We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí an Taoiseach ag freagrairt ceisteanna ó thuairisceoirí ag deireadh a chuairt ar Champas Íosagáin i mBaile Mhúirne Concubhar Ó Liatháin

An lá a chaith an Taoiseach ag fógairt dea-scéalta is ag seachaint léirsithe i gCorcaigh

Bhí sceideal lán ag an Taoiseach agus é ar ais ina chontae dhúchais agus é ag fógairt oscailt Champas Íosagáin agus síneadh le comhlacht tógála tithe as framaí adhmaid.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

 NÍ RAIBH LÉIRSITHE ar bhóithre na tíre, scuaini fada ag stáisiúin pheitril agus daoine gan a bheith ábalta dul ar obair tuartha don lá a chaith an Taoiseach ag fógairt dea-scéalta i nGaeltacht Mhúscraí ina chontae dhúchais.

Bhí sceideal lán ag Mícheál Martin inniu i gCorcaigh. Ar dtús chuaigh sé go dtí Maigh Chromtha, áit ar bhuail sé isteach i dhá mhonarcha — Danone, an déantóir ábhair bídh, agus Cygnum, comhlacht a thógann frámaí adhmaid do thithe modúlacha.

Tar éis na dhá ócáid sin bhí ar an Taoiseach dul siar go Gaeltacht Mhúscraí, áit a raibh sé ag oscailt Champas Íosagáin, mol fiontraíochta réigiúnda atá lonnaithe i bhfoirgneamh athnuaite Choláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne. Nuair a bhí an scoil chónaithe sin ar oscailt bhí an tráchtaire CLG, Mícheál Ó Muircheartaigh, an t-amhránaí Seán Ó Sé agus an cumadóir Peadar Ó Riada i measc na n-iardhaltaí.

De ghnáth bheadh sé ábalta taisteal go Baile Mhúirne ar an seachbhóthar, an N22, bóthar a d’oscail sé féin i 2022, ach bhí sin dúnta de bharr agóid bhreosla. Mar sin bhí air dul siar ar an seanbhóthar.

I gCampas Íosagáin, bhí slua mór ag fanacht leis, ina measc ionadaithe sinsearacha Údarás na Gaeltachta a bhí ar chúl na forbartha a chosain €10m go dáta, ionadaithe ó Fhiontraíocht Éireann a thacaigh leis an togra freisin mar aon le muintir na háite, iar-scoláirí is múinteoirí is go leor eile nach iad.

Murab ionann agus go leor eile a bhí ar na bóithre inniu, ní raibh an Taoiseach déanach d’aon cheann dá choinní.

Nuair a léim sé amach óna ghluaisteán ag Cygnum — comhlacht a rinne infheistíocht sa bhreis ar €18m chun síneadh a chur leis an monarcha a ligfeadh don fhoireann líon na dtithe a ullmhaíonn siad a dhúbailt ó thart ar 1,400 gach bliain go 2,800 in aghaidh na bliana — ghabh sé leithscéal ar bhealach éadrom leis an dream a bhí ann chun fáilte a chur roimhe as a bheith beagáinín luath.

Bhí go leor daoine sa bhád céanna an lá céanna nó ní raibh daoine cinnte an mbeadh siad ábalta taisteal ar an ngnáthchúrsa ó A go B — agus mar gheall ar sin, is beag duine a bhí díreach in am; bhí daoine a bhí rólua nó déanach.

Agus an Taoiseach ag teacht go dtí Cygnum, bhí baicle beag léirsitheoirí tar éis teacht go dtí geata an eastáit tionscail atá díreach taobh amuigh de Mhaigh Chromtha ach bhí go leor Gardaí ar dualgas ionas nach raibh aon baol go gcuirfí moill air.

Istigh san fhoirgneamh, bhí dea-scéal le fógairt ag an Taoiseach: “Tagann an infheistíocht seo go láidir le tosaíocht an Rialtais cur leis an soláthar tithíochta, tacú le forbairt réigiúnda agus todhchaí níos inbhuanaithe a thógáil d’Éirinn,” dúirt sé.

Cabhróidh an áis nua seo le cumas a mhéadú agus tacóidh sé le soláthar tithe d’ardchaighdeán do phobail ar fud na tíre.

Nuair a thuirling sé ag dóirse Champas Íosagáin, bhí slua mór ag feitheamh chun fáilte a chur roimhe, iad go léir gléasta i gcultacha galánta agus a mbróga snasta.

Agus é ag dul isteach san fhoirgneamh nua athshlánaithe, chuir fear i veist ardghléine stop leis ag rá leis “rud éigin a dhéanamh faoin ndíosal” agus ag cur ina leith go raibh sé ag sodar ar shiúl ó phobal na hÉireann. Níor stop sé leath soicind chun labhairt leis an léirsitheoir a bhí tar éis sleamhnú isteach sa slua.

Camchuairt timpeall an fhoirgnimh agus bhí an Taoiseach — a rugadh agus a tógadh cois Laoi — i ‘Seomra na Laoi’ ar bharr an fhoirgnimh chun óráid a thabhairt ar an mhórócáid seo.

Dúirt sé gur léir ón méid comhpháirtithe a bhí ag tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus iad ag athshlánú an fhoirgnimh — Fiontraíocht Éireann, Ollscoil Chorcaí (UCC), Ollscoil Theicniúil na Mumhan (MTU) agus Comhairle Chontae Chorcaí — an uaillmhian a bhí ag baint leis an togra.

Trí infheistíocht a dhéanamh i mórtionscadail uaillmhianacha straitéiseacha ar nós Champas Íosagáin, is féidir linn ár bpobail tuaithe agus Ghaeltachta a athrú ó bhonn ar fud na hÉireann.

Tar éis roinnt óráidí eile agus grianghrafanna, d’éirigh leis sleamhnú síos staighre chun caint le tuairisceoirí ó na meáin náisiúnta — The Journal ina measc — agus is beag suime a bhí á léiriú sna dea-scéalta a bhí sé ag fógairt. Ábhar amháin a bhí ar bharr gach teanga: na léirsithe.

“Tá brú ar dhaoine, níl aon amhras faoi sin, tá na praghsanna an-ard ar fad toisc an cogadh sa Mheán Oirthear agus tá a fhios againn faoi sin — tá brú ar chomhlachtaí, tá brú ar gach éinne.

Taoiseach and Minister Calleary0000 Ghlac an Taoiseach Mícheál Martin agus Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, sos in éineacht le na ceoltóirí a bhí ag seinnt i gCampas Íosagáin. Kenneth O'Halloran Kenneth O'Halloran

“Bhí pacáiste againn coicís ó shin, an ceann is mó, beagnach, in aon áit ar fud na hEorpa go dtí seo, agus dúramar go mbeimis ag déanamh athmhachnamh ar an scéim sin,” dúirt sé mar fhreagra ar cheist ó The Journal.

“Táimid ag bualadh le heagraíochtaí éagsúla, ag éisteacht leo, ag iarraidh cad níos mó ar féidir linn a dhéanamh chun an brú a ísliú.

“San agóid seo tá meascán ann — sin an deacracht atá againn — cé atá i gceannas, cé tá taobh thiar de.

Tá daoine áirithe ann agus tá siad i ndáiríre go bhfuil brú orthu ach i mo thuairimse tá slite chun déileáil leis na ceisteanna seo; táimid sásta éisteacht le daoine.

Ba léir an frustrachas a bhí ar an Taoiseach agus é ag caint faoi na léirsithe ag cur stop le breosla a bheith á dháileadh ó na calafoirt nó ceimicí chun uisce a ghlanadh teacht as an gcalafort i bhFaing i Luimneach, ach d’fhág sé tuairisceoirí leis an bpríomhtheachtaireacht seo:

“Lean oraibh ag déanamh bhur gcuid oibre ach tá teachtaireacht bhunúsach agam dóibh sin atá ag iarraidh cur isteach ar dhaoine dul ar obair nó dul i mbun gnóthaí an lae — stop den imshuí ar bhóithre nó ar chalafoirt. Níl aon cur i gcoinne agóidí againne; tá daoine i dteideal agóidí a dhéanamh ach is mó ná agóid dhlisteanach é seo — nuair a thosnaíonn tú ag cur bac ar rochtain ar chalafoirt agus scaglannaí ola agus mar sin de.”

Cé go raibh an Taoiseach buíoch as an gcamchuairt dea-scéalta a bhí aige inniu, is léir go bhfuil deireadh seachtaine dúshlánach ag síneadh roimh an Taoiseach agus a chomhghleacaithe Rialtais.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds