We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá an tuarascáil seo á fhoilsiú sna sála ar vóta ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra chun go mbeadh an eagras ag gníomhú i dtreo Éirinn Aontaithe ar leas na Gaeilge is na Gaeltachta. Concubhar Ó Liatháin

An Ghaeilge agus an Ghaeltacht 'lárnach in ailtireacht' d'Éirinn aontaithe - tuarascáil nua

Tá tuarascáil nua atá coimisiúnaithe ag Conradh ag moladh go mbunódh Rialtas na hÉireann Tionól Saoránach ar cheist Éire Aontaithe i 2028, 30 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ AN GHAEILGE agus an Ghaeltacht á gcur i láthair mar bhac ar aontú na hÉireann ag údair agus lucht léinn agus ba cheart go mbeadh siad ina gcuid lárnach is dearfach d’ailtireacht stáit nua uile-oileánda, tá sé ráite i dtuarascáil nua a eisíodh inniu in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

De réir na tuarascála, Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge is don Ghaeltacht, a rinne an taighdeoir dochtúireachta san ollscoil, Róisín Nic Liam, agus atá coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge, tá ceist na teanga lárnach i bplé atá faoi sheol ón mBreatimeacht agus mar gheall ar na hathruithe leanúnacha ar dhaonra an Tuaiscirt.

Tagann foilsiú na tuarascála seo sna sála ar Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra nuair a ritheadh rún ag leasú bunreachta an eagrais abhcóideachta teanga le go mbeadh sé mar chuspóir ag an eagras “gníomhú i dtreo Éireann Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Mheall an cinneadh sin roinnt easaontais ag an gcomhdháil i mBéal Feirste mar gur chreid roinnt baill go mbeadh cuspóir polaitiúil mar seo ina bhac ar dhaoine nár thacaigh le haontú na tíre — cainteoirí Gaeilge ón bpobal Aontachtach mar shampla. Ritheadh an rún le móramh mór mar sin féin.

Is é argóint na tuarascála a foilsíodh inniu ná: cé go bhfuil an Ghaeilge “i lár an aonaigh” sa chur agus sa chúiteamh, gur “coitianta i bhfad teanga dhúchais na tíre á plé ar bhonn diúltach ná dearfach go dtí seo, áfach, agus í go minic curtha in iúl ag an aos polaitiúil agus acadúil mar a bheadh ábhar idirbheartaíochta ann d’fhonn buairteanna na nAontachtach a mhaolú.”

“Samhlaítear an Ghaeilge go leanúnach mar a bheadh samhail chonspóideach den Náisiúnachas ann nó mar rian cultúrtha den seanthraidisiún Gaelach dá bharr, seachas mar theanga bheo phobail, ceist cheartais agus seoid náisiúnta a d’fhéadfadh cur le saibhriú sóisialta, cultúrtha agus acadúil an uile dhuine,” deir Nic Liam ina tuarascáil.

“Fágann an fhrámáil dhiúltach réaduchtach chéanna más ea gur ag freagairt go cosantach do dhíospóireachtaí atá claonta in aghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhíonn pobal na teanga sna díospóireachtaí ar Éirinn nua.”

Agus í ag caint ag an seoladh dúirt Nic Liam go raibh an chaint idir lucht léinn agus polaiteoirí sinsearacha ag plé leis an nGaeilge “mar rud go bhféadfaí ísliú céime a thabhairt dó amach anseo, nó mar rud gur gá athmhachnamh a dhéanamh air i gcás aontacht na hÉireann.”

Go deimhin, is minic an Ghaeilge á cur in iúl mar a bheadh cipín idirbheartaíochta nó ábhar siombalach comhghéillte ann sna comhráití céanna.

Sa tuarascáil féin déantar anailís ar an bplé atá déanta ag údair áirithe ar an nGaeilge thar na mblianta, ar an slí atá caite leis an teanga agus leis an nGaeltacht ó thuaidh is ó dheas den teorainn. Tá cuid den argóint ag lonnú na Gaeilge i stair an choilíneachais in Éirinn.

Moltar sa tuarascáil go n-eagróidh Conradh na Gaeilge comhdháil acadúil ar cheist na Gaeilge in Éirinn Aontaithe faoi dheireadh na bliana seo agus go mbeidh ócáidí dírithe ar an téama sin ag an eagras ag imeachtaí rialta ar nós Oireachtas na Samhna.

Faoi dheireadh 2027, tá sé molta go mbunódh Conradh na Gaeilge fóram plé ar Éire Aontaithe do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i bhfoirm ‘caifé machnamhach’. An sprioc a bheadh acu seo ná “feasacht an phobail ar an athrú bunreachtúil agus a nasc le ceist na teanga is na Gaeltachta a ardú, agus d’fhonn rannpháirtíocht dhaonlathach phobal na teanga a chothú i bhfeachtas náisiúnta na haontachta.”

Moltar freisin go seasfadh Conradh na Gaeilge le ceannairí sa tsochaí sibhialta “agus eile i ngort na polaitíochta” le hachainí a dhéanamh ar Rialtas na hÉireann “tús a chur leis an bpleanáil don athrú bunreachtúil, go háirithe mar a bhaineann sé le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta ann.”

Tá údar na tuarascála ag moladh freisin go mbeadh Tionól Saoránach mar chuid den bpleanáil sin agus go mbeadh sé tráthúil dá mbeadh seo ar bun i 2028, tríocha bliain ó Chomhaontú Aoine an Chéasta inar leagadh amach an bealach ina bhféadfaí aontú na tíre a bhaint amach.

Agus é ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go raibh an eagras ag súil go bhfeidhmeoidh an tuarascáil “mar mhórfhoinse spreagtha in athfhrámáil na díospóireachta maidir leis an nGaeilge agus aontacht na tíre, bunaithe ar chearta agus ar mheas.”

“Tá súil againn, sa díospóireacht mhór atá romhainn, gur féidir leis an teanga fís níos ionchuimsithí agus níos forasaí d’Éirinn nua a spreagadh,” dúirt sé. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds