthair coimhlinte sa Mheán Oirthear.

“Is ardú croí é na daoine geanúla agus cairdiúla atá casta linn ar an mbealach agus iad ar fad ag léiriú go seasann siad linn maidir le neodracht na hÉireann a chosaint,” dúirt Lelia agus í ag labhairt le The Journal.

Thagair sí do na hamanna gur cinneadh reifrinn faoi chonarthaí leis an Aontas Eorpach a reachtáil arís mar gur diúltaíodh dóibh an chéad uair. “Ní ar son tada ar iarradh orainn vótáil arís ar Lisbon agus Nice — agus níor thaitin sin linn — ach dúradh linn go gcoinneoimís ár neodracht.”

Dúirt sí go raibh comhaontú ann ó 1974 ina raibh sé socraithe go mbeadh cead ag Stáit Aontaithe Mheiriceá úsáid a bhaint as Aerfort na Sionainne mar stad idir Meiriceá agus láithreacha coimhlinte ar fud na cruinne ach nach raibh a fhios ag a lán daoine mar gheall air.

Dúirt sí go raibh go leor daoine tar éis gníomhú chun an úsáid a bhí á baint as Aerfort na Sionainne a cheistiú agus iad os comhair na cúirte dá bharr; bhí a cara Margaretta D’Arcy, a cailleadh anuraidh, tar éis seal a chaitheamh sa phríosún mar gur ciontaíodh í as a bheith páirteach in ionsaí ar eitleán de chuid fórsaí SAM.

“Pé scéal é, ní bheadh gá leis an ghníomhachas seo dá mbeadh an misneach simplí ag an Rialtas diúltú d’fhórsaí mhíleata SAM,” dúirt sí. “Dá mba do theach é agus gur thug tú cuireadh do chairde teacht ar chuairt, bheithfeá ag súil go bhfágfaidís a gcuid gunnaí ag an doras.”

Tá dhá litir scríofa ag Doolan go dtí an Taoiseach chun an cás a dhéanamh ach níl freagra faighte aici go fóill ar a hachainí.

Dúirt sí go raibh sí buartha go rabhamar i lár cogaidh dhomhanda gan é a bheith fógartha agus í ag tagairt don chogadh a bhí á fhearadh ag SAM agus Iosrael ar an Iaráin. “Diúltaím ‘cogadh Iaráin’ a thabhairt air nó is cogadh SAM agus Iosrael ar an Iaráin atá i gceist ach, gan amhras, ní duine mé a thacaíonn leis an réimeas san Iaráin ach an oiread.”

Anuraidh thug Doolan agus a cara Margaretta D’Arcy céimeanna oinigh a bronnadh orthu ó Ollscoil na Gaillimhe ar ais don institiúid mar gheall ar nascanna na hollscoile le foras Iosraelach, Technion. Chaith sí agus D’Arcy seal ag campáil taobh amuigh den Dáil i 2024 chun brú a chur ar an Rialtas Bille na gCríocha Gafa a reachtú.

Siar sna 1960idí d’éirigh Doolan as post mar léiritheoir in RTÉ mar gheall ar pholasaithe tráchtála an chraoltóra. B’í a bhunaigh an chéad chúrsa d’ábhar iriseoirí ag an gColáiste Tráchtála i Rath Maonais agus bhí sí ag múineadh freisin i gcúrsa cumarsáide a reáchtáladh in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí sí ina comhléiritheoir ar an scannán Reefer and the Model. Chaith sí seal freisin ina cathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann mar a bhí.

Beidh buíon na siúlóide ag teacht le chéile ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ag 9.30rn Dé Céadaoin agus ag siúl chomh fada le foirgnimh an Rialtais chun casadh — tá súil ag Lelia — leis an Taoiseach, agus tá sí ag tabhairt cuireadh do dhaoine ar mhaith leo ‘gníomh dearfach’ a dhéanamh ar son na neodrachta teacht in éineacht léi.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds