We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tuigtear go mbeidh torthaí an tsuirbhé sa reicneáil agus Rialtas na hÉireann ag cumadh straitéis nua don Ghaeilge sna blianta beaga romhainn. Alamy Stock Photo

Móramh ar son na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas, de réir suirbhé nua uile-Éireann

Is mionlaigh fior bheag, 2% ó dheas agus 7% i dTuaisceart Éireann, a deir go bhfuil siad in éadan na Gaeilge, tugtar le fios sa suirbhe nua seo ó Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ MÓRAMH AR son na Gaeilge ó thuaidh is ó dheas, de réir suirbhé nua uile oileánda a foilsíodh inniu – agus tá móramh freisin ag éileamh go ndéanfadh an Rialtas i mBaile Átha Cliath agus an Feidhmeannas Roinnte Cumhachta i mBéal Feirste níos mó chun oideachas trí mheán na Gaeilge. 

De réir an tsuirbhé a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, an institiúid teanga tras teorainn a bunaíodh faoi scath Chomhaontú Aoine an Chéasta, dúirt 78% d’fhreagóirí ar an suirbhé i bPoblacht na hÉireann (PÉ), ardú de 11%, agus 55% den dream a fhreagair i dTuaisceart Éireann (TÉ) den teorainn go ‘dtacaíonn siad leis an Ghaeilge’, suas 10%.

Is iad an chomhlacht Ipsos/B&A i bpáirt le Coláiste na Tríonóide a stiuraigh an tsuirbhé ina raibh 1,498 freagóir páirteach, 1000 ó PÉ agus 498 ó TÉ agus is é an suirbhé is seanbhunaithe ar an oileán ar dhearcthaí an phobail ar leith na Gaeilge, le suirbhéanna á ndéanamh ó 1973 ar aghaidh ó dheas agus ó 2001 ó thuaidh agus ó dheas. 

Tá an tuairisc bunaithe ar shonraí ó shuirbhé ionadaíoch ar an mórscála a rinneadh i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann i samhradh na bliana 2025 agus is é móide nó lúide 4% an iarmháil earráide. 

Trath go bhfuil conspóidí pholatúla faoi chomharthaíocht dhá theangach ó thuaidh agus an mhoill ar straitéis Ghaeilge ón Fheidhmeannas,  is údar spéise é go bhfuil laghdú suntasach ar an bhfreasúra don Ghaeilge i TÉ, síos ó 14% i 2013 go 7% i 2026.    

San áireamh sa laghdú seo ar an gceatadán daoine atá i gcoinne na Gaeilge, thug 23% d’fhreagróirí an tsuirbhé le fios i measc an phobail Protasúnach/Aondachtach/Dílseach (PAD) go raibh siad i gcoinne na Gaeilge, síos ó 28% i 2013. Sa bhliain sin bhí 28% den bpobal PAD a léirigh freasúra don Ghaeilge.

Is neamhshuim i leith na Gaeilge an mothú a thuairiscítear bheith ag 60% de phobal PAD, suas ó 55% i 2013.   Tá laghdú freisin ar an dtaoscán den daonra ó dheas atá in éadan na teanga, síos 10% go 2% idir 2013 agus 2026.

Údar imní dar le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn an ardú ar an líon daoine óga atá gan líofacht sa teanga. 

“Thug 50% de fhreagróirí ó dheas, agus iad ag meas a gcuid Gaeilge féin, le fios gur beag a gcumas nó go bhfuil siad gan chumas sa Ghaeilge, toradh atá ina ábhar imní agus atá 7% níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013,” dúirt sé.

“Léiríonn sé seo gá práinneach leis na torthaí foghlama don Ghaeilge inár scoileanna a fheabhsú.”

Agus é ag seoladh an tsuirbhé, dúirt Dara Calleary, an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta, go mbeadh na torthaí “ina bhfoinse luachmhar freisin agus an chéad straitéis Rialtais eile á forbairt nuair a thiocfaidh deireadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2030″.

Seoladh an tsuirbhé ag ócáid in Ostán Buswells i mBaile Átha Cliath inniu agus beidh ócáid seolta eile ag Stormont i mBéal Feirste ar an nDéardaoin.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds