We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Mary Lou McDonald tar éis freagra láidir a thabhairt ar chaint an Taoisigh i leith aontacht na hÉireann ar 7Lá. Leah Farrell

Mary Lou agus An Taoiseach in adharca a chéile faoina chaint ar aontacht ar TG4

Tá briathar chath tar éis briseadh amach idir an Taoiseach agus ceannaire SF faoin méid a dúirt sí faoi aontacht na hÉireann ar TG4.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ CÁINEADH GÉAR déanta ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar an slí gur rinne an Taoiseach beag d’iarrachtaí a páirtí brú ar son reifrinn d’Éirinn Aontaithe agus é faoi agallamh ar eagrán na seachtaine seo de chlár chúrsaí reatha TG4, 7Lá.

Dar leis an dTeachta McDonald, ní raibh caint Mhícheál Martin ag teacht leis an ‘réaltacht pholatúil trasna an oileáin’ agus dúirt sí gur léirigh a ráiteas ná raibh morán de shubstaint ar chúl an fheachtais ag a páirtí ná raibh an Rialtas sásta ról ceannasach a ghlacadh “ar an gceist bunreachtúil is tábhachtaí sa tír”.

“Is mó ná ‘feachtas’ é aontú na hÉireann, is sprioc daonlathach é atá leagtha síos i gComhaontú Aoine an Chéasta,” dúirt sí.

“Tá a phréamhach aige i dtaithí na ndaoine fud fad an oileáin atá ag éileamh seirbhísí poiblí níos fearr, deiseanna eacnamaíochta, seasmhacht pholatúil agus todhchaí atá saor ó scoilt.

Tá an fhreagracht ar an Rialtas ullmhú d’athrú bhunreachtúil ach tá teipthe ar an Rialtas an dualgas sin a chomhlíonadh.

Le linn an agallaimh ar 7 Lá, thagair an Taoiseach don Togra Oileán Comhroinnte atá tionscnaithe lena linn agus dúirt gurb é an tionscnamh ba thábhachtaí é ó Chomhaontú Aoine an Chéasta chun aontas a chur chun cínn. 

“Caithfimíd daoine a thabhairt le chéile agus, mar shampla, táimíd congarach anois chun an droichead ag Narrow Water a chriochnú,” dúirt sé, ag tagairt don droichead trasna Loch Cairlinn a cheanglaíonn Caol Uisce i gContae an Dhúin agus Oméith i gContae Lú. 

Dar le ceannaire Shinn Féin, áfach, cé go raibh tábhacht le náscanna idir phobail agus le h-athmhuintearas agus go raibh sé dearfach go raibh droichead á thógáil ag Caol Uisce/Narrow Water, níorbh ionann é agus straitéis d’athrú bhunreachtúil.

“Ní leor ócáidí filíochta agus malartaithe chultúrtha mar mhalairt ar ullmhú dháiríre,” dúirt sí.

Cé go bhfuil úsáid i bpáirteanna leis an dTogra Oileáin Chomhroinnte, ní h-ionann é agus plean don aontas – ní thugann sé aghaidh ar na príomh cheisteanna; cúram sláinte, cáin, seirbhísí poiblí, cosaintí cearta agus athrach eacnamaioch. Ní mór pleanáil atá cúramach agus le struchtúr a dhéanamh ar na ceisteanna seo anois, ni ag am éigean nach bhfuil sonraithe tar éis 2030.

Dúirt sí freisin nár ghlac sí go mbeadh sé ‘ró luath’ – mar a mhaígh An Taoiseach – reifreann a bheith ann faoi 2030.

“Tá cosán soiléir is daonlathach i gComhaontú Aoine an Chéasta  – níor cheart d’aon Taoiseach é sin a chur as an áireamh mar nach bhfuil sé áisiúil ó thaobh na polataíochta.”

Dúirt sí go gcaithfeadh comhthoil a bheith ann chun go mbainfí aontacht amach, le módhanna shíochánta agus dhaonlathacha  agus cosaintí ann is dearbhuithe do gach traidisiún.

“Ní hí an cheist an bhfuil substaint ar chúl an aontais, is í an cheist cén fath nach bhfuil an substaint seo á chur ar fáil ag an Rialtas.”

Dúirt sí nach mbeadh a páirtí ar fánúint ar ‘an réchúiseachas teacht suas leis an réaltacht’ fiú mura raibh an Rialtas sásta a aithint go raibh an comhrá mar gheall ar aontas faoi lán sheol ar fud an oileáin.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds