We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Ní bheidh aon dhiospóireacht as Gaeilge ag TG4 le h-aghaidh fothoghchán Ghaillimh Thiar. Alamy Stock Photo

Ní bheidh aon diospóireacht as Gaeilge ag TG4 nó RTÉ RnaG d'fho-thoghchán Ghaillimh Thiar

De bharr treoirlínte Choimsiún na Meán, is gá am cothrom a thabhairt d’iarrthóirí ar na meáin sheirbhís phoiblí. Ciallaíonn seo nach mbionn diospóireachtaí Gaeilge mura bhfuil Gaeilge ag na h-iarrthóirí ar fad.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ EASPA LÍOFACHTA sa Ghaeilge ag formhór na n-iarrthóirí i nGaillimh Thiar i measc na dtoscaí atá ag cur srian ar chraoltóirí díospóireachtaí as Gaeilge a reáchtáil is an fothoghchán don Dáilcheantar leis an nGaeltacht is mó sa tír a bheidh á reáchtáil i dtrí sheachtain.

Dearbhaíodh i sceideal a d’eisigh RTÉ tráthnóna Dé hAoine agus a scaip siad i measc iarrthóirí sa toghcheantar Gaeltachta nach mbeadh aon díospóireacht phainéil á reáchtáil ar chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta cé go mbeidh díospóireachtaí i measc na hiarrthóirí as Béarla ar iliomad cláracha ar RTÉ 1 is ar RTÉ Raidió 1.

Roimhe seo fuair The Journal dearbhú ó TG4 nach mbeadh díospóireacht idir na hiarrthóirí ag an gcraoltóir Gaeilge.

“Níl sé i gceist againn díospóireacht a reáchtáil faoi cheachtar fothoghchán,” dúirt urlabhraí an chraoltóra.

Ní gnách dúinn a leithéid a dhéanamh d’fothoghcháin, beag beann ar chumas Gaeilge na n-iarrthóirí, agus is amhlaidh atá an scéal an uair seo.

Tuigtear go bhfuil Gaeilge líofa a dhóthain ag ceathrar iarrthóirí as an 17 atá ainmnithe le bheith san iomaíocht i nGaillimh Thiar. Is iad seo ná Seán Kyne ó Fhine Gael, Killian Keane ó Fhianna Fáil, Míde Nic Fhionnlaoich ó na Daonlathaithe Sóisialta agus Orla Nugent ó Aontú.

Bhí an chosúlacht ar an scéal nach raibh muintir Shinn Féin ar aon fhocal faoi chumas Gaeilge iarrthóir an pháirtí ag tús na seachtaine. Ar an gclár The Week in Politics an tseachtain seo caite, dúirt ceannaire SF Mary Lou McDonald nach raibh Gaeilge líofa ag Mark Lohan ach go mbeadh sé páirteach i ndíospóireachtaí ar TG4 agus RTÉ RnaG.

Ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ RnaG ag tús na seachtaine, dúirt Mairéad Farrell, Teachta Dála SF i nGaillimh Thiar, an méid seo:

Bhí mise soiléir ón tús nach raibh sé líofa is nach mbeadh sé ábalta díospóireachtaí beo nó tada mar sin a dhéanamh.

Ar an Déardaoin, dhearbhaigh Lohan, in agallamh a rinne sé ar RTÉ RnaG, é go raibh roinnt Gaeilge aige, nach mbeadh sé líofa a dhóthain bheith páirteach sna díospóireachtaí.

Sa sceideal ar a gcláracha fothoghcháin ó RTÉ a scaipeadh ar na páirtithe éagsúla, liostáladh na cláracha ar fad a bheadh ag tuairisciú ar an bhfeachtas suas go dtí lá na bhfothoghchán ar 22 Bealtaine agus ar a mbeidh díospóireachtaí idir na hiarrthóirí á reáchtáil.

Ag labhairt le The Journal, bhí iarrthóir Fhine Gael, an Seanadóir Seán Kyne, cáinteach faoin easpa soláthar ó thaobh na Gaeilge de ar sceideal seo cé gur dúirt sé gur thuig sé na srianta a bhí i bhfeidhm mar gheall ar threoirlínte Choimisiún na Meán i dtaobh am cothrom a thabhairt do gach iarrthóir.

“Tá oibleagáidí soiléire ar RTÉ faoin Acht Craolacháin ábhar Gaeilge a chur chun cinn agus a chruthú. Mura bhfuil siad ar an eolas faoi sin, tá an leid san ainm féin – Radio Teilifís Éireann. Is craoltóir seirbhíse poiblí na hÉireann iad.”

“An bhfuil siad ag comhlíonadh a róil agus a ndualgais faoin Acht Craolacháin anois?” dúirt sé.

Thug sé le fios sa bhreis ar sin nár rugadh é féin le Gaeilge ach gur fhoghlaim sé í agus go raibh an deis chéanna ag iarrthóirí eile an teanga a fhoghlaim.

“Admhaím go mbeidh clúdach nuachta ar an bhfothoghchán ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar Nuacht agus Fóram ar RTÉ a hAon, mar is cuí agus is ceart.

Ach is mór an náire é nár bhain ár gcraoltóir náisiúnta leas as an bhfothoghchán seo chun deis annamh a thabhairt do gach iarrthóir inGaillimh Thiar atá líofa sa Ghaeilge páirt a ghlacadh i ndíospóireacht.

Tá treoirlínte ag Coimisiún na Meán maidir le conas go bhféadfadh craoltóirí Cothrom na Féinne, oibiachtúlacht agus neamh chlaontacht a bhaint amach ina gcláracha is feasacháin nuachta.  Tá comhairle maidir le leithdháileadh am ar iarrthóirí bunaithe ar ionadaíocht thofa i láthair na h-uaire, líon na vótaí céad rogha sa toghchán deireanach agus líon na n-iarrthóirí. 

Níl aon mhír ar leith a thagraíonn do cheist leithdháileadh ama ar chraoltóir Ghaeilge idir iarrthóir le Gaeilge agus iarrthóir nach bhfuil líofa, mar atá i gceist sa toghchán seo.

I dtoghcháin roimhe seo nuair a raibh diospóireachtaí ann le h-iarrthóirí gan Ghaeilge, baineadh úsáid as seirbhís aistriúcháin comhuaineach le go dtuigfeadh iarrthóirí an Ghaeilge na ceisteanna.  

Roimhe seo dúirt Míde Nic Fhionnlaoich, iarrthóir na Daonláthaigh Sóisíalta,  go mbeadh sé tábhachtach go bhfaigheadh muintir na Gaeltachta cothrom na Féinne tráth toghcháin ó thaobh díospóireachtaí is ó thaobh an méid a bhíonn sna meáin.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh cothrom na Féinne ag muintir na Gaeltachta sna dáilcheantair sin ó thaobh an aird atá á thabhairt ar an nGaeilge agus ní amháin nuair atá muid ag caint ar an nGaeilge féin ach ba chóir go mbeadh muid in ann tithíocht a phlé i nGaeilge,” dúirt sí.

“Ba chóir go mbeadh muid in ann cúrsaí sláinte, cúrsaí míchumais, cúrsaí iompair a phlé agus is bocht an rud nach bhfuil sin ann.”

Mhol sí go mbeadh na páirtithe eile sásta ionadaí le Gaeilge a chur in áit an iarrthóra chun bheith páirteach i ndíospóireachtaí i gcláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Beidh díospóireacht ar siúl ar The Week In Politics ar RTÉ 1 ar 10 Bealtaine idir iarrthóirí i nGaillimh Thiar. Tá cuireadh tugtha d’iarrthóirí ó Shinn Féin, Éire Neamhspleách, Fine Gael agus Fianna Fáil bheith páirteach sa chlár seo. Is iad seo na ceithre pháirtí is mó a ghnóthaigh vótaí san olltoghchán i 2024. Beidh eagrán TWIP ar 3 Bealtaine ag díriú ar an bhfothoghchán i mBaile Átha Cliath Láir.

Beidh mír faoi Ghaillimh Thiar ar an bpríomhfeasachán nuachta, 6-1 (RTÉ 1) ar an Aoine, 8 Bealtaine, agus beidh cuireadh ag Mike Cubbard, méara na Gaillimhe atá ag seasamh go neamhspleách, agus Míde Nic Fhionnlaoich ó na Daonlathaithe Sóisialta, maraon leis an gceathrar a fuair cuireadh go dtí TWIP, bheith páirteach sa díospóireacht seo.

Beidh Drivetime ar RTÉ Radio 1 ag díriú ar Ghaillimh Thiar ar 13 Bealtaine agus tá cuireadh le seoladh chuig ochtar iarrthóirí le bheith páirteach.

Níl sé cinnte cé a bheidh páirteach sa díospóireacht seo mar aithnítear go mbíonn moimint dá gcuid féin ag feachtais toghcháin is fothoghcháin. Beidh torthaí phobalbhreith do Ghaillimh Thiar á tuairisciú ag Nuacht TG4 ar 7 Bealtaine. Pobalbhreith é seo atá coimisiúnaithe ag Nuacht TG4 i bpáirt leis an Irish Times. Beidh pobalbhreith Bhaile Átha Cliath á tuairisciú ar 14 Bealtaine.

Deirtear sa sceideal a chuir RTÉ ar fáil go mbeidh cláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tuairisciú ar na Dáilcheantair, ag déanamh tuairiscí bunaithe ar na ceisteanna atá á dtógáil ag na toghthóirí agus tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí ar fad dul faoi agallamh cúig nóiméad ar eagráin d’Adhmhaidin chun a gcuid polasaithe a phlé.

Beidh próifíl ar na Dáilcheantair agus tuairiscí faoi na ceisteanna toghcháin ag feasacháin de chuid Nuacht RTÉ. Beidh a macasamhail ar chlár chúrsaí reatha RTÉ, Fóram, a chraoltar ar RTÉ 1 gach Domhnach ag 10.30rn.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds