We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Craolfar an chéad chlar sa tsraithe, Síle Seoighe agus an saol mar atá, ar an gCéadaoin ar TG4.

Síle Seoige: 'Níl imní ag cur isteach orm an iomarca ach bhí amanntaí i mo shaol go raibh'

Deir an craoltóir go raibh imní uirthí ag amanntaí le linn a saol agus í ag labhairt faoi shraith nua a bheidh sí ag laithriú do TG4.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ SAOL AN lae inniu thar a bheith dúshlánach agus daoine ag streachailt le tógáil clainne, bulaíocht agus imní – ach níl tú i do aonar agus tú ag dul i ngleic le na dúshláin sin. 

Sin an teachtaireacht atá ag croí shraith nua a chuirfear tús leis an tseachtain seo ar TG4 agus an craoltóir aitheanta Síle Seoige ag fiosrú le cairde agus saineolaithe conas atá siad ag dul i ngleic le na dúshláin seo agus an bhfuil bealaí ann chun iad a shárú nó a bhainistiú.

Labhair an laithreoir le The Journal faoin sraith nua, Síle Seoige:An Saol Mar Atá, roimh a chraolfar an chéad chlár den tsraith ar an gCéadaoin beag seo. 

Ar ndóigh tá aithne mhaith ar Shíle de bharr go raibh sí ina laithreoir ar an gclár Hollywood Anocht agus, ina dhiaidh sin, ina laithreoir leanúnachais ar TG4.  D’oibrigh sí le go leor cainéalacha eile freisin, ag tuairisciú do chláracha ar nós Nationwide agus ag comh-láithriú ‘Seoige’ lena deirfiúr Gráinne ar RTÉ. 

 Thosaigh sí ag podchraoladh i 2023, Ready to be Real, ina labhraíonn sé le daoine aitheanta faoin saoil.

Rinne sí clár faisnéise a craoladh ar TG4 cúpla bliain ó shin faoi bhreith anabaí, bhí ana fhreagra ón bpobal faoi.

“Bhi sé sin trom ar ndoigh agus bhí mé ag labhairt faoi mo thaithí féin agus bhí go leor daoine ag caint faoi sin – táim ag ceapadh go bhfuil sé ar cheann des na cláracha is mó a bhionn daoine ag breathnú air ar sheinnteoir TG4.

“Tá mé go fóill ag fáil teachtaireachtaí faoi ón bpobal.”

“Tá muid ag iarraidh a fháil amach cén fáth a bhfuil daoine faoi bhrú,” dúirt sí. “Agus ag rá leo go bhfuil sé nadúrach agus go bhfuil an struchtúr leis an saol mar atá sé an dheacair ar fad.

Tá sé deacair le bheith in ann maireachtáil le bheith firinneach faoi. 

Dúirt sí, áfach, nár theastaigh uaithi ná foireann uilig an chláir go dtógfadh daoine an teachtaireacht uaidh ná raibh aon rud a fhéadfaí a dhéanamh.

Thagair si don slí go raibh na meáin soisíalta ag cur isteach ar shaol an teaghlaigh agus dúirt sí freisin go raibh an chostas a bhain le tógáil clainne i bhfad ró ard. 

“An costas a bhaineann le tógáil clainne agus an costas a bhaineann le mortgáiste a íoc agus an costas ginearálta ar gach rud – caithfidh rudaí athrú, tá sé go dona.”

Síle Seoige lena cairde Veronica, Niamh & Marian  Síle Seoige with friends Veronica, Niamh & Marian Síle Seoige ag caint lena cáirde, Veronica, Niamh agus Marian don clár. TG4 TG4

Thug sí cuairt ar Oslo, príomh chathair na hIorua, áit ar labhair sí le Niamh Ní Bhroin, ollamh atá ag obair san ollscoil sa chathair agus ag tógáil clainne ann.  Dar léi tá an tacaíocht a fhaightear san Iorua i bhfad níos fearr ná in Éirinn agus bíonn deis ag tuismitheoirí, an máthair agus an athair, níos mó ama a chaitheamh sa bhaile lena bpáistí agus tacaíocht á fháil acu ón Stát. 

“Tá daoine ag rá arís agus arís eile go bhfuil brú aisteach orthu, tá siad ag iarraidh a bheith sa mbaile b’fhéidir leis na leanaí, tá siad ag iarraidh a bheith in ann obair a dhéanamh ach ní féidir leob an rud ar fad a dhéanamh,” dúirt sí.

“Caithfidh muid cineál tuiscint níos fearr a bheith againn chomh maith nuair atá muid ag tógáil leanaí óga go háirid.”

Sa dara clár sa tsraith, féachann Síle ar cheist na h-imní agus meabhraíonn sí ar a h-eispearas féin. 

“Ní chuireann imni isteach orm go pearsanta an iomarca ach tá amanntaí ar leith nuair a bhím ag breathnú siar ar mo shaol go raibh imní ag cur isteach orm.

“Tá an tuiscint i bhfad níos fearr a’m anois ar ar an chaoi go raibh mé ag aireachtáil mé féin agus go dhaoiní eile a bhí ag fulaingt sS]a gcaoi go mbeidh muid in ann tacaíocht a thabhairt dá chéile agus go mbeidh an tuiscint sin ann.”

Maidir leis an mbulaíocht, tugann Síle léargas ar an mbealach gur féidir le rud gránna a duirt dúine éigean faoi dhuine eile tionchar fad thréimhseach a bheith ag an ráiteas sin a fhagann duine a fulaingt agus an duine a dúirt an ráiteas tar éis é ligint i ndearúd ar fad. 

“Bhí an clár faoin mbulaíocht ar na cláracha is brónaí uilig a bhí againn mar gheall ar an tionchar atá le feiceáil.

“Tá sé uafásach agus caithfidh muid ar sin go háirid nuair atá muid a’ plé leis na meáin sóisialta agus daoiní óga agus an chaoi go bhfuil sé ag cur isteach orthu.”

‘Féach ar an Astráil, tá sé déanta acu’

Dúirt sí go gcaithfeadh an Rialtas i bhfad níos mó a dhéanamh agus thug sí chun cuimhne go raibh Simon Harris tar éis geallúint a thabhairt go mbeadh sé ag cur cosc de short éigean ar dhaoine óga faoi 16 a bheith ar line agus go raibh a leithéidí sin ag teastáil.

“Tá muid ag breathnú anois ar an Astráil, tá sé déanta acu siúd.”

Tugann sí chun cuimhne freisin a bpáistí féin, páiste amháin atá ocht mbliana agus an ceann eile, ceithre bliana d’aois. 

“Níl aon cheo acub breathnaíonn siad ar an teilifís ach níl aon scáileán acub, níl aon iPads, níl aon cluichí riomhairí acu mar tá siad fíor óg.

“Ach, ar ndóigh, agus mo mhac agus é ag fás aníos, beidh na ceisteanna sin á chur aige orainn ag rá linn, “Tá mé ag iarraidh iPad nó tá  fón ag mo chara. Cén fáth nach bhfuil sé a’msa?

“Nuair atá an lá sin a’inn nuair atá muid ann le fón a thabhairt dhó beidh beidh orainn a bheith ar an eolas faoi.”

Síle Seoige agus Evanne Ní Chuilinn ag caint sa stiúideo podchraoladh Labhair Síle le Evanne Ní Chuilinn dá podchraoladh agus cloisfear cuid den chaint sin le linn 'An Saol Mar Atá' TG4 TG4

Beidh scata aoíanna ag caint le Síle faoina n-eispiris ar na cláracha éagsúla, leithéidí an chraoltóra spóirt is an seanadóir, Evanne Ní Chuilinn, ina measc. 

Dar le Síle, tá ceangal idir na h-ábhair éagsula a raibh faoi chaibidil sa trí chlár; tógáil clainne, imní agus bulaíocht ach go bhfuil si níos dóchasaí anois go bhfuil na cláracha, a ghlac tuairim is ocht mhi le taifead, déanta agus le craoladh. 

Níl a fhios aici cad é an freagra a bheidh ar an sraith is déanaí uaithi, sraith a léirigh Rachel Moriarty, ach níl sí ag cur a thuilleadh cláracha mar ‘An Saol Mar Atá’  as an áireamh. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
6 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds