Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
BEIDH AR PHOBAL na Gaeltachta fanacht go dtí an chéad leath de 2027 sula bhfoilseofar ráiteas náisiúnta pleanála don nGaeltacht, tá sé ráite sa Phlean Tithíochta a foilsíodh ar maidin.
Cé go bhfuil treoirlínte pleanála don nGaeltacht geallta go mion agus go minic ag airí éagsúla tithíochta agus Gaeltachta ó 2022, agus é ráite ann go raibh siad le foilsiú “laistigh de chúpla seachtain” nó “roimh Nollaig” nó “go luath san Athbhliain” is in aguisín de chuid an phlean ar maidin a tugadh amlíne le h-aghaidh foilsiú an ráitis náisiúnta pleanála agus de réir sin ní an ráiteas ar fáil go dtí an chéad leath de 2027.
Tá soiléireacht lorgtha ag The Journal ar na rannóga cuí Rialtais cé acu an ionann ráiteas náisiúnta pleanála don nGaeltacht agus na treoirlínte pleanála a gealladh.
Bhí súil go mbeadh tagairt sa phlean tithíochta a foilsíodh ar maidin don riachtanas go mbeadh tithíocht do chainteoirí Gaeilge á sholáthar sa Ghaeltacht agus cé go raibh tagairtí ann, is údar díomá do ghníomhaithe Gaeltachta an easpa práinn a bhain le beart sa Ghaeltacht i gcomhthéacs go bhfuil géarchéim teanga aitheanta maidir le labhairt na Gaeilge sna pobail sin.
Donncha Ó hÉallaithe, cathaoirleach Bánú, an feachtas ar son tithíocht sa Ghaeltacht, a thug an méid sin le fios agus é ag tabhairt a chéad fhreagra ar an gcáipéis a fógraíodh ag ócáid phreasa a reáchtáil an Aire Tithíochta, James Browne, in éineacht leis an Taoiseach, Mícheál Martin, agus an Tánaiste, Simon Harris, ar shuíomh tógála ar maidin.
Sa phreas ráiteas deirtear, as Béarla:
National Planning Statements for rural housing and housing in Gaeltacht areas to provide clarity and consistency in the planning system.
Sa cháipéis iomlán atá ar fáil as Béarla amháin ar shuíomh idirlín an Rialtais, níl aon tagairt bheacht don ngeallúint seo seachas an tagairt san aguisín ar leathanach 104. San aguisín sin, deirtear i mír 8.7 gur ar an Roinn Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil a bheidh an cúram seo agus nach gcomhlíonfar é go dtí an chéad leath de 2027.
Sa phreas ráiteas ar maidin, tugadh le fios freisin go mbeadh ról áirithe ag Údarás na Gaeltachta sa ghnó seo. Dúradh an méid seo:
Leveraging Údarás na Gaeltachta, working with Uisce Éireann and local authorities, to support the building of homes for Irish speaking communities.
I mír 8.6 den aguisín ar leathanach 103 den phlean a dhéantar tagairt do seo agus sa tagairt sin deirtear go mbeidh an fhreagracht as an mbeartas seo a chomhlíonadh ar Údarás na Gaeltachta, an Roinn Tithíochta, na húdaráis áitiúla agus Uisce Éireann agus is é an dara leath de 2026 an sprioc le go dtósnófar ar an obair sin.
Dar le Donncha Ó hÉallaithe ón mbrúghrúpa tithíochta Gaeltachta, Bánú, ní raibh “mórán dul chun cinn déanta ó thaobh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht sa phlean seo”.
An t-aon rud amháin is dócha ná go n-aithníonn sé go bhféadfadh ról a bheith ag Údarás na Gaeltachta ach i ndáiríre tá díomá orainn nach bhfuil an ról sin oibrithe amach fós ag na ranna rialtais éagsúla agus go bhfuil moilleadóireacht ar bun acu faoi sin.
Is cinnte freisin gur bhain sé siar as gurb é an chéad leath de 2027 an sprioc le h-aghaidh foilsiú an ráiteas náisiúnta pleanála don nGaeltacht.
“Ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth go gcaithfidh muid fanacht go 2027 le raiteas náisiúnta pleanála faoi thithíocht sa nGaeltacht. Ba cheart an raiteas sin a chur le cheile ar bhun práinne.
“Tá muid fós ag fanacht ar Treoirlínte Pleanála a gealladh 3 bhliain ó shin.”
Tá soiléireacht ar an amlíne seo iarrtha ag The Journal ón Roinn Tithíochta.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say