Alamy Stock Photo

Feachtas nua chun ath-shealbhú a dhéanamh ar bhunleaganacha ainmneacha bhailte na hÉireann

Tá iarrachtaí ar bun ainmneacha Ghaeilge chathracha is bailte móra na hÉireann a thabhairt ar ais in úsáid – agus tá aip ann freisin chun tacú leis an obair!

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

D’ATHRAÍGH MUINTIR INDIA an ainm ón ré choilíneach, ‘Calcutta’, go Kolkata agus Bombay go Mumbai, thug an Bhreatain Bheag an ainm Breatnaise Caerdydd chun tosaigh ar Cardiff, an leagan Béarla.

Anois tá feachtas tosnaithe chun na hainmneacha Gaeilge ar chathracha is báilte na hÉireann a thabhairt ar ais in úsáid go coitianta, seachas na leaganacha Béarla atá in úsáid agus atá gan bhrí, gan chiall dar le scoláirí.

Cnuasach focail gan bhrí iad na hainmneacha ‘Cork, Dublin, Tipperary agus Donegal’ ón am gur aistríodh iad ón nGaeilge, tá sé ráite ag an bhfile is scoláire Louis de Paor agus an feachtas nua, ar a dtugtar AthGhaelú, á sheoladh ag Conradh na Gaeilge.

Agus an feachtas á sheoladh, tá innealtóir bogearraí i gCill Dára tar éis aip, Baile Beo, a sheoladh chun cuidiú le tiománaithe a bhíonn ar bhóithre na tíre tuiscint níos fearr a fháil ar na háiteanna atá siad ag gabháil triothu agus tharstu.

Ag seoladh AthGhaelú, dúirt Leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Aodhán Ó Deá go raibh sé “thar am dúinn spreagadh a fháil ó tíortha eile ag díchóilíniú a gcuid logainmneacha ar nós An India ag athsealbhú ainmneacha cosúil le Bombay go Mumbai, Calcutta go Kolkata.”

Breis is 100 bliain ó gur bhaineadh saoirse amach ó dheas ar an oileán seo, nach náireach an rud é go bhfuil muid fós ag úsáid logainmneacha coilíneacha gan chiall go forleathan.

“Chuige sin táimid thar a bheith bródúil AthGhaelú a sheoladh,” dúirt sé. “Tá níos mó i gceist leis an bhfeachtas seo ná úsáid na Gaeilge — baineann sé le féiniúlacht, úinéireacht, agus athcheangal le brí na n-áiteanna mórthimpeall orainn. Is rud é úsáid logainmneacha Gaeilge is féidir le gach duine a dhéanamh, agus is bealach cumhachtach é chun ár n-oidhreacht a choinneáil beo.”

Cuid amháin den bhfeachtas seo ná an gealltanas logainmneacha. Tá cuireadh tugtha do ghrúpaí Gaeilge is eile geallúint a thabhairt go poiblí go n-aithníonn siad “gur gné ríthábhachtach dár n-oidhreacht chomhroinnte í traidisiún na logainmneacha Gaeilge in Éirinn, toisc go dtugann siad léargas dúinn ar stair agus ar thírdhreach ár gceantair áitiúil” agus go ngeallann siad na logainmneacha Gaeilge a úsáid chomh fada agus is féidir leo.

Thug Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a léargas ar an bhfeachtas ag rá gur athraíodh na hainmneacha go Béarla “trí phróiseas coilíneach a scar daoine ó bhrí a dtírdhreacha féin.”

“Is é atá i gceist le hAthGhaelú ná na hainmneacha sin a thabhairt ar ais in úsáid laethúil agus iad a aithint mar chuid bheo dár bhféiniúlacht,” dúirt sé, ag tagairt do shampla na Breataine Bige, áit a bhfuil céimeanna á nglacadh chun logainmneacha dúchasacha a fréamhú sa ghnáthshaol chomhaimseartha.

“Ní mór dúinn amhlaidh a dhéanamh anseo,” dúirt sé.

Trí logainmneacha Gaeilge a úsáid inár saol laethúil, táimid ag athcheangal leis an teanga, leis an tírdhreach, agus leis na scéalta a mhúnlaíonn muid ar fad.

Tá an fheachtas faoi sheol anois agus teachtaireachtaí is postálacha déanta ar na meáin soisíalta ag pearsaí aitheanta agus, ina measc, tá an fhile Louis de Paor, ag iarraidh ar dhaoine filleadh ar na leaganacha bunaidh d’ainmneacha na gcathracha, na mbailte is na mbailte fearainn ar fud na tíre. 

I dteachtaireacht uaidh a foilsíodh ar instagram, bhí an méid seo le rá aige: “Chomh luath agus a aistríodh na logainmneacha go dti cnuasach comharthaí gan bhrí sa Bhéarla – Cork, Dubllin, Tipperary, Donegal – giobairis isea na focail sin ar fad, nil aon bhrí leo, níl aon chiall leo.

An mó duine a théann ó thuaidh go dtí an áit a dtugtar ‘Navan Fort’ air i mBéarla a thuigeann Eamhain Mácha, an áit a raibh Cú Chulainn, an áit a raibh dún ag Conchúr Mac Neasa’. 

Is féidir breis eolais a fháil faoin bhfeachtas Ath-Ghaelú ag an suíomh seo. 

Tá an feachtas faoi sheol anois agus teachtaireachtaí is postálacha déanta ar na meáin shóisialta ag pearsaí aitheanta agus, ina measc, tá an file Louis de Paor, ag iarraidh ar dhaoine filleadh ar na leaganacha bunaidh d’ainmneacha na gcathracha, na mbailte is na mbailte fearainn ar fud na tíre.
I dteachtaireacht uaidh a foilsíodh ar Instagram, bhí an méid seo le rá aige: “Chomh luath agus a aistríodh na logainmneacha go dtí cnuasach comharthaí gan bhrí sa Bhéarla — Cork, Dublin, Tipperary, Donegal — ráiméis is ea na focail sin ar fad, níl aon bhrí leo, níl aon chiall leo.

“An mó duine a théann ó thuaidh go dtí an áit a dtugtar ‘Navan Fort’ air i mBéarla a thuigeann Eamhain Mácha, an áit a raibh Cú Chulainn, an áit a raibh dún ag Conchobhar Mac Neasa?”

Is féidir breis eolais a fháil faoin bhfeachtas AthGhaelú ag an suíomh seo.

Ag an am céanna is a seoladh an feachtas sin, agua is comhtharlúint atá ann, tháinig aip nua, Baile Beo, ar an margadh a ligfidh don bpobal eolas a fháil ar bhunleaganacha na logainmneacha agus iad ag taisteal bóithre na tíre.

Innealtóir bogearraí é Dave McGinn atá lonnaithe i gCill Dara agus dúirt sé le The Journal go raibh a chroí á bhriseadh agus é ag tiomáint is ag feiscint ainmneacha ar chomharthaí nach raibh aon chiall leo. Mar gheall ar seo bheartaigh sé a chuid scileanna gairmiúla a úsáid chun aip a chruthú.

“Tá pearsantacht atá na céadta bliain d’aois ar chúl gach ainm,” arsa McGinn. “Ach nuair atá tú ag tiomáint ar na mótarbhealaí, tá tú ag dul thar áiteanna le hainmneacha gan chiall ar bith agus nach bhfuil aon eolas agat mar gheall orthu.”

An rud ar mhaith liom a shoilsiú ná an stair — gur fuair an baile a chuaigh tú thar díreach anois a hainm ó mhainistir a tógadh breis is míle bliain ó shin agus a rinne na Lochlannaigh a scrios.

Tá feidhm ar an aip, Journey Mode/Módh Turais, a aithníonn cá bhfuil an carr ar an mbóthar agus a thugann an t-eolas cuí don tiománaí is na paisinéirí de réir mar a thaistealaíonn sé.

Dúirt McGinn go raibh an aip, atá ar fáil saor in aisce ar stóras aipeanna Apple agus Google, ag brath go mór ar an eolas atá ar fáil ar shuíomhanna ar nós logainm.ie, suíomh a bhfuil tacaíocht aige ó Rialtas na hÉireann.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds