We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

D'fhógair an Aire Forbatha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary. Leah Farrell

Plean gnímh do sheirbhísí Ghaeilge sa Stát chóras foilsithe - ach cá bhfuil an t-airgead?

Tá sé i gceist go mbainfí úsáid as intléacht shaorga chun rogha de sheirbhísí Ghaeilge a chuir ar fáil ón Seirbhís Phoiblí.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

BHEADH COSTAS SA bhreis ar €21m idir seo agus 2028 ar na beartais atá i bplean gnímh chun feabhas a chur ar sheirbhísí trí Ghaeilge ón Seirbhís Phoiblí a foilsíodh inniu, thug urlabhraí an Aire Gaelachta le fios do The Journal.

Dar leis an ráiteas a tháinig mar fhreagra ar fhiosrú tar éis gur fhógair Dara Calleary, an Aire d’Fhorbairt Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an phlean ag ócáid phreasa i bhFoirgneamh an Rialtais, dúradh go mbeadh costas €6m ar na beartais le linn 2026. 

Dúirt an urlabhraí go meastar go mbeadh costas €7.5m ar an beartais le linn 2027 agus €7.8m le linn 2028.  Níor tugadh aon measúnú maidir leis na costais a bhainfeadh le beartais an phlean gnímh a chur i bhfeidhm le linn 2029 agus 2030. Is ionann sin agus iomlán de €21.3m.

Dúradh sa ráiteas go gceaptar go mbeadh an Roinn Forbartha Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus aisínteachtaí eile ar nós Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag tarrac as a gcuid buiséadaí fé mar atá chun na coimitmintí a leaganna an phlean orthu a chomhlíonadh.  Tugadh le fios go raibh go leor sa phleán a raibh ar bun cheana féin agus maoinithe dá réir.

Dúradh áfach go bhféadfaí go gcuirfí €1m in aghaidh na bliana ar fáil chun tacú le h-oibrithe sa Seirbhís Phoiblí a bheadh ag iarraidh feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge. 

I measc na n-aidhmeanna atá luaite sa phlean ghnímh, atá ag iarraidh tacú leis an Seirbhís Phoiblí agus é mar sprioc ag an Rialtas go mbeadh 20% d’earcaithe úra sa Stat Chóras, deirtear go bhfuil sé i gceist go mbeadh seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Beartas atá luaite chun tacú le baint amach na sprice seo go ndéanfaí staidéar féidireachta ar bhunú mol/clinicí seirbhísí ina gcuirfear seirbhísí lárnacha ar fáil trí mheán na Gaeilge do phobail na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. 

Tá sé molta freisin go mbunófaí seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a bhainfeadh na ranna Rialtais agus aisínteachtaí phoiblí eile úsáid as le h-aghaidh ábhar i nGaeilge do chomharthaíocht. 

I measc na mbeartas eile luaite sa phlean, tá sé i gceist ciste  a chur ar bun ar bhonn trialach agus córas agus searmanas gradam a fhorbairt leis an nuáil a spreagadh i gcomhthéacs fheidhmiú an Achta.  Moltar freisin  líonra faoi leith a bhunú d’Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, nuachtlitir a chur amach gach ráithe agus seimineáir eolais rialta a reáchtáil.

Ina chaint agus é ag seoladh an phlean, dúirt an Aire Calleary gur ‘mór an onóir’ dó é an phlean seo a fhoilsiú ag am ‘nach raibh leibhéal báúlachta agus dearfachta i leith na teanga riamh chomh hard’.

“Cuireann an plean seo tacaíocht agus nuálaíocht i gcroílár na bhforbairtí atá le teacht agus táim ag tnúth le dul chun cinn a dhéanamh ar an obair i gcomhar le mo chomhghleacaithe Rialtais agus páirtithe leasmhara tábhachtacha eile,” dúirt an Aire.

I measc na mbeartas atá luaite sa phlean, tá sé i gceis ‘an Ghaeilge a leabú i bhforbairtí ó thaobh na hintleachta saorga de’.

Tá sé i gceist, freisin, ‘tabhairt faoi staidéar féidearthachta le féachaint an bhféadfadh saoránaigh a rogha ó thaobh teanga de (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin le go bhféadfaí an t-eolas sin a úsáid sna seirbhísí poiblí coitianta éagsúla, samhlacha atá á n-úsáid cheana féin á gcur san áireamh’.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds