Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
BÍODH AGUS GO mbíonn gearáin go leor faoi chaighdeán agus fhoghraíocht na Gaeilge ar fhógraí poiblí ar na meáin, tá fás suntasach ar an nglacadh atá leo i measc an phobail, de réir taighde nua atá déanta ag an gcomhlacht fógraíochta agus margaíochta domhanda, WPP Media Ireland.
Tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí sciar dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge chuile bhliain. De réir Mír 10(A) d’Acht na dTeangacha 0ifigiúla 2003 (a deineadh leasú ar 2021), tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá mbuiséad bliantúil ar fhograíocht a chaitheamh ar fhógraíocht as Gaeilge sna meáin agus 5% a dhéanamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge.
Ceaptar go bhfuil freagra réasúnta dearfach ón bpobal ar na bhfógraí, tá go leor cáineadh agus ceisteanna tagtha ó chainteoirí Ghaeilge agus iad ag gearán faoin gcaighdeán Ghaeilge agus chomh dothuigthe agus atá an tráchtaireacht i roinnt de na fógraí.
Tugadh chun solais sa taighde, inar deineadh scagadh ar fhreagraí ó 4,800 rannpháirtí i suirbhéanna, gur chuimhin le 57% den phobal fógra a fheiceáil i nGaeilge. Deineadh an taighde i dtrí ghála, ceann i mí Aibreán, ceann eile i Lúnasa agus an tríú ceann i mí Dheireadh Fómhair. Bhí ceisteanna i nGaeilge i suirbhéanna a rinne an comhlacht chéanna sa chéad leath de 2024 agus 2025 ach is é seo an chéad taighde a rinne WPP Media Ireland dírithe ar an bhfógraíocht as Gaeilge.
Thug 70% de na rannpháirtithe le fios go raibh tuiscint mhaith acu ar an bhfógra i nGaeilge agus cuimhne acu é a fheiscint as Béarla agus go raibh 35% den bpobal a thug leo bri an fhogra as Gaeilge gan aon chuimhne acu ar an bhfógra a fheiscint as Béarla,
Tagann an taighde seo sna sála ar thuarascáil i mí Dheireadh Fómhair ó Oifig an Choimisinéara Teanga inar nochtadh gur caitheadh €18.7m ar fhógraiocht phoiblí as Gaeilge – as iomlán de nach mór €95m – i 2024, ardú suntasach ar an €14m a caitheadh ar fhógraíocht Ghaeilge i 2023.
An ceacht atá sa mhéid sin, dar le WPP Media Ireland, ná go bhfuil an fógra as Béarla ina ‘threoir riachtanach’ le go mbeadh duine ábalta teachtaireacht an fhógra as Gaeilge a thabhairt leis nó léi.
Ceacht eile atá á thabhairt ag an gcomhlacht fógraíochta ná go n-aithníonn an pobal nuair a bhaintear feidhm as an nGaeilge i bhfeachtais fhógraíochta gur iarracht ón gcroí atá ann ceangal a dhéanamh le cainteoirí Ghaeilge agus an teanga a chur chun cinn, ní hionann agus comhlíonadh riachtanais reachtúla amháin.
Cuireadh ceist ar na rannpháirtithe cén chúis ar cheap siad go raibh fogróirí ag foilsiú nó ag craoladh fógraí as Gaeilge. Dúirt 41% go raibh siad den tuairim gur iarracht a bhí ann teagmháil go díreach leis an bpobal teanga, dúirt 33% eile gur ar mhaithe leis an scéal a scaipeadh go forleathan ar an bpobal, roinnt Gaeilgeoirí san áireamh, agus dar le 26% ní raibh i gceist ach comhlíonadh an riachtanais reachtúil.
D’aithin Eimear McGrath, Stiúrthóir Taighde WPP Media Ireland, go bhfuil an ghné seo den tionscal an-óg ar fad agus dúirt sí go raibh gá le níos mó comhoibrithe idir scríbhneoirí na leaganacha Béarla agus scríbhneoirí na leaganacha Gaeilge de na bhfógraí. Dúirt sí freisin nárbh eol di an raibh cúrsaí oiliúna ann le h-aghaidh scríbhneoirí na leaganacha Gaeilge d’fhógraí.
“Tugann an dúil seo go mbeadh teagmháil ón gcroí ann idir an fógróir agus an lucht féachana léargas cumhachtach dúinn a chabhróidh linn agus sinn ag forbairt straitéisí don todhchaí,” dúirt McGrath.
Tugann sé leid dúinn go bhfuil an pobal ag amharc ar fhógraíocht Ghaeilge mar rud éigean nós mó ná riachtanas na rialacha a chomhlíonadh ach gur deis é ag brandaí coimitmint cultúrtha níos doimhne a léiriú.
“Tá an tionchas seo ar cheangal ón gcroí, seachas cloí leis na rialacha leo féin, ina thoradh shuntasach do lucht fógraíochta.”
Bunaithe ar an taighde tá an comhlacht den tuairim go bhfuil gá bogadh ón mhúnla reatha – fógraí a aistriú go Gaeilge – go múnla nua, ina mbeadh an leagan Ghaeilge á chruthú as an nua cé go mbeadh sé bunaithe ar an leagan Bhéarla.
Dúirt Paul Enright, stiúrthóir ghnó de chuid Mindshare, branda le WPP Media Ireland, go bhféadfadh an múnla reatha d’aistriúchán díreach bheith mí-éifeachtach agus easnamhach agus go bhféadfadh nach raibh toradh uaidh sin chomh maith is a d’fhéadfadh sé bheith.
Táimid ag feiceáil gur macalla an fhograíocht as Gaeilge seachas go bhfuil a guth féin aige.
“Fiú nuair nach féidir aistriú díreach a sheachaint, tá sé riachtanach go mbainfí an craiceann agus a luach óna éifeachtacht agus tuigimid go bhfuil bealaí éagsúla chun sin a bhaint amach.”
Léiríonn an taighde freisin nach amháin go bhfuil na fógraí as Gaeilge don seirbhís poiblí ag dul i bhfeidhm go dearfach ar an bpobal ach, anuas ar sin, go gcuirfeadh an pobal fáilte freisin roimh fhógraí as Gaeilge nó le Gaeilge ón earnáil phríobháideach.
De réir taighde a rinne WPP Media Ireland anuraidh, bhí 40% a dúirt go bhfailteoidís roimh chomhlachtaí taobh amuigh den earnáil phoiblí bheith ag foilsiú/ag craoladh fógraí as Gaeilge. Nuair a deineadh an taighde céanna sa chéad leath den bhliain seo, bhí an sciar sin tar éis fás go dtí 47% ach de réir an taighde is déanaí, tá an uimhir sin tar éis fás anois go dtí 61%.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say