We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is é Luke Carey ó Uibh Fháilí a bhuaigh ceann de na príomh dhuaiseanna sa chomórtas AI a reachtáil Údarás na Gaeltachta. Sa phictiúir freisin tá Tomás Ó Síocháin agus Níamh Ní Dhubhaigh ó Údarás na Gaeltachta Mike Shaughnessy

Torthaí fógartha ar chomórtas chonspóideach an Údaráis faoi intleacht shaorga

Faoi dheireadh tá siad le feiscint – saothair na mbuaiteoirí i gcomórtas AI Údarás na Gaeltachta.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BHÍ MOLADH UAILLMHIANACH le h-aghaidh Gaeltacht comhaimseartha a bheadh suite i sean mhonarca siúcra i gContae Uibh Fháilí mar ábhar ar scannán déanta le h-uirlisí intleachta shaorga a bhuaigh ceann de na mór dhuaiseanna i gcomórtas conspóideach a reáchtáil Údarás na Gaeltachta

Nuair a fógraíodh an chomórtas dar teideal ScéalAÍ ag deireadh na bliana anuraidh, dúirt grúpa ealaíontóirí gur masla a raibh ann don ealaíon.    

Dúirt an grúpa Aerach Aiteach Gaelach ag an am go raibh “pobal na n-ealaíon trí chéile corraithe mar gheall ar an tionchar diúltach atá an intleacht shaorga a imirt ar a gceird”.

An tseachtain seo tháinig deireadh leis an gcomórtas nuair a bhailigh meitheal bheag dhaoine i seomra in Óstán an Chonamara Coast trasna an bhóthair ó cheannaras an Údaráis sna Forbacha.

San iomlán, bhí aon iarratas déag san iomaíocht do shé dhuais i dhá rannóg, trí dhuais do shaothair a léiríodh go h-iomlán le h-uirlisí intléachta shaorga agus trí dhuais do shaothair inar baineadh úsaid as uirlisí intleachta shaorga chun cur le bunshaothar eile. 

Údarás na Gaeltachta / YouTube

B’é Luke Carey, ón dTulach Mhór i gContae Uibh Fháilí, a bhuaigh an príomh dhuais de €1,500 sa chomórtas seo lena shaothar faoin nGaeltacht chomhaimseartha lonnaithe in iar mhonarca siúcra.  

Saothar ag cur síos ar Fhinn Mhic Cumhail ag an stiurthóir theilifíse Oisín Ó Sheartáin ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a bhuaigh an phríomh duais de €1500 sa rannóg eile dos na scannáin ar deineadh go h-iomlán le h-intleacht shaorga. 

Údarás na Gaeltachta / YouTube

Bhí saothar ag Colm Farrell ó Chluainín Uí Ruairc i gContae Liatroma inar inis sé scéal faoi bhean óg a raibh ag tabhairt aire dá seanmhathair. Ag filleadh abhaile di níos déanaí, bhí timpist ag an mbean óg agus í ag tiomáint a carr le linn titim trom sneachta.  Tháinig a sean máthair i gcabhair uirthí. 

Saothar eile a bhuaigh duais ná The Irish Language le hAminafawzy Mohammed.  Bhuaigh an scannán ghairid seo an tríú duais de €500 as scannán a deineadh le cabhair ó roinnt uirlisí intleacht shaorga. 

Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gur cuireadh an comórtas ar bun ‘ar bhonn trialach’ mar iarracht chun an pobal a chuir ar an eolas faoin intleacht shaorgá agus na bealaí go bhféadfaí é a úsáid.

“Ní mór dúinn a bheith cinnte dearfa go bhfuil cur amach ag daoine ar an gcéad dul síos ar na huirlisí nua atá ag teacht chun cinn agus go mbeidh na huirlisí sin ag freastal ar phobal na Gaeilge,” dúirt sé, ag meabhrú go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh an pobal go bhféadfaí na h-uirlisí seo a úsáid trí mheán na Gaeilge.

Bhí Ó Síocháin faoi agallamh ag The Journal agus dúirt sé go raibh an aisínteacht ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht i lár an aonaigh i dtionscal na hintleachta shaorga ar an slí céanna go raibh sí sa tionscal clos amhairc.  

Dar leis go raibh an infheistíocht sin i bhfad ó shin a chur tús leis an timthrial a raibh buaic phointe ann le déanaí nuair a h-ainmníodh An Cailín Ciúin le h-aghaidh Oscar.  Dúirt sé freisin go raibh an Ghaeltacht tar éis cailiúint amach nár infheistíodh níos mó i bhfas an idirlín agus an stóras aipeannaí agus nár mhaith leis go dtarlódh sin maidir le h-intleacht shaorga. 

Bhí caighdeán measctha go maith le tabhairt faoi ndeara sna físeáin a léiríodh don gcomórtas seo a léirigh uaillmhian ach easpa taithí ar na h-uirlisí.  Ba léir freisin go raibh daoine le taithí níos mó ar na h-uirlísí AI ach a raibh ar bheagán Ghaeilge ag cur isteach ar an gcomórtas. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds